An Seisear Fear as Conn-
dae Mhuinneacháin ba mhó i
Stair na hÉireann.
I.
Ó'n am a tháinic mic Mhíleadh go
hÉirinn ba áit Conndae Mhuineacháin
i n-a raibh mórán de fhearaibh móra agus
áit i n-a dtearnadh mórán gníomhartha
móra.
Tá sé cuirthe síos ag na Ceithre
Mhaighistríbh gur ceann de na
gníomharthaibh ba mhó a rinneadh ins an
chéad bhliadhain i ndiaidh teacht na
nGaedheal “Cumhdach Dúine Náir i
Sliabh Modhairn la Goisten.” Ní
gábhadh a rádh gur b'é Sliabh Modhairn
na cnoca atá i gCrích Modhairn agus
gur b'é Beann an Ime an mullach.
Ar feadh na seacht gcéad bliadhain
a riaghluigh Clann Rudhraighe Ulaidh ó
Eamhain ba cuid mhór de thaoiseachaibh
an tsleachta ghaisgeamhail sin fir
Chonndae Mhuineacháin. Do réir
sgríbhneoirí éigin, ba as an taobh
thuaidh de Chrích Rois Fachtna Fáthach a
bhí 'n-a Árd-Rígh i nÉirinn ins an am a
raibh Iúl Caesar ag riaghlughadh ins an
Róimh. Is fiú cur síos go bhfuil an
t-ainm Fachtna beo bíodhgamhail i
gConndae Mhuineacháin go dtí an lá
so faoi'n chuma Fadna.
Tamall gearr 'n-a dhiaidh seo rugadh
fear ní ba chlúthamhla i gConndae
Muineacháin, .i. Conchubhar mac Neasa.
Nuair a pósadh Neas inghean Eochadh
Sál-Bhuidhe Ríogh Uladh agus Cathbhadh an
tÁrd-Dhraoi as an taobh theas d'Ul-
taibh, thug a h-athair di mar áit chomh-
naidhthe Rath Chathbhaidh ag taobh abhna
Chonchubhair. Go hádhmhail níl amhras
ar bith go bhfuil an abhainn seo le
feicealt go fóill. Innstear dúinn i
dTochmarc Éimhire gur b'í seo an
abhainn a théidh isteach i n-abhainn eile i
gcoill Bhaidhbhe. I ndiaidh dá mhíle
bliadhain a dhul thart, agus gidh gur
dhóbair do theangaidh na nGaedheal a
bheith caillte ins an dúithche, leanann
ainm an bhan-Dé do'n áit go seadh.
Tá baile ann go fóill agus is “Fíodh
Bhaidhbhe” is ainm dó, acht ins an
Bhéarla is Feahoe é; Béal Átha Bhaidhbhe
ainm an bhealaigh idir Conndae na
Midhe agus Conndae Mhuineacháin agus an
loch ag n-a thaobh. “Loch Feadha” is
ainm do loch eile dhá mhíle ó'n áit seo
agus tá móin ins an chomhursanacht darab
ainm “Móin Bhaidhbhe.” Is iongantach
go leor agus is fíor go gcuimhnuigheann
an Bhadhbh í féin thart fá na lochannaibh
seo sa ngeimhreadh. D'innis áitightheoir
damh féin nár chrothnuigh sé an Bhadhbh ó
Loch Ráthain acht aon gheimhreadh amháin,
gidh gur annamh a chídhtear an t-éan
ins an tsamhradh.
Ba as Machaire Cluana, sin nó as
Machaire Rois, Conchubhar mac Neasa
agus a thriúr deirbhshiúra, .i. Dechtire,
máthair Chúchulainn, Áilbhe, máthair mhac
Uisnigh, agus Fionnchaomh máthair Chonaill
Chearnaigh.
Ba d'fhearaibh Mhuineacháin beirt
eile de ghaiscidheachaibh móra na
Craoibhe Ruaidhe — Eoghan mac Dúth-
rachta, Rí Fhearnmhuighe, agus Muinreamhar
mac Gearrchinn as Modhairn.
Gidh nach bhfuil fonn orm a dhul thar
ainmneachaibh Chlainne Rudhraighe gan
trácht a dhéanamh ortha, ní chuirim síos
iad imeasg an tseisir fear ar a
bhfuilim ag sgríobhadh ins an aiste
seo, óir ins na sgéaltaibh a thigeas
anuas chugainn tá úir-sgéal agus fíor-
sheanchus tré n-a chéile chomh mór nach
bhfuil an talamh daingean faoi n-ár
gcosaibh i n-áit ar bith. Ar an ádhbhar
chéadna, ní thráchtfam ar Dhonn Bó
(mac baintreabhaighe d'fhearaibh Rois),
an ceoltóir a b'fhearr agus ba bhinne,
an sgéalaidhe a b'fhearr, an marcach a
b'fhearr, agus an t-óig-fhear a ba mhó
meas agus ba dílse i nÉirinn i n-a am.
I ndiaidh milleadh Eamhain chomhnuigh
sliocht na dtrí gColla i gConndae
Mhuineacháin agus is uatha a shíolruigh fur-
mhór na ndaoine atá i gConndae
Mhuineacháin ins an am atá i láthair.
Ó am na gColla go dtí an dara
haois déag gan amhras ar bith rugadh
mórán ríghthe laochraidhe, naomh, filí, agus
fir fhoghlumtha i gConndae Mhuin-
eacháin; acht annso ar ais támuid i
n-achrann eile, mar nach féidir linn
áit chomhnaidhthe agus talamh mhuinntire
Óirghiall a thaisbeaint go cruinn. I
n-aimsir Phádraig chímid Dáire 'n-a
rígh i nÁrd Mhacha. Aois níos maille,
bhí an dún ríoghda i gClochar Mhac
Daimhín. Tamall gearr 'n-a dhiaidh
sin, bhí Eochaidh, sean-athair Thighearnaigh
Naomhtha, 'n-a chomhnaidhe i ndún mhór
Cluana Eois, agus níos maille ar ais bhí
ríghthe Óirghiall 'n-a gcomhnaidhe i gCais-
leán Mhanainn i nDomhnach Mhaighin.
Ó dheireadh a haonmhadh aois déag
chímid go raibh Clann Chearbhaill 'n-a
dtaoiseachaibh i bhFearnmhuigh, agus ins an
tríomhadh deichneabhar de'n dara haois
déag rinneadh Rí Óirghiall de Dhonn-
chadh Ua Cearbhaill, an fear a b'fhearr
de'n teaghlach sin. 'Sé an talamh a bhí
ag Clann Chearbhaill an taobh thoir de
pharáiste Dhomhnach Mhaighin, agus gheibheann
sé an dá ainm, .i. Domhnach Mhaighin agus
Clann Chearbhaill i n-éinfheacht i sgríbh-
níbh na hEaglaise comh luath leis an
seiseadh haois déag.
1 — Níl amhras ar bith nárbh' fear
as Conndae Mhuineacháin Donnchadh
Ua Cearbhaill agus leis-sean a chuirim
tús ar mo sheisear. Ní gábhadh damh
a bheatha a chur síos annso. Ní shílim-
se gur b'é sin an dóigh is fearr le
labhairt ar na fearaibh ar a bhfuil mé
ag trácht ins an aiste seo. Ar an
ádhbhar sin ní chuirfidh mé síos na
bliadhanta i n-a rugadh iad nó i n-a
bhfuair siad bás, ná mná a phós siad
nó caidé an chlann a bhí aca. Shílim
gur b'fhearr do pháipéar mar seo
iarracht a dhéanamh air a thaisbeaint
goidé an chumhacht a bhí ag na fearaibh
seo ar mhuinntir na hÉireann i n-a
n-am féin agus i ndiaidh a mbáis.
(Tuilleadh).
Bríghid Ní Thuathaláin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11