Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Fhuil

Title
An Fhuil
Author(s)
Conall Ceárnach,
Pen Name
Conall Ceárnach
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Fhuil



Fuil! fuil! fuiliú! (doile, doile,
sean-chailleach eile i bhfanntais). Ar
chuma ar bith, is aisteach an rud an
fhuil agus is iongantach an rud í freisin.
Tá braoinín beag di anois faoi'n
mhiondracán agam agus m'fhocal gur fiú
féachaint air. Shílfeá gurab amhlaidh
dhoirt leipreachán éicint a chuid
airgid ar fad amach os comhair mo
dhá shúl. Feicim anois céard is fuil
ann — fliche ar a dtugtar Liquor
sanguinis nó lionn na fola, agus cuirpíní
'n-a míltibh agus 'n-a míltibh ar snámh ann.
Sin iad na cuirpíní dá ngoirid lucht
ealadhan “na cuirpíní dearga,” agus dar
ndóigh ní bréag cuirpíní do bhaisteadh
ortha mar d'fhéadfadh deich milliún
ceann aca seasamh ar aon phighinn
amháin.



'Sé an gráithe bhíos aca siúd 'ná an
géar-ádhbhar (gas do bheathuigheas an
corp) d'iomchur as na sgamhógaibh agus a
bhreith leo ar fud an chuirp go léir,
díreach mar iomchuireas fir an phosta
na litreacha thart ar fud na cathrach.
Ní mar a chéile cuirpíní fola gach uile
ainmhidhe; cé go mbíonn cuirpíní na
fola daonna chomh cruinn le pighinn,
bíonn cuirpíní fola an éisg agus na
n-éanlaith ar nós uibhe circe. Is
furusta aithint mar sin cé aca fuil
duine nó fuil sicín fhághas na síoth-
mhaoir ar chota duine bhoicht do ghabhadh
as ucht duine do mharbhadh; ní féidir
an miondracán do mhealladh.



Do gheibhthear cuirpíní eile sa bhfuil
a dtugtar “cuirpíní geala” ortha,
acht is annamh do chífeá iad mar nach
bhfuil siad leath chomh fairsing leis na
cuirpíníbh dearga. Is ait ar fad na
cuirpíní iad, mar bheadh braonta
glóthaighe ag sáthadh amach adharc ar
nós seilmide, agus ag snámhghail go mall
réidh leisgeamhail sa lionn fola. Níl
a fhios sa gceart goidé'n graithe atá
leo, acht deir daoine áirithe go
mbeireann siad ar bhachaillíníbh agus ar
mhionmhachaibh éagsamhla thigeas isteach
sa chorp agus go slugann iad, agus má's fíor
é sin is geanamhail macánta na feith-
idíní iad, agus badh chóir do'n chineadh
daonna bheith buidheach dhíobh. Sin agaibh
anois an fhuil, agus 'sé mo bharamhail go
bhfuil mo sháith ráidhte agam, mur
bhfuil agus dá ndéarfadh draoi éigin
“ná fuil,” sin calambúr aige agus tá 's
ag an saoghal gur ionann sin agus draoi-
mhasla.



Conall Ceárnach



Gluais
Miondracán (mion-dearcín) = microscope
Cuirpín = corpuscle
Géar-ádhbhar = oxygen
Bachaillín = bacillus
Mionmhach = microbe
Calambúr = pun.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services