Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Litridheacht

Title
Nua-Litridheacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Bealtaine 19, 1906.



Nua-Litridheacht



Chímid gur sgríobh cailín áirithe gan
ainm go dtí ár gcara an “Gaedheal
Tuaithe” — mar thugann an “Irish
Peasant” air fhéin i nGaedhilg — ag
gearán fá nach bhfuil úr-sgéalta ag
baint leis na ngrádh ag teacht chug-
ainn i nGaedhilg. Is dócha gurab é
an fáth nach chugainn-ne do sgaoil sí a
litir, í bheith i n-amhras nach dtiubh-
raimís aon áird ar a glór, “mar,”
ars' ise léi féin, “cia an bhaint atá
ag fear claidhimh le cúrsaíbh grádha nó
cia an tuigsint atá aige ionnta?
I ‘ngleo na gcath’ is mó atá a
spéis-sean.”



Bíodh soin mar atá, chítear dúinn
go bhfuil a lán bríghe i ngearán an
cháilín tuigseanaigh seo, cibé i nÉirinn
í féin. Gan amhras tá sgéalta ag
baint leis an ngrádh i n-easnamh
orainn. Nó b'fhearr linn a rádh go
bhfuil sgéalta ag baint le gnáth-
shaoghal an lae indiu i n-easnamh
orainn; agus dár ndóigh, cuid de ghnáth-
shaoghal an lae indiu an grádh agus an
crádh, an sólas agus an dólas, an sonas
agus an donas. Is ait í nua-litridheacht
na nGaedheal. Ag léigheamh na n-amhrán
duit, cheapfá nach raibh dúil ag lucht a
gcumtha i n-aon nídh acht i mnáibh agus i
n-ól; ag léigheamh na n-úr-sgéal agus
na ndráma duit, an méid díobh atá
againn, cheapfá gur do bheithidheachaibh agus
do chearcaibh agus do fhataíbh bhí túsa onóra
ag dul i measg Gaedheal na haimsire
seo. Ní mar sin atá, do réir mar
chítear dúinne. Is iomdha smaoineadh
uasal, is iomdha mian mórdha i gcroidhe
gnáth-Ghaedhil na tuaithe agus na cathrach;
tá grádh aige do chnocaibh agus do
ghleanntaibh, do lochaibh agus do linntibh a
thíre dúthchais; tá gean aige do mhnáibh
agus do pháistíbh; tá spéis aige i gceol,
i sgéalaidheacht, agus i seanchus; tá dóchas
aige go n-éireochaidh Éire 'n a cumhacht
arís; tá rún aige buille do bhualadh i
gcath ar son Éireann. Cad chuige nach
nochtthar na smaointe árd-aigeantacha
agus na miana mórdhálacha so ins na
leabhraibh atá ag teacht chugainn?



Bogaimís amach ó'n gcarn aoiligh agus
ó'n gcruaich móna; caithmís uainn
salchar na hotrainne, déanaimís iarr-
acht ar anam agus ar intinn Ghaedheal
do chur i dtuigsint dá chéile agus do'n
domhan mór.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services