Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nua-Litridheacht
Title
Nua-Litridheacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Bealtaine 19, 1906. Nua-Litridheacht Chímid gur sgríobh cailín áirithe gan ainm go dtí ár gcara an “Gaedheal Tuaithe” — mar thugann an “Irish Peasant” air fhéin i nGaedhilg — ag gearán fá nach bhfuil úr-sgéalta ag baint leis na ngrádh ag teacht chug- ainn i nGaedhilg. Is dócha gurab é an fáth nach chugainn-ne do sgaoil sí a litir, í bheith i n-amhras nach dtiubh- raimís aon áird ar a glór, “mar,” ars' ise léi féin, “cia an bhaint atá ag fear claidhimh le cúrsaíbh grádha nó cia an tuigsint atá aige ionnta? I ‘ngleo na gcath’ is mó atá a spéis-sean.” Bíodh soin mar atá, chítear dúinn go bhfuil a lán bríghe i ngearán an cháilín tuigseanaigh seo, cibé i nÉirinn í féin. Gan amhras tá sgéalta ag baint leis an ngrádh i n-easnamh orainn. Nó b'fhearr linn a rádh go bhfuil sgéalta ag baint le gnáth- shaoghal an lae indiu i n-easnamh orainn; agus dár ndóigh, cuid de ghnáth- shaoghal an lae indiu an grádh agus an crádh, an sólas agus an dólas, an sonas agus an donas. Is ait í nua-litridheacht na nGaedheal. Ag léigheamh na n-amhrán duit, cheapfá nach raibh dúil ag lucht a gcumtha i n-aon nídh acht i mnáibh agus i n-ól; ag léigheamh na n-úr-sgéal agus na ndráma duit, an méid díobh atá againn, cheapfá gur do bheithidheachaibh agus do chearcaibh agus do fhataíbh bhí túsa onóra ag dul i measg Gaedheal na haimsire seo. Ní mar sin atá, do réir mar chítear dúinne. Is iomdha smaoineadh uasal, is iomdha mian mórdha i gcroidhe gnáth-Ghaedhil na tuaithe agus na cathrach; tá grádh aige do chnocaibh agus do ghleanntaibh, do lochaibh agus do linntibh a thíre dúthchais; tá gean aige do mhnáibh agus do pháistíbh; tá spéis aige i gceol, i sgéalaidheacht, agus i seanchus; tá dóchas aige go n-éireochaidh Éire 'n a cumhacht arís; tá rún aige buille do bhualadh i gcath ar son Éireann. Cad chuige nach nochtthar na smaointe árd-aigeantacha agus na miana mórdhálacha so ins na leabhraibh atá ag teacht chugainn? Bogaimís amach ó'n gcarn aoiligh agus ó'n gcruaich móna; caithmís uainn salchar na hotrainne, déanaimís iarr- acht ar anam agus ar intinn Ghaedheal do chur i dtuigsint dá chéile agus do'n domhan mór.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services