Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann II
Title
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann II
Author(s)
Ní Thuathaláin, Bríd,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Seisear Fear as Conn- dae Mhuinneacháin ba mhó i Stair na hÉireann. II. Ní gábhadh do dhuine dhul taobh amuigh d'Annalaibh na gCeithre Mhaighistrí nó d'Annálaibh Uladh go bhfeicidh sé gur bh'é Donnchadh Ua Chearbhaill an fear ba chumhachtaighe agus gan sáruightheoir an taoiseach b'uaisle i nÉirinn i n-a am. Le deich mbliadhna agus fiche is é a chuir ríghthe ar Éirinn. Mar a deirtear i mBéarla, bhí an “comhthrom cumhachta” aige idir ríghthe achrannacha agus cúigí achrannacha. B'é an fear amháin é imeasg flaithe na hÉireann i n-a am i n-a raibh muinighin ag na daoinibh go ndéanfadh sé a dhícheall 'un suaimh- neas, ceart, foghluim agus diadhacht a chur 'un cinn, agus bhí sé gan sainnt nó claonadh 'un taoibh ar bith. De'n cheathrar fear i n-a am a d'fhéadfaidhe a chur i gcosamhlacht leis i gcumas, .i. Muircheartach Mac Lochlainn, Árd-Rí Éireann; Ruaidhrí Ua Conchubhair, Rí Chonnacht; Tighearnán Ua Ruairc, Rí Bhreifne, agus Diarmaid Mac Murchadha, Rí Laighean, ní raibh aon fhear aca nach raibh cionntach de thíorántacht agus de fheall-bheart. Níl trácht ar bith go raibh Donnchadh Ua Cearbhaill cionntach de cheachtar de na rudaíbh seo, agus bhí sé comh maith le héinne aca i gcródhacht, i gcríonnacht agus i bhféileacht, agus 'chomhair a bheith comh hárd le héinne aca i gcumas agus i réim. Badh chóir go mbeadh bród ar Mhuineachán agus ar Óirghiallaibh agus ní ortha-san amháin acht ar Éirinn go huile fá dtaobh de. B'fhiú é a tiodal a thug na Ceithre Mhaighistrí dhó, “Tuile órdain agus oireachais tuaisceirt Éireann.” Bheirim an dara háit d'Aodh Mac Mathghamhna, an taoiseach mí-ádhamhail a rinne iarracht ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath a ghabhadh i 1641. D'árduigh an bás leis é sul a raibh am aige mórán maitheasa a dhéanamh. Ní thig linn acht tuairim a thabhairt ar an obair a dhéanfadh sé, acht tá fios cinnte againn gur bh'eisean, diom- bainte de Ruaidhrí Ua Mórdha, b'ughdar do'n “éirghe amach” i n-Ultaibh agus gur shaoil muinntir Éireann roimhe theacht Eoghain Ruaidh gur bh'é Aodh an taoiseach cogaidh do b'fhearr i nÉirinn. Muna mbeadh gur shaoil, ní bheadh sé 'n-a thaoiseach ar an iarracht ba mhó a bhí le déanamh, .i. Caisleán agus Cathair Bhaile Átha Cliath a ghabhadh. B'é an bharamhail choitcheann gur theip sé ar Aodh seo a dhéanamh de bhrígh a chuid neamh-chúraim féin agus mhill seo a cháil go mór. Ní dearbhughadh ar bith againn i dtacaidheacht an chunntais Ghallda fá'n dóigh ar mealladh na Gaedhil, acht amháin cunntas an dá bhitheamhnach úd Parsons agus Borlase. Tá a fhios againn go maith gur tugadh rúnaí na nGaedheal do na Sasanachaibh acht chá chreidimid go bhfuair siad an t-eolas sin ins an dóigh adeir siad. Badh amadán amach 's amach an Mathghamhnach, dá mbeadh sgéal na Sasanach fíor. Ní thiocfadh dó a bheith 'n-a amadán mar b'é an taoiseach do b'fhearr i nUltaibh é ag déanamh iarracht' chum saoirse na tíre d'fhágháil agus an saighdiúr a b'acfuinnighe i nÉirinn ag dul 'un tosaigh ina na háiteachaibh ba bhaoghalaighe, agus ag déanamh a dhíchill leis na Sasanaigh a ruagadh. Ar a chúl sin ar ais tá a fhios againn go raibh na Sasanaigh chomh diabhalta glic sin 's gur mhaith leobhtha cáil agus clú a náimhde do mhilleadh agus go háirithe cáil na dtaoiseach ba fhéidhm- eamhla 's ba cháileamhla. Bhí an beart so úsáideach ar dhá dhóigh do na Sasan- achaibh; thug sé sásamh intinne daobhtha, agus chuir sé droch-uchtach ar a náimhdibh, mar laguigh sé muinighin na nGaedheal i n-a dtaoiseachaibh féin. I n-aice Aoidh Mhic Mhathghamhna cuirim fear eile do'n tsliocht fhlaith- eamhail chéadna, .i. Éibhear Easbog an Chlochair. Ní gábhadh dhomh-sa dadaidh do rádh ar bheatha is ar chlú an fhir seo. Cluinfear tuilleadh ar a thaobh i n-áit eile ag an bhFeis Mhuineacháin seo. Is leor a rádh gur iarr an Pápa ar a fhear ionaid muinighin áirithe a bheith aige as críonnacht agus tír-ghrádh Easbuig an Chlochair i measg easbog na hÉireann, gur chur Rinnucíní an mhuinighin sin ann, agus go bhfaca sé i gcomhnaidhe gur bh'fhiú sin é; gur bh'é an cara ba dílse an comhairleoir do b'fhearr agus an taca a ba láidre ag Eoghan Ruadh Ua Néill é. Dálta a fhir mhuinnteardha Aodh, b'é an gníomh mí-ádhamhail d'Éirinn an gníomh deir- eannach a rinne sé. Acht sin 's uilig bhí sé 'n-a thaoiseach acfuinneach, 'n-a easbog mhaith agus 'n-a thír-ghrádhach fhíor- neamh-eaglach. Gidh gur thaisbeán sé nach raibh sé i n-innmhe sluagh do chur 'un tosaigh i n-aghaidh a náimhde, ní raibh Éireannach ní ba chródha nó ní b'fhíre 'ná é agus is beag an méid aca a bhí ní b'áoirde i réim i n-a am. (Tuilleadh) Bríghid Ní Thuathaláin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services