Bruidhean Chéise Chorainn.
(sean-sgéal)
II.
Is annsin do chuir an inghean ba
sine a lámh timcheall Ghuill a fhad do
bhí sé ag baint a gceann agus a gcoiméad
beathadh do'n bheirt eile. Do
thionntuigh Goll léithi dá haindeoin agus
chuir a dhá lámh fhada i n-a timcheall-
sa go dtugadar caraidheacht chródha
ghlac-láidir dá chéile ar feadh na
huaire sin agus go dtug Goll aon chor
curata calma amháin do'n chailligh agus
gur threasgair ar lár agus ar lán-talamh
í. Cheangail sé go daingean do-
sgaoilte le iallachaibh sgéithe í agus nocht
a chlaidheamh le n-a cosgairt agus a
cnámh-ghearradh acht dubhairt sí: —
“A laoich nár leoineadh ariamh agus
nár loic i gcath ná i gcomhlann, cuirim
mo chorp agus m'anam ar chomairce do
ghoile agus do ghaisge. B'fhearr Fionn
agus an Fhiann duit go hiomlán gan fuil
ar aon-neach dhíobh agus leigim faoi na
déithibh a ádhraim go gcomhlíonfadh
duit a n-abruighim.”
Is annsin do sgaoil sé an ceangal
do'n chailligh agus chuaidh siad rómpa go
dtí an cnoc a raibh an Fhiann ceang-
ailte agus Fionn i n-a gcuideachta.
“Sgaoiltear d'Fheargus Finn-bhéil,”
arsa Goll, “agus d'aos ealadhan na
Féinne ar dtús.”
“Agus sgaoiltear d'Fhionn agus d'Oisín
agus do naoi macaibh fichead Mhórna agus do'n
Fhéinn go coitcheann o shoin amach.”
Do sgaoil an chailleach dhíobh amhlaidh
sin. D'éirigh an Fhiann go hobann
amach as an uaimh in' éis sin agus do shuidh
siad le taobh na tulcha. D'fhéach
Feargus Finn-bhéil, file na bhFiann, ar
Gholl agus ghabh dá mholadh faoi'n ghníomh
do rinne sé.
Níorbh' fhada dhóibh mar sin go bhfaca-
dar chuca an duine aisteach droch-chumtha
agus an t-arrachtach éigcéillidhe, .i. sean-
chailleach cnaptha stronctha ruicneach
risíneach go rachadh mion-ubhall nó
mór-áirne i n-achrann i ngach ribe de
na malaíbh garbha ghlas-liatha do bhí
uirthi; súile silteacha sramacha ar lasadh
i n-a ceann; srón mhór ghrom ghlais-
leathan os cionn a béil dhuibh dhroch-
dhealbhaigh, agus fiacla gránda míofara
congalta i n-a craos-bhéal; lámha
caola cruadh-chuisleannacha agus iongain
fhada fíor-nimhneach uirthi; liúrach
daingean do-bhriste uirthi; claidheamh
clais-leathan colg-dhíreach le n-a
sliasaid agus sgiath mhór mhíleadhta ar a
dhruim aici.
Tháinig sí i láthair Fhinn faoi'n chuma
sin agus do chuir faoi gheasaibh é a sáith
de chomhrac éin-fhir do thabhairt di.
“Éirigh, a mhic,” arsa Fionn le
Oisín, “agus cosg dhúinn an chailleach
úd.”
“Ní thig liom,” arsa Oisín, “l'éis
a bhfuair mé d'olc agus de mhasladh ó na
cailleachaibh cheana. Is í seo Iarnan
Ní Chonaráin ag tigheacht le n-a deirbh-
shiúracha a dhíoghailt.”
Agus is amhlaidh d'eitigh Oisín agus
Osgar agus Conán agus Diarmaid Ó Duibhne
agus maithe na Féinne comhrac na caill-
ighe do dhéanamh gur dhubhairt Fionn
go rachadh sé féin do chomhrac léithi.
Is ansin adubhairt Goll mac Mórna:
“A Fhinn,” ar seisean, “ní fheileann
duit comhrac caillighe, agus rachad féin
do chomhrac léithi, óir ‘Is ann dearbh-
uigheann an cara an uair is mó a
easbhaidh.’”
Is annsin d'éirigh Goll go ndeachaidh
sé i n-aircis na caillighe. Rinne sé
comhrac mear meanmnach míleadhta
mórdhálach gan fios faitchís ná eagla
ag ceachtar aca ar a chéile. Acht cibé
sgéal é, chuir Goll a lámh i gcuibhreach
a sgéithe agus thug a cholg nimhneach amach
go dtug urchar dhi gan caime gan
claonadh gur chuir sé thrí n-a sgéith agus
thrí chroidhe na caillighe go dtí an
taobh thall é. Is amhlaidh fuair an
chailleach bás ar an láthair sin.
Chuaidh Goll go dtí Céis an Chorainn
i n-éis inghean Chonaráin mhic Imideil
a mharbhadh agus rinne an bhruidhean a
dhóghadh agus thug na huile mhaitheasa fuair
sé innti d'Fhiannaibh Éireann. Thug
Fionn in' éis sin a inghean do Gholl,
.i. Caemh chnéis-gheal, agus is í do rug an
mac oirdhearc dhó .i. Fed mac Guill
mic Mórna, agus do marbadh leis an
bhFéinn é i gcionn a sheacht mbliadhain
déag ar an ráith chéadna.
Máire ní Eadhra.