Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann II

Title
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann II
Author(s)
Ní Thuathaláin, Bríd,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Seisear Fear as Conn-
dae Mhuinneacháin ba mhó i
Stair na hÉireann.



II.



Ní gábhadh do dhuine dhul taobh amuigh
d'Annalaibh na gCeithre Mhaighistrí nó
d'Annálaibh Uladh go bhfeicidh sé gur
bh'é Donnchadh Ua Chearbhaill an fear
ba chumhachtaighe agus gan sáruightheoir an
taoiseach b'uaisle i nÉirinn i n-a am.
Le deich mbliadhna agus fiche is é a chuir
ríghthe ar Éirinn. Mar a deirtear i
mBéarla, bhí an “comhthrom cumhachta”
aige idir ríghthe achrannacha agus cúigí
achrannacha. B'é an fear amháin é
imeasg flaithe na hÉireann i n-a am
i n-a raibh muinighin ag na daoinibh go
ndéanfadh sé a dhícheall 'un suaimh-
neas, ceart, foghluim agus diadhacht a
chur 'un cinn, agus bhí sé gan sainnt nó
claonadh 'un taoibh ar bith. De'n
cheathrar fear i n-a am a d'fhéadfaidhe
a chur i gcosamhlacht leis i gcumas, .i.
Muircheartach Mac Lochlainn, Árd-Rí
Éireann; Ruaidhrí Ua Conchubhair, Rí
Chonnacht; Tighearnán Ua Ruairc, Rí
Bhreifne, agus Diarmaid Mac Murchadha,
Rí Laighean, ní raibh aon fhear aca nach
raibh cionntach de thíorántacht agus de
fheall-bheart. Níl trácht ar bith go
raibh Donnchadh Ua Cearbhaill cionntach
de cheachtar de na rudaíbh seo, agus bhí sé
comh maith le héinne aca i gcródhacht,
i gcríonnacht agus i bhféileacht, agus 'chomhair
a bheith comh hárd le héinne aca i
gcumas agus i réim. Badh chóir go
mbeadh bród ar Mhuineachán agus ar
Óirghiallaibh agus ní ortha-san amháin acht
ar Éirinn go huile fá dtaobh de.
B'fhiú é a tiodal a thug na Ceithre
Mhaighistrí dhó, “Tuile órdain agus
oireachais tuaisceirt Éireann.”



Bheirim an dara háit d'Aodh Mac
Mathghamhna, an taoiseach mí-ádhamhail
a rinne iarracht ar Chaisleán Bhaile
Átha Cliath a ghabhadh i 1641. D'árduigh
an bás leis é sul a raibh am aige
mórán maitheasa a dhéanamh. Ní thig
linn acht tuairim a thabhairt ar an
obair a dhéanfadh sé, acht tá fios
cinnte againn gur bh'eisean, diom-
bainte de Ruaidhrí Ua Mórdha, b'ughdar
do'n “éirghe amach” i n-Ultaibh agus gur
shaoil muinntir Éireann roimhe theacht
Eoghain Ruaidh gur bh'é Aodh an
taoiseach cogaidh do b'fhearr i nÉirinn.
Muna mbeadh gur shaoil, ní bheadh sé
'n-a thaoiseach ar an iarracht ba mhó a
bhí le déanamh, .i. Caisleán agus Cathair
Bhaile Átha Cliath a ghabhadh.



B'é an bharamhail choitcheann gur
theip sé ar Aodh seo a dhéanamh de
bhrígh a chuid neamh-chúraim féin agus mhill
seo a cháil go mór. Ní dearbhughadh
ar bith againn i dtacaidheacht an
chunntais Ghallda fá'n dóigh ar
mealladh na Gaedhil, acht amháin
cunntas an dá bhitheamhnach úd Parsons
agus Borlase. Tá a fhios againn go maith
gur tugadh rúnaí na nGaedheal do na
Sasanachaibh acht chá chreidimid go
bhfuair siad an t-eolas sin ins an
dóigh adeir siad.



Badh amadán amach 's amach an
Mathghamhnach, dá mbeadh sgéal na
Sasanach fíor. Ní thiocfadh dó a bheith
'n-a amadán mar b'é an taoiseach do
b'fhearr i nUltaibh é ag déanamh
iarracht' chum saoirse na tíre d'fhágháil
agus an saighdiúr a b'acfuinnighe i nÉirinn
ag dul 'un tosaigh ina na háiteachaibh
ba bhaoghalaighe, agus ag déanamh a dhíchill
leis na Sasanaigh a ruagadh.



Ar a chúl sin ar ais tá a fhios
againn go raibh na Sasanaigh chomh
diabhalta glic sin 's gur mhaith leobhtha
cáil agus clú a náimhde do mhilleadh agus go
háirithe cáil na dtaoiseach ba fhéidhm-
eamhla 's ba cháileamhla. Bhí an beart
so úsáideach ar dhá dhóigh do na Sasan-
achaibh; thug sé sásamh intinne daobhtha,
agus chuir sé droch-uchtach ar a náimhdibh,
mar laguigh sé muinighin na nGaedheal
i n-a dtaoiseachaibh féin.



I n-aice Aoidh Mhic Mhathghamhna
cuirim fear eile do'n tsliocht fhlaith-
eamhail chéadna, .i. Éibhear Easbog an
Chlochair. Ní gábhadh dhomh-sa dadaidh
do rádh ar bheatha is ar chlú an fhir seo.
Cluinfear tuilleadh ar a thaobh i n-áit
eile ag an bhFeis Mhuineacháin seo. Is
leor a rádh gur iarr an Pápa ar a
fhear ionaid muinighin áirithe a bheith
aige as críonnacht agus tír-ghrádh Easbuig
an Chlochair i measg easbog na
hÉireann, gur chur Rinnucíní an
mhuinighin sin ann, agus go bhfaca sé i
gcomhnaidhe gur bh'fhiú sin é; gur bh'é
an cara ba dílse an comhairleoir do
b'fhearr agus an taca a ba láidre ag
Eoghan Ruadh Ua Néill é. Dálta a
fhir mhuinnteardha Aodh, b'é an gníomh
mí-ádhamhail d'Éirinn an gníomh deir-
eannach a rinne sé. Acht sin 's uilig
bhí sé 'n-a thaoiseach acfuinneach, 'n-a
easbog mhaith agus 'n-a thír-ghrádhach fhíor-
neamh-eaglach. Gidh gur thaisbeán sé
nach raibh sé i n-innmhe sluagh do chur
'un tosaigh i n-aghaidh a náimhde, ní
raibh Éireannach ní ba chródha nó ní
b'fhíre 'ná é agus is beag an méid aca a
bhí ní b'áoirde i réim i n-a am.



(Tuilleadh)



Bríghid Ní Thuathaláin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services