Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - Mo Threighid, Mo Dhochar
Title
Guth na mBárd - Mo Threighid, Mo Dhochar
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd. Mo Threighid, Mo Dhochar. Ar bhás Thomáis Uí Mhurchadha, do fuair bás i Marseilles san bhFrainnc, an cúigeadh lá d'Aibreán, 1906, is é ag teacht ó'n Éigipt mar a raibh ar cuaird a d'iarraidh sláinte. Mo threighid, mo dhochar, an saighead so im' cholainn Tug tinn le golfhairt um Cháisc mé, Plúr na seabhac ba dhlúithe seasamh, Is b'úire meanma is cáil ghlan, I gcéin ó bhaile gan ghaolta in' aice Ná aon do shnadhmfadh a bhláth-ruisc, I dtaomaibh galair fé spéartha taithnimh Gur thraoch an bradaire an bás é. A Éire, a chaithis, mo léan a gcaillir Gach rae dhá dtagann det' bhláth- thruip, Is baothlaigh bhladair go saoghlach seascair I gcéimibh ceannus 's i bhfagháltas. Níor éag ót' chathaibh le tréimhse fhada Aon aon do b'fhearra ná b'áilne 'Ná Tomás tapaidh fulláin fairsing, De'n fhuil bhreágh cheap na Rátha. Gaedheal gan dochma, Gaedhael gan doicheall, Gaedheal nár chrosta 'n-a ráidhtibh; Gaedheal gan chealg, Gaedheal gan mhairg, Gaedheal gan chamadh, gan spleadh- chas; Séimhfear greanta, ba néata pearsa, Do dhéanfadh taca do bhráthair — Is colúr do tharraing ó'n dtrúip thug a ainm, 'S a chlú do Charraig na Sáir-Fhear. A thréithe mholadh níor dhéanta d'Ollamh — Níor mhéinn leis fothrom fá bhirt; Na créachta cneasuigh 's na glaodh- anna d'fhreagair, Ag Réx geal Pharrathais tá's soin; Bhí séantach, socharach, saothrach, soillbhir, Déarcach, duineata, deághthach; 'S is líonnmhar caraid a chaoineadh i ganfhios, Fé íoghair an tailimh ó ráinig. I gcré Dhún Bolg, mo chréachtnughadh doiligh, Aon-chú chosnaimh na beárnan! In' óige scaitheadh, is Fódla in' easbhaidh — Níor bh'fhólta raideadh sé páirt di, A Chaemh-mhic bheannuighthe Dé na bhFlaitheas, Ar ghéar-chruis cheannuigh ár slánadh, Treoruigh anam geal-leoghain na gcarad, Go deo fét' bhrataigh i ngáirdeas. An feart-laoi. Tá i gciméad tíos fén líg seo, o gcodladh dlúth-sháithte, Tomás, saoi de phríomh-fhuil Mhurchadha mhánla, A bhuinneáin ghroidhe san tslighe seo thogair siubhal, áilim Do'n leanná fí'n lic sínte sochar bhur nÁbhe. Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services