Don Iuan De Acuila.
Spáinneach.
I samhradh na bliadhna 1602, bhí Pilip
III. mar rígh sa Spáinn. Cheap sé
cabhair agus congnamh a chur anall annseo
go hÉireann chuig na taoiseachaibh Ó
Néill agus Ó Domhnaill, .i. fir throda agus
gléas cogaidh. Bhí faoi cheithre mhíle
fear a chur chuca. Thairg sé a gcúram
sin agus a gcinnearacht do chuid mhaith de
thaoiseachaibh na Spáinne féin acht ní
ghlacfaidís iad, mar badh é a dtuairim
agus a mbaramhail úd nach raibh maitheas
ar bith bheith ag cainnt muna mbeadh
ocht míle ar a laghad i láimh aca. Fá
dheireadh thair tairgeadh do Dhon Iuan
iad agus thóg seisean a gcúram agus a
gcinnearacht ar an bpoinnte boise 's
d'fhéad sé. Fuair sé fá réir a arm agus
chroch sé seol agus aoibh ná foras ní
dheachaidh dhó gur bhuail tír agus talamh na
hÉireann.
Nuair d'fhág sé leithead a dhá chos
ar chré na tíre seo ní raibh fá smacht
aige acht mar adéarfá 3,200 duine, agus
i n-a measg súd a bhí na céadta nach
raibh i n-aois fhir ná i n-ann gunna a
dhíriughadh i gceart ná urchar a sgaoil-
eadh go dtí an áit cheart — dhá mbeidís
ann fá láthair séard déarfadh buach-
aillí na haimsire seo “nach mbuail-
fidís cruach fhéir.” Deir Don Iuan
féin: “B'éigin dom chur i n-iúil dóibh
an chaoi le breith ar ghunna agus urchar a
sgaoileadh as.” Ní raibh caiple ar
bith aige, agus dá bhrígh sin bhí ar a chuid
saighdiúirí troid agus treasgairt a
dhéanamh ar chois.
Ba go Cionn tSáile chuaidh sé thar
éis theacht i dtír dhó. An chéad rud
a rinne sé gairm sgoile a chur amach
ag fuagairt “nach mbeadh duine ná
maoin i gcontabhairt, agus nach dtógfadh
sé féin ná na fir bhí fá n-a threorughadh
ádhbhar bídh nó dighe ó na daoinibh acht
le luach a mbeidís féin sásta leis” —
'siad sin na daoine; “duine ar bith
nach maith leis fanacht sa mbaile seo,”
ar seisean, “tá cead aige féin agus a
íorrbhais ghlanadh leo go háit ar bith
thógróchas siad, agus iad so tá imthighthe
cheana tá céad míle fáilte rómpa
filleadh agus a gcuid a thabhairt leo.”
Taisbeánann so cé'n sórt fir bhí sa
Spáinneach so, .i. fear cneasta clúdh-
amhail, deagh-bhéasach, deagh-iomchurach.
Tá sé ráidhte go mbadh é an chéad
fhear do throid i nÉirinn riamh do
réir riaghlacha cogaidh na n-aoiseann
seo é. Ní raibh súil riamh aige go
mbeadh sé i n-a chumas Cionn tSáile a
chongbháil le haghaidh na nÉireannach, agus
dream na bainríoghna a ruagadh agus a
ionnarbadh go glán as an gceanntar
sin. Baile beag bídeach bhí ann. Ní
raibh acht tuairim 's dhá chéad teach sa
gcomharsanacht agus leo so a chosaint ní
raibh ballaí beaga ná ballaí móra,
balla tiugha ná ballaí tanaidhe tim-
cheall air i n-aghaidh “lámhacht' ghunnaí
tréan na n-allmhurach.” Séard do
bhí uaidh dhá bhféadfadh sé an áit a
shábháil go dtiocfadh flatha Chúige Uladh
le cuideachtain leis go luath. Tháinig
Aodh Ruadh go deifreach i n-a chos i
n-áirde, acht níor bh'fhearacht sin ag
Iarla Thíre Eoghain é. Bhí seisean go
failligheach fallsa ag leigint do'n
aimsir sleamhnughadh uaidh i gConndae
na Midhe, agus as sin d'fhill sé dhá bhaile
féin sul chuir sé roimhe dul go
Corcaigh.
Mar gheall air seo bhí ar Dhon Iuan
seasamh ar a bhonnaibh féin. Chosain
sé an baile 'n-a raibh sé ar feadh
ráithche i n-aghaidh airm na bainríoghna,
agus do réir na n-ughdar is cneasta
againn badh é sin an chosaint ba ghlice
agus ba ghaosmhara bhí i nÉirinn riamh.
Bhí ar a laghad 15,000 fear in'
aghaidh — gan trácht ar an gcabhlach bhí
sa gcuan os a chomhair amach agus é seo i
gcomhnaidhe 'gcomhnaidhe ag pléasgadh
agus ag réabadh isteach air. Le go
gcoinneochadh sé an cabhlach amach ó'n
mbaile chomh fada i nÉirinn is d'fhéad
sé, thóg sé greim ar dhá áit mhaith i
n-aice béil an chuain — i gcruth 's go
mbeadh áiteacha i gceart 's i gcóir
feistighthe aige nuair thiocfadh na
gunnaí móra a raibh sé ag súil leo
thar fairrge, mar, shíl sé. Níor
thángadar riamh.
Bhí air mar an gcéadna na saigh-
diúirí bhí ag brughadh isteach air ó gach
ceárd a thiomáint siar uaidh, agus leis seo
a dhéanamh bhain sé go leor clais agus
trínsí, mar d'fhéadfadh sé a chuid
fear — nó cuid aca go háirithe — a chur
ionnta, agus annsin ní bheadh troid nó cath
chomh contabharthach ortha, mar bheidís
fosguighthe.
Bhíodar anois ag teannadh isteach
air ó gach uile thaoibh, arm Uladh faoi
Chaiptín Bléiní, arm Laighean faoi
cheannphort an airm Ghallda i nÉirinn,
arm Chonnacht faoi Chlainn Riocaird, agus
arm na Mumhan faoi Chairiú. Bhi freo
na huaisle agus an dream so bhí 'n-a
dtuilleamhaigh ó iarthar Chorcaighe agus
Ciarraidhe, ó oirthear Chorcaighe agus Tiob-
ruid Árann, agus 6,000 de shaighdiúríbh
úra ó Shasana. An dream so chuir Don
Iuan ag cosaint na n-áit úd i mbéal
an chuain, buaileadh siar aid, agus bhí an
cabhlach ag snámh ar a shochamhail faoi
bhallaibh an bhaile gan mórán achair.
Bhíodh troid idir lucht cosanta
Chionn tSáile agus lucht na bainríoghna go
mion minic, de ló 's d'oidhche, lucht na
bainríoghna ag iarraidh brúghadh isteach
ortha, agus an lucht cosanta ag féachaint,
le stuaim nó neart, faill 'fhagháil le
buille a bhualadh ar na sgriosadóiríbh
de Shasanachaibh. Ba mhinic sin bhí an
buaidh ar ghach taobh. Nuair ghnóthóchadh
na hallmhúraigh thréigfeadh cuid dá
shaighdiúiríbh Don Iuan, acht ba ghearr
gur chuir sé bacann ar na buachaillíbh
seo agus ar a ngnás. D'orduigh sé gach
uile fhear a mharbhughadh a d'iompóchadh
cúl leis an námhaid gan ordughadh a
oifigigh. Ba ghearr go rabhadar
múinte dílis go leor agus i ndiaidh
tamaill d'iompuigheadar amach 'n-a
dtogha fear. Tá sé ráidhte go mbadh
iad saighdiúiri na Spáinne na troid-
idhthe do b'fhearr ar dhruim an domhain
an t-am sin, agus thaisbeáin Don Iuan agus
na fir bhí faoi nár bhréag a rádh. Bhí
comhlucht Éireannach a d'fhág a dtír
suim bliadhain roimhe sin ag troid
fá'n Spáinneach agus badh iad Diarmuid
agus Cathal Mac Cárrthaigh bhí mar oifig-
eachaibh ortha.
Shíl Mountioi go mion 's go minic
a theacht isteach go Cionn tSáile, acht
bhuail Don Iuan siar 's aniar é go
raibh sé, .i. Mountioi, trom tuirseach
de'n troid beagnach. Chuireadar
muinntir na bainríoghna a gcinn i
dtoll a chéile annsoin agus dubhradar
nár b'fhearr rud a dhéanfaidís 'ná na
gunnaí móra ó na soitheachaibh agus ó'n
arm a dhíriughadh ar an mbaile agus go
mharbhóchaidís istigh ann Don Iuan agus na
“rebels.” Ba mhaith sheas na sean-
tighthe — bhí na ballaí bréagh leathan an
t-am sin, agus pé'r ba mí-stuaim a rinne
na hurchair, dheasadar agus chuir na
Spáinnigh caoi ar le sméideadh do shúl.
Nuair nach raibh aon tairbhe ag
Mountioi as an obair seo chosg sé dhe
agus chuir sé roimhe a chumhacht go léir a
thabhairt níos giorra do'n bhaile.
Rinneadh amhlaidh. Bhí aon rud amháin
a sheas dhó-san. Bhí caiple go leor
aige, acht ní mar sin do Dhon Iuan.
Dhírigh na Sasanaigh na gunnaí ar an
mbaile áth-uair agus thosuigh ar an áit a
bhriseadh. Caitheadh arm Chúige Uladh
fá chumhdach na ngunnaí ar na Spáinn-
ighibh, acht má caitheadh 's gur caitheadh
bhuail agus d'ath-bhuail na Spáinnigh ar
chúl iad. Nuair thug Mountioi é sin
fá deara d'orduigh sé do 2,000 eile
fear dul go taobh eile de'n bhaile agus
áiteacha a thoghadh amach agus a dhéanamh
cothrom go gcuirfeadh sé gunnaí móra
ionnta, agus nuair bheadh sin mar sin, bhí
faoi aige arm Chlainne Riocaird, a
chur ann, mar badh é a bharamhail, mara
dtógfadh siad-san an baile, nach
mbeadh aon mhaith i gcainnt 'ná i
ngníomh níos fuide.
Rinneadh na háiteacha a theastuigh
uaidh agus anois ar seisean leis féin,
“leagfaidh mé na sgonnsaí anocht agus
béidh m'arm socruighthe agam sa gcruth
nach mbéidh stróbh ar bith orm na
Spáinnigh a sguabadh amach sa bhfairrge
mhóir.” Bhí air an buille a bhualadh
an lá dár gcionn, mar bhí a fhios aige
go raibh Ó Néill ag druidim chuige, agus
níor theastuigh uaidh a bheith idir an dá
arm. Thuit an oidhche go fuar fliuch,
go dubh dorcha. Shíleadar na Sasan-
aigh go raibh rud éigint bun ós cionn
leis na Spáinnighibh, mar níor airigh-
eadar giog ná gag, torann ná gleo
ar feadh an tráthnóna. Ní raibh cor ná
car i mbaile Chionn tSáile ó'n gcúig
go dtí an hocht san oidhche. Idir a
hocht 's a naoi d'fhéadfá Don Iuan agus
2,000 fear a thabhairt fá deara. Ní
raibh níos mó aige ná uaidh agus é ag
éalughadh amach ar tí buille tréan
tubaisteach tachtmhar a bhualadh ar na
Gallaibh; agus bhuail sé é agus ní i ngan
fhios do lucht na bainríoghna, mar
deirtear mar'adh Clann Riocaird go
mbeadh an lá — nó an oidhche badh cheart
dom a rádh — agus an lámh i n-uachtar ag
cosantóiribh na hÉireann.
Lá'r n-a bhárach d'iompuigh Mountioi
agus a arm cúl leis an mbaile. Bhí
Ó Néill i láthair anois — nuair nach
raibh maith dhó ann. Bhí deireadh le
daor-bhruid Chionn tSáile, bhí obair an
Spáinnigh críochnuighthe.
Ní feaseach mé an bhfuil glas-chuimhne
ag á n-a mhuinntir féin sa Spáinn ar
Dhon Iuan go fóilleach beag; acht táim
cinnte dearbhtha go bhfuilid i nÉirinn
iath-ghlais daoine a chuimhnighteas ar an
gcaraid a chuir a bheatha féin i gcon-
tabhairt ar son go bhfeicfeadh sé an
t-oileán beag 'n-a raibh pór Mhíleadh
feadh na gcianta saor go deo ó
mhaslughadh agus ó tharcuisne na nGall.
Uachtar Árd.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11