Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Fhuil
Title
An Fhuil
Author(s)
Conall Ceárnach,
Pen Name
Conall Ceárnach
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Fhuil Fuil! fuil! fuiliú! (doile, doile, sean-chailleach eile i bhfanntais). Ar chuma ar bith, is aisteach an rud an fhuil agus is iongantach an rud í freisin. Tá braoinín beag di anois faoi'n mhiondracán agam agus m'fhocal gur fiú féachaint air. Shílfeá gurab amhlaidh dhoirt leipreachán éicint a chuid airgid ar fad amach os comhair mo dhá shúl. Feicim anois céard is fuil ann — fliche ar a dtugtar Liquor sanguinis nó lionn na fola, agus cuirpíní 'n-a míltibh agus 'n-a míltibh ar snámh ann. Sin iad na cuirpíní dá ngoirid lucht ealadhan “na cuirpíní dearga,” agus dar ndóigh ní bréag cuirpíní do bhaisteadh ortha mar d'fhéadfadh deich milliún ceann aca seasamh ar aon phighinn amháin. 'Sé an gráithe bhíos aca siúd 'ná an géar-ádhbhar (gas do bheathuigheas an corp) d'iomchur as na sgamhógaibh agus a bhreith leo ar fud an chuirp go léir, díreach mar iomchuireas fir an phosta na litreacha thart ar fud na cathrach. Ní mar a chéile cuirpíní fola gach uile ainmhidhe; cé go mbíonn cuirpíní na fola daonna chomh cruinn le pighinn, bíonn cuirpíní fola an éisg agus na n-éanlaith ar nós uibhe circe. Is furusta aithint mar sin cé aca fuil duine nó fuil sicín fhághas na síoth- mhaoir ar chota duine bhoicht do ghabhadh as ucht duine do mharbhadh; ní féidir an miondracán do mhealladh. Do gheibhthear cuirpíní eile sa bhfuil a dtugtar “cuirpíní geala” ortha, acht is annamh do chífeá iad mar nach bhfuil siad leath chomh fairsing leis na cuirpíníbh dearga. Is ait ar fad na cuirpíní iad, mar bheadh braonta glóthaighe ag sáthadh amach adharc ar nós seilmide, agus ag snámhghail go mall réidh leisgeamhail sa lionn fola. Níl a fhios sa gceart goidé'n graithe atá leo, acht deir daoine áirithe go mbeireann siad ar bhachaillíníbh agus ar mhionmhachaibh éagsamhla thigeas isteach sa chorp agus go slugann iad, agus má's fíor é sin is geanamhail macánta na feith- idíní iad, agus badh chóir do'n chineadh daonna bheith buidheach dhíobh. Sin agaibh anois an fhuil, agus 'sé mo bharamhail go bhfuil mo sháith ráidhte agam, mur bhfuil agus dá ndéarfadh draoi éigin “ná fuil,” sin calambúr aige agus tá 's ag an saoghal gur ionann sin agus draoi- mhasla. Conall Ceárnach Gluais Miondracán (mion-dearcín) = microscope Cuirpín = corpuscle Géar-ádhbhar = oxygen Bachaillín = bacillus Mionmhach = microbe Calambúr = pun.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services