Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Cladach

Title
An Cladach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Bealtaine 05, 1906



An Cladach



Bail ó Dhia ar an Athair Antoine
Mac Consaidín agus ar na daoinibh fiala
eile, idir chléir agus tuaith, atá ag cuid-
iughadh leis ins an obair seo atá ar
bun aige i gCladach na Gaillimhe!



Is beag áit i nÉirinn is gile linn
féin 'ná an Cladach céadna. An chéad
lá do chaitheamar riamh i measg Gaedh-
ilgeoirí, ba ins an gCladach do chaith-
eamar é. Chuireamar lá fada samh-
raidh dhínn agus sinn 'n-ár stócach óg
'n-ár suidhe ag binn tighe ann ag
amharc amach ar chuan na Gaillimhe agus
ar Cheann Bóirne — “sean Bhuirinn
chlochach charraigeach” mar thugann na
hughdair uirthi. Níor chorruigheamar
ó'n áit go raibh ainm gach sóirt báid,
agus gach gléis iasgaireachta, agus gach cineáil
éisg, agus gach éin mara dá raibh ar
eolas ag na hiasgairíbh de ghlan-
mheabhair chinn againn. Is mion minic
bhíomar san gCladach ó shoin; agus gach
tráth thugamuid cuairt air 'sé an
sgéal bhíos le cloistin againn go
bhfuil duine eile de na seanchaidhthibh
do bhí thart timcheall orainn an lá sin
imthighthe ar shlighidh na fírinne. Ar
dheis Mhic Dé go raibh siad uile!



Acht ní hé sin ár sgéal, acht é seo.
'Sé rud atá ceaptha amach ag an
Athair Antoine agus ag lucht a chonganta
sgoil saothair do chur ar bun sa
gCladach. Ins an sgoil seo múinfear
an iasgaireacht agus gach céard a bhain-
eas léi; múinfear ceárd éigin eile
do gach fear freisin ionnus nach leis
an iasgaireacht amháin bheifear ag
taobhadh sa gCladach feasta; múin-
fear do na cailíníbh an chaoi is fearr
le slacht do chur ar na tighthibh agus iad
do chongbháil glan; agus múinfear teanga,
litridheacht, léigheann, stair, ceol agus
cleasa lúith na hÉireann do na
páistíbh. Cuirfear ar bun freisin
Bannc 'n-a bhféadfar airgead do chur
i dtaisge le haghaidh teacht na sean-
aoise, agus déanfar a lán rudaí tairbh-
eacha eile “nach léar linn 'aithris
anois go beacht.”



Fágamuid le hudhacht gurab ion-
mholta agus gurab uasal an obair í seo.
Gach léightheoir de'n CHLAIDHEAMH a
bhfuil sean-bháidh aige leis an gCladach
mar atá againn féin, níor mhór dhó
congnamh do thabhairt le deagh-chríoch
do chur uirthi.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services