Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cladach
Title
An Cladach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Bealtaine 05, 1906 An Cladach Bail ó Dhia ar an Athair Antoine Mac Consaidín agus ar na daoinibh fiala eile, idir chléir agus tuaith, atá ag cuid- iughadh leis ins an obair seo atá ar bun aige i gCladach na Gaillimhe! Is beag áit i nÉirinn is gile linn féin 'ná an Cladach céadna. An chéad lá do chaitheamar riamh i measg Gaedh- ilgeoirí, ba ins an gCladach do chaith- eamar é. Chuireamar lá fada samh- raidh dhínn agus sinn 'n-ár stócach óg 'n-ár suidhe ag binn tighe ann ag amharc amach ar chuan na Gaillimhe agus ar Cheann Bóirne — “sean Bhuirinn chlochach charraigeach” mar thugann na hughdair uirthi. Níor chorruigheamar ó'n áit go raibh ainm gach sóirt báid, agus gach gléis iasgaireachta, agus gach cineáil éisg, agus gach éin mara dá raibh ar eolas ag na hiasgairíbh de ghlan- mheabhair chinn againn. Is mion minic bhíomar san gCladach ó shoin; agus gach tráth thugamuid cuairt air 'sé an sgéal bhíos le cloistin againn go bhfuil duine eile de na seanchaidhthibh do bhí thart timcheall orainn an lá sin imthighthe ar shlighidh na fírinne. Ar dheis Mhic Dé go raibh siad uile! Acht ní hé sin ár sgéal, acht é seo. 'Sé rud atá ceaptha amach ag an Athair Antoine agus ag lucht a chonganta sgoil saothair do chur ar bun sa gCladach. Ins an sgoil seo múinfear an iasgaireacht agus gach céard a bhain- eas léi; múinfear ceárd éigin eile do gach fear freisin ionnus nach leis an iasgaireacht amháin bheifear ag taobhadh sa gCladach feasta; múin- fear do na cailíníbh an chaoi is fearr le slacht do chur ar na tighthibh agus iad do chongbháil glan; agus múinfear teanga, litridheacht, léigheann, stair, ceol agus cleasa lúith na hÉireann do na páistíbh. Cuirfear ar bun freisin Bannc 'n-a bhféadfar airgead do chur i dtaisge le haghaidh teacht na sean- aoise, agus déanfar a lán rudaí tairbh- eacha eile “nach léar linn 'aithris anois go beacht.” Fágamuid le hudhacht gurab ion- mholta agus gurab uasal an obair í seo. Gach léightheoir de'n CHLAIDHEAMH a bhfuil sean-bháidh aige leis an gCladach mar atá againn féin, níor mhór dhó congnamh do thabhairt le deagh-chríoch do chur uirthi.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services