Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann
Title
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann
Author(s)
Ní Thuathaláin, Bríd,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Seisear Fear as Conn- dae Mhuinneacháin ba mhó i Stair na hÉireann. I. Ó'n am a tháinic mic Mhíleadh go hÉirinn ba áit Conndae Mhuineacháin i n-a raibh mórán de fhearaibh móra agus áit i n-a dtearnadh mórán gníomhartha móra. Tá sé cuirthe síos ag na Ceithre Mhaighistríbh gur ceann de na gníomharthaibh ba mhó a rinneadh ins an chéad bhliadhain i ndiaidh teacht na nGaedheal “Cumhdach Dúine Náir i Sliabh Modhairn la Goisten.” Ní gábhadh a rádh gur b'é Sliabh Modhairn na cnoca atá i gCrích Modhairn agus gur b'é Beann an Ime an mullach.
Ar feadh na seacht gcéad bliadhain a riaghluigh Clann Rudhraighe Ulaidh ó Eamhain ba cuid mhór de thaoiseachaibh an tsleachta ghaisgeamhail sin fir Chonndae Mhuineacháin. Do réir sgríbhneoirí éigin, ba as an taobh thuaidh de Chrích Rois Fachtna Fáthach a bhí 'n-a Árd-Rígh i nÉirinn ins an am a raibh Iúl Caesar ag riaghlughadh ins an Róimh. Is fiú cur síos go bhfuil an t-ainm Fachtna beo bíodhgamhail i gConndae Mhuineacháin go dtí an lá so faoi'n chuma Fadna. Tamall gearr 'n-a dhiaidh seo rugadh fear ní ba chlúthamhla i gConndae Muineacháin, .i. Conchubhar mac Neasa. Nuair a pósadh Neas inghean Eochadh Sál-Bhuidhe Ríogh Uladh agus Cathbhadh an tÁrd-Dhraoi as an taobh theas d'Ul- taibh, thug a h-athair di mar áit chomh- naidhthe Rath Chathbhaidh ag taobh abhna Chonchubhair. Go hádhmhail níl amhras ar bith go bhfuil an abhainn seo le feicealt go fóill. Innstear dúinn i dTochmarc Éimhire gur b'í seo an abhainn a théidh isteach i n-abhainn eile i gcoill Bhaidhbhe. I ndiaidh dá mhíle bliadhain a dhul thart, agus gidh gur dhóbair do theangaidh na nGaedheal a bheith caillte ins an dúithche, leanann ainm an bhan-Dé do'n áit go seadh. Tá baile ann go fóill agus is “Fíodh Bhaidhbhe” is ainm dó, acht ins an Bhéarla is Feahoe é; Béal Átha Bhaidhbhe ainm an bhealaigh idir Conndae na Midhe agus Conndae Mhuineacháin agus an loch ag n-a thaobh. “Loch Feadha” is ainm do loch eile dhá mhíle ó'n áit seo agus tá móin ins an chomhursanacht darab ainm “Móin Bhaidhbhe.” Is iongantach go leor agus is fíor go gcuimhnuigheann an Bhadhbh í féin thart fá na lochannaibh seo sa ngeimhreadh. D'innis áitightheoir damh féin nár chrothnuigh sé an Bhadhbh ó Loch Ráthain acht aon gheimhreadh amháin, gidh gur annamh a chídhtear an t-éan ins an tsamhradh. Ba as Machaire Cluana, sin nó as Machaire Rois, Conchubhar mac Neasa agus a thriúr deirbhshiúra, .i. Dechtire, máthair Chúchulainn, Áilbhe, máthair mhac Uisnigh, agus Fionnchaomh máthair Chonaill Chearnaigh. Ba d'fhearaibh Mhuineacháin beirt eile de ghaiscidheachaibh móra na Craoibhe Ruaidhe — Eoghan mac Dúth- rachta, Rí Fhearnmhuighe, agus Muinreamhar mac Gearrchinn as Modhairn. Gidh nach bhfuil fonn orm a dhul thar ainmneachaibh Chlainne Rudhraighe gan trácht a dhéanamh ortha, ní chuirim síos iad imeasg an tseisir fear ar a bhfuilim ag sgríobhadh ins an aiste seo, óir ins na sgéaltaibh a thigeas anuas chugainn tá úir-sgéal agus fíor- sheanchus tré n-a chéile chomh mór nach bhfuil an talamh daingean faoi n-ár gcosaibh i n-áit ar bith. Ar an ádhbhar chéadna, ní thráchtfam ar Dhonn Bó (mac baintreabhaighe d'fhearaibh Rois), an ceoltóir a b'fhearr agus ba bhinne, an sgéalaidhe a b'fhearr, an marcach a b'fhearr, agus an t-óig-fhear a ba mhó meas agus ba dílse i nÉirinn i n-a am. I ndiaidh milleadh Eamhain chomhnuigh sliocht na dtrí gColla i gConndae Mhuineacháin agus is uatha a shíolruigh fur- mhór na ndaoine atá i gConndae Mhuineacháin ins an am atá i láthair. Ó am na gColla go dtí an dara haois déag gan amhras ar bith rugadh mórán ríghthe laochraidhe, naomh, filí, agus fir fhoghlumtha i gConndae Mhuin- eacháin; acht annso ar ais támuid i n-achrann eile, mar nach féidir linn áit chomhnaidhthe agus talamh mhuinntire Óirghiall a thaisbeaint go cruinn. I n-aimsir Phádraig chímid Dáire 'n-a rígh i nÁrd Mhacha. Aois níos maille, bhí an dún ríoghda i gClochar Mhac Daimhín. Tamall gearr 'n-a dhiaidh sin, bhí Eochaidh, sean-athair Thighearnaigh Naomhtha, 'n-a chomhnaidhe i ndún mhór Cluana Eois, agus níos maille ar ais bhí ríghthe Óirghiall 'n-a gcomhnaidhe i gCais- leán Mhanainn i nDomhnach Mhaighin. Ó dheireadh a haonmhadh aois déag chímid go raibh Clann Chearbhaill 'n-a dtaoiseachaibh i bhFearnmhuigh, agus ins an tríomhadh deichneabhar de'n dara haois déag rinneadh Rí Óirghiall de Dhonn- chadh Ua Cearbhaill, an fear a b'fhearr de'n teaghlach sin. 'Sé an talamh a bhí ag Clann Chearbhaill an taobh thoir de pharáiste Dhomhnach Mhaighin, agus gheibheann sé an dá ainm, .i. Domhnach Mhaighin agus Clann Chearbhaill i n-éinfheacht i sgríbh- níbh na hEaglaise comh luath leis an seiseadh haois déag. 1 — Níl amhras ar bith nárbh' fear as Conndae Mhuineacháin Donnchadh Ua Cearbhaill agus leis-sean a chuirim tús ar mo sheisear. Ní gábhadh damh a bheatha a chur síos annso. Ní shílim- se gur b'é sin an dóigh is fearr le labhairt ar na fearaibh ar a bhfuil mé ag trácht ins an aiste seo. Ar an ádhbhar sin ní chuirfidh mé síos na bliadhanta i n-a rugadh iad nó i n-a bhfuair siad bás, ná mná a phós siad nó caidé an chlann a bhí aca. Shílim gur b'fhearr do pháipéar mar seo iarracht a dhéanamh air a thaisbeaint goidé an chumhacht a bhí ag na fearaibh seo ar mhuinntir na hÉireann i n-a n-am féin agus i ndiaidh a mbáis. (Tuilleadh). Bríghid Ní Thuathaláin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services