Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Don Iuan De Acuila. Spáinneach.
Title
Don Iuan De Acuila. Spáinneach.
Author(s)
Uachtar Árd,
Pen Name
Uachtar Árd
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Don Iuan De Acuila. Spáinneach. I samhradh na bliadhna 1602, bhí Pilip III. mar rígh sa Spáinn. Cheap sé cabhair agus congnamh a chur anall annseo go hÉireann chuig na taoiseachaibh Ó Néill agus Ó Domhnaill, .i. fir throda agus gléas cogaidh. Bhí faoi cheithre mhíle fear a chur chuca. Thairg sé a gcúram sin agus a gcinnearacht do chuid mhaith de thaoiseachaibh na Spáinne féin acht ní ghlacfaidís iad, mar badh é a dtuairim agus a mbaramhail úd nach raibh maitheas ar bith bheith ag cainnt muna mbeadh ocht míle ar a laghad i láimh aca. Fá dheireadh thair tairgeadh do Dhon Iuan iad agus thóg seisean a gcúram agus a gcinnearacht ar an bpoinnte boise 's d'fhéad sé. Fuair sé fá réir a arm agus chroch sé seol agus aoibh ná foras ní dheachaidh dhó gur bhuail tír agus talamh na hÉireann. Nuair d'fhág sé leithead a dhá chos ar chré na tíre seo ní raibh fá smacht aige acht mar adéarfá 3,200 duine, agus i n-a measg súd a bhí na céadta nach raibh i n-aois fhir ná i n-ann gunna a dhíriughadh i gceart ná urchar a sgaoil- eadh go dtí an áit cheart — dhá mbeidís ann fá láthair séard déarfadh buach- aillí na haimsire seo “nach mbuail- fidís cruach fhéir.” Deir Don Iuan féin: “B'éigin dom chur i n-iúil dóibh an chaoi le breith ar ghunna agus urchar a sgaoileadh as.” Ní raibh caiple ar bith aige, agus dá bhrígh sin bhí ar a chuid saighdiúirí troid agus treasgairt a dhéanamh ar chois. Ba go Cionn tSáile chuaidh sé thar éis theacht i dtír dhó. An chéad rud a rinne sé gairm sgoile a chur amach ag fuagairt “nach mbeadh duine ná maoin i gcontabhairt, agus nach dtógfadh sé féin ná na fir bhí fá n-a threorughadh ádhbhar bídh nó dighe ó na daoinibh acht le luach a mbeidís féin sásta leis” — 'siad sin na daoine; “duine ar bith nach maith leis fanacht sa mbaile seo,” ar seisean, “tá cead aige féin agus a íorrbhais ghlanadh leo go háit ar bith thógróchas siad, agus iad so tá imthighthe cheana tá céad míle fáilte rómpa filleadh agus a gcuid a thabhairt leo.” Taisbeánann so cé'n sórt fir bhí sa Spáinneach so, .i. fear cneasta clúdh- amhail, deagh-bhéasach, deagh-iomchurach. Tá sé ráidhte go mbadh é an chéad fhear do throid i nÉirinn riamh do réir riaghlacha cogaidh na n-aoiseann seo é. Ní raibh súil riamh aige go mbeadh sé i n-a chumas Cionn tSáile a chongbháil le haghaidh na nÉireannach, agus dream na bainríoghna a ruagadh agus a ionnarbadh go glán as an gceanntar sin. Baile beag bídeach bhí ann. Ní raibh acht tuairim 's dhá chéad teach sa gcomharsanacht agus leo so a chosaint ní raibh ballaí beaga ná ballaí móra, balla tiugha ná ballaí tanaidhe tim- cheall air i n-aghaidh “lámhacht' ghunnaí tréan na n-allmhurach.” Séard do bhí uaidh dhá bhféadfadh sé an áit a shábháil go dtiocfadh flatha Chúige Uladh le cuideachtain leis go luath. Tháinig Aodh Ruadh go deifreach i n-a chos i n-áirde, acht níor bh'fhearacht sin ag Iarla Thíre Eoghain é. Bhí seisean go failligheach fallsa ag leigint do'n aimsir sleamhnughadh uaidh i gConndae na Midhe, agus as sin d'fhill sé dhá bhaile féin sul chuir sé roimhe dul go Corcaigh. Mar gheall air seo bhí ar Dhon Iuan seasamh ar a bhonnaibh féin. Chosain sé an baile 'n-a raibh sé ar feadh ráithche i n-aghaidh airm na bainríoghna, agus do réir na n-ughdar is cneasta againn badh é sin an chosaint ba ghlice agus ba ghaosmhara bhí i nÉirinn riamh. Bhí ar a laghad 15,000 fear in' aghaidh — gan trácht ar an gcabhlach bhí sa gcuan os a chomhair amach agus é seo i gcomhnaidhe 'gcomhnaidhe ag pléasgadh agus ag réabadh isteach air. Le go gcoinneochadh sé an cabhlach amach ó'n mbaile chomh fada i nÉirinn is d'fhéad sé, thóg sé greim ar dhá áit mhaith i n-aice béil an chuain — i gcruth 's go mbeadh áiteacha i gceart 's i gcóir feistighthe aige nuair thiocfadh na gunnaí móra a raibh sé ag súil leo thar fairrge, mar, shíl sé. Níor thángadar riamh. Bhí air mar an gcéadna na saigh- diúirí bhí ag brughadh isteach air ó gach ceárd a thiomáint siar uaidh, agus leis seo a dhéanamh bhain sé go leor clais agus trínsí, mar d'fhéadfadh sé a chuid fear — nó cuid aca go háirithe — a chur ionnta, agus annsin ní bheadh troid nó cath chomh contabharthach ortha, mar bheidís fosguighthe. Bhíodar anois ag teannadh isteach air ó gach uile thaoibh, arm Uladh faoi Chaiptín Bléiní, arm Laighean faoi cheannphort an airm Ghallda i nÉirinn, arm Chonnacht faoi Chlainn Riocaird, agus arm na Mumhan faoi Chairiú. Bhi freo na huaisle agus an dream so bhí 'n-a dtuilleamhaigh ó iarthar Chorcaighe agus Ciarraidhe, ó oirthear Chorcaighe agus Tiob- ruid Árann, agus 6,000 de shaighdiúríbh úra ó Shasana. An dream so chuir Don Iuan ag cosaint na n-áit úd i mbéal an chuain, buaileadh siar aid, agus bhí an cabhlach ag snámh ar a shochamhail faoi bhallaibh an bhaile gan mórán achair. Bhíodh troid idir lucht cosanta Chionn tSáile agus lucht na bainríoghna go mion minic, de ló 's d'oidhche, lucht na bainríoghna ag iarraidh brúghadh isteach ortha, agus an lucht cosanta ag féachaint, le stuaim nó neart, faill 'fhagháil le buille a bhualadh ar na sgriosadóiríbh de Shasanachaibh. Ba mhinic sin bhí an buaidh ar ghach taobh. Nuair ghnóthóchadh na hallmhúraigh thréigfeadh cuid dá shaighdiúiríbh Don Iuan, acht ba ghearr gur chuir sé bacann ar na buachaillíbh seo agus ar a ngnás. D'orduigh sé gach uile fhear a mharbhughadh a d'iompóchadh cúl leis an námhaid gan ordughadh a oifigigh. Ba ghearr go rabhadar múinte dílis go leor agus i ndiaidh tamaill d'iompuigheadar amach 'n-a dtogha fear. Tá sé ráidhte go mbadh iad saighdiúiri na Spáinne na troid- idhthe do b'fhearr ar dhruim an domhain an t-am sin, agus thaisbeáin Don Iuan agus na fir bhí faoi nár bhréag a rádh. Bhí comhlucht Éireannach a d'fhág a dtír suim bliadhain roimhe sin ag troid fá'n Spáinneach agus badh iad Diarmuid agus Cathal Mac Cárrthaigh bhí mar oifig- eachaibh ortha. Shíl Mountioi go mion 's go minic a theacht isteach go Cionn tSáile, acht bhuail Don Iuan siar 's aniar é go raibh sé, .i. Mountioi, trom tuirseach de'n troid beagnach. Chuireadar muinntir na bainríoghna a gcinn i dtoll a chéile annsoin agus dubhradar nár b'fhearr rud a dhéanfaidís 'ná na gunnaí móra ó na soitheachaibh agus ó'n arm a dhíriughadh ar an mbaile agus go mharbhóchaidís istigh ann Don Iuan agus na “rebels.” Ba mhaith sheas na sean- tighthe — bhí na ballaí bréagh leathan an t-am sin, agus pé'r ba mí-stuaim a rinne na hurchair, dheasadar agus chuir na Spáinnigh caoi ar le sméideadh do shúl. Nuair nach raibh aon tairbhe ag Mountioi as an obair seo chosg sé dhe agus chuir sé roimhe a chumhacht go léir a thabhairt níos giorra do'n bhaile. Rinneadh amhlaidh. Bhí aon rud amháin a sheas dhó-san. Bhí caiple go leor aige, acht ní mar sin do Dhon Iuan. Dhírigh na Sasanaigh na gunnaí ar an mbaile áth-uair agus thosuigh ar an áit a bhriseadh. Caitheadh arm Chúige Uladh fá chumhdach na ngunnaí ar na Spáinn- ighibh, acht má caitheadh 's gur caitheadh bhuail agus d'ath-bhuail na Spáinnigh ar chúl iad. Nuair thug Mountioi é sin fá deara d'orduigh sé do 2,000 eile fear dul go taobh eile de'n bhaile agus áiteacha a thoghadh amach agus a dhéanamh cothrom go gcuirfeadh sé gunnaí móra ionnta, agus nuair bheadh sin mar sin, bhí faoi aige arm Chlainne Riocaird, a chur ann, mar badh é a bharamhail, mara dtógfadh siad-san an baile, nach mbeadh aon mhaith i gcainnt 'ná i ngníomh níos fuide. Rinneadh na háiteacha a theastuigh uaidh agus anois ar seisean leis féin, “leagfaidh mé na sgonnsaí anocht agus béidh m'arm socruighthe agam sa gcruth nach mbéidh stróbh ar bith orm na Spáinnigh a sguabadh amach sa bhfairrge mhóir.” Bhí air an buille a bhualadh an lá dár gcionn, mar bhí a fhios aige go raibh Ó Néill ag druidim chuige, agus níor theastuigh uaidh a bheith idir an dá arm. Thuit an oidhche go fuar fliuch, go dubh dorcha. Shíleadar na Sasan- aigh go raibh rud éigint bun ós cionn leis na Spáinnighibh, mar níor airigh- eadar giog ná gag, torann ná gleo ar feadh an tráthnóna. Ní raibh cor ná car i mbaile Chionn tSáile ó'n gcúig go dtí an hocht san oidhche. Idir a hocht 's a naoi d'fhéadfá Don Iuan agus 2,000 fear a thabhairt fá deara. Ní raibh níos mó aige ná uaidh agus é ag éalughadh amach ar tí buille tréan tubaisteach tachtmhar a bhualadh ar na Gallaibh; agus bhuail sé é agus ní i ngan fhios do lucht na bainríoghna, mar deirtear mar'adh Clann Riocaird go mbeadh an lá — nó an oidhche badh cheart dom a rádh — agus an lámh i n-uachtar ag cosantóiribh na hÉireann. Lá'r n-a bhárach d'iompuigh Mountioi agus a arm cúl leis an mbaile. Bhí Ó Néill i láthair anois — nuair nach raibh maith dhó ann. Bhí deireadh le daor-bhruid Chionn tSáile, bhí obair an Spáinnigh críochnuighthe. Ní feaseach mé an bhfuil glas-chuimhne ag á n-a mhuinntir féin sa Spáinn ar Dhon Iuan go fóilleach beag; acht táim cinnte dearbhtha go bhfuilid i nÉirinn iath-ghlais daoine a chuimhnighteas ar an gcaraid a chuir a bheatha féin i gcon- tabhairt ar son go bhfeicfeadh sé an t-oileán beag 'n-a raibh pór Mhíleadh feadh na gcianta saor go deo ó mhaslughadh agus ó tharcuisne na nGall. Uachtar Árd.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services