Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bruidhean Chéise Chorainn II
Title
Bruidhean Chéise Chorainn II
Author(s)
Ní Eadhra, Máire,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bruidhean Chéise Chorainn. (sean-sgéal) II. Is annsin do chuir an inghean ba sine a lámh timcheall Ghuill a fhad do bhí sé ag baint a gceann agus a gcoiméad beathadh do'n bheirt eile. Do thionntuigh Goll léithi dá haindeoin agus chuir a dhá lámh fhada i n-a timcheall- sa go dtugadar caraidheacht chródha ghlac-láidir dá chéile ar feadh na huaire sin agus go dtug Goll aon chor curata calma amháin do'n chailligh agus gur threasgair ar lár agus ar lán-talamh í. Cheangail sé go daingean do- sgaoilte le iallachaibh sgéithe í agus nocht a chlaidheamh le n-a cosgairt agus a cnámh-ghearradh acht dubhairt sí: — “A laoich nár leoineadh ariamh agus nár loic i gcath ná i gcomhlann, cuirim mo chorp agus m'anam ar chomairce do ghoile agus do ghaisge. B'fhearr Fionn agus an Fhiann duit go hiomlán gan fuil ar aon-neach dhíobh agus leigim faoi na déithibh a ádhraim go gcomhlíonfadh duit a n-abruighim.” Is annsin do sgaoil sé an ceangal do'n chailligh agus chuaidh siad rómpa go dtí an cnoc a raibh an Fhiann ceang- ailte agus Fionn i n-a gcuideachta. “Sgaoiltear d'Fheargus Finn-bhéil,” arsa Goll, “agus d'aos ealadhan na Féinne ar dtús.” “Agus sgaoiltear d'Fhionn agus d'Oisín agus do naoi macaibh fichead Mhórna agus do'n Fhéinn go coitcheann o shoin amach.” Do sgaoil an chailleach dhíobh amhlaidh sin. D'éirigh an Fhiann go hobann amach as an uaimh in' éis sin agus do shuidh siad le taobh na tulcha. D'fhéach Feargus Finn-bhéil, file na bhFiann, ar Gholl agus ghabh dá mholadh faoi'n ghníomh do rinne sé. Níorbh' fhada dhóibh mar sin go bhfaca- dar chuca an duine aisteach droch-chumtha agus an t-arrachtach éigcéillidhe, .i. sean- chailleach cnaptha stronctha ruicneach risíneach go rachadh mion-ubhall nó mór-áirne i n-achrann i ngach ribe de na malaíbh garbha ghlas-liatha do bhí uirthi; súile silteacha sramacha ar lasadh i n-a ceann; srón mhór ghrom ghlais- leathan os cionn a béil dhuibh dhroch- dhealbhaigh, agus fiacla gránda míofara congalta i n-a craos-bhéal; lámha caola cruadh-chuisleannacha agus iongain fhada fíor-nimhneach uirthi; liúrach daingean do-bhriste uirthi; claidheamh clais-leathan colg-dhíreach le n-a sliasaid agus sgiath mhór mhíleadhta ar a dhruim aici. Tháinig sí i láthair Fhinn faoi'n chuma sin agus do chuir faoi gheasaibh é a sáith de chomhrac éin-fhir do thabhairt di. “Éirigh, a mhic,” arsa Fionn le Oisín, “agus cosg dhúinn an chailleach úd.” “Ní thig liom,” arsa Oisín, “l'éis a bhfuair mé d'olc agus de mhasladh ó na cailleachaibh cheana. Is í seo Iarnan Ní Chonaráin ag tigheacht le n-a deirbh- shiúracha a dhíoghailt.” Agus is amhlaidh d'eitigh Oisín agus Osgar agus Conán agus Diarmaid Ó Duibhne agus maithe na Féinne comhrac na caill- ighe do dhéanamh gur dhubhairt Fionn go rachadh sé féin do chomhrac léithi. Is ansin adubhairt Goll mac Mórna: “A Fhinn,” ar seisean, “ní fheileann duit comhrac caillighe, agus rachad féin do chomhrac léithi, óir ‘Is ann dearbh- uigheann an cara an uair is mó a easbhaidh.’” Is annsin d'éirigh Goll go ndeachaidh sé i n-aircis na caillighe. Rinne sé comhrac mear meanmnach míleadhta mórdhálach gan fios faitchís ná eagla ag ceachtar aca ar a chéile. Acht cibé sgéal é, chuir Goll a lámh i gcuibhreach a sgéithe agus thug a cholg nimhneach amach go dtug urchar dhi gan caime gan claonadh gur chuir sé thrí n-a sgéith agus thrí chroidhe na caillighe go dtí an taobh thall é. Is amhlaidh fuair an chailleach bás ar an láthair sin. Chuaidh Goll go dtí Céis an Chorainn i n-éis inghean Chonaráin mhic Imideil a mharbhadh agus rinne an bhruidhean a dhóghadh agus thug na huile mhaitheasa fuair sé innti d'Fhiannaibh Éireann. Thug Fionn in' éis sin a inghean do Gholl, .i. Caemh chnéis-gheal, agus is í do rug an mac oirdhearc dhó .i. Fed mac Guill mic Mórna, agus do marbadh leis an bhFéinn é i gcionn a sheacht mbliadhain déag ar an ráith chéadna. Máire ní Eadhra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services