Guth na mBárd.
Mo Threighid, Mo Dhochar.
Ar bhás Thomáis Uí Mhurchadha, do fuair
bás i Marseilles san bhFrainnc, an
cúigeadh lá d'Aibreán, 1906, is é
ag teacht ó'n Éigipt mar a raibh ar
cuaird a d'iarraidh sláinte.
Mo threighid, mo dhochar, an saighead
so im' cholainn
Tug tinn le golfhairt um Cháisc mé,
Plúr na seabhac ba dhlúithe seasamh,
Is b'úire meanma is cáil ghlan,
I gcéin ó bhaile gan ghaolta in' aice
Ná aon do shnadhmfadh a bhláth-ruisc,
I dtaomaibh galair fé spéartha taithnimh
Gur thraoch an bradaire an bás é.
A Éire, a chaithis, mo léan a gcaillir
Gach rae dhá dtagann det' bhláth-
thruip,
Is baothlaigh bhladair go saoghlach
seascair
I gcéimibh ceannus 's i bhfagháltas.
Níor éag ót' chathaibh le tréimhse fhada
Aon aon do b'fhearra ná b'áilne
'Ná Tomás tapaidh fulláin fairsing,
De'n fhuil bhreágh cheap na Rátha.
Gaedheal gan dochma, Gaedhael gan
doicheall,
Gaedheal nár chrosta 'n-a ráidhtibh;
Gaedheal gan chealg, Gaedheal gan
mhairg,
Gaedheal gan chamadh, gan spleadh-
chas;
Séimhfear greanta, ba néata pearsa,
Do dhéanfadh taca do bhráthair —
Is colúr do tharraing ó'n dtrúip thug
a ainm,
'S a chlú do Charraig na Sáir-Fhear.
A thréithe mholadh níor dhéanta
d'Ollamh —
Níor mhéinn leis fothrom fá bhirt;
Na créachta cneasuigh 's na glaodh-
anna d'fhreagair,
Ag Réx geal Pharrathais tá's soin;
Bhí séantach, socharach, saothrach, soillbhir,
Déarcach, duineata, deághthach;
'S is líonnmhar caraid a chaoineadh i
ganfhios,
Fé íoghair an tailimh ó ráinig.
I gcré Dhún Bolg, mo chréachtnughadh
doiligh,
Aon-chú chosnaimh na beárnan!
In' óige scaitheadh, is Fódla in'
easbhaidh —
Níor bh'fhólta raideadh sé páirt di,
A Chaemh-mhic bheannuighthe Dé na
bhFlaitheas,
Ar ghéar-chruis cheannuigh ár slánadh,
Treoruigh anam geal-leoghain na
gcarad,
Go deo fét' bhrataigh i ngáirdeas.
An feart-laoi.
Tá i gciméad tíos fén líg seo, o
gcodladh dlúth-sháithte,
Tomás, saoi de phríomh-fhuil Mhurchadha
mhánla,
A bhuinneáin ghroidhe san tslighe seo
thogair siubhal, áilim
Do'n leanná fí'n lic sínte sochar
bhur nÁbhe.
Tórna.