Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cill Choinnigh
Title
Cill Choinnigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Aibreán 28, 1906 Cill Choinnigh. Ba mhór an obair lae d'Éirinn obair Luain na Cásga i gCill Choinnigh. Tionnsgladh muileann olna ann. Bhí tráth ann agus bhí na céadta de mhuinntir Chill Choinnigh ag maireachtáil ar thoradh a saothair ag cárdáil, ag sníomhadh, agus ag fighe olna. D'imthigh an lá soin. Stadadh de'n saothar. D'fhan na rotha gan casadh. Thuit na sean- mhuilinn ó n-a chéile. D'imthigh an lucht saothair thar sáile nó fuaireadar bás i dteach na mbocht. Acht tháinig atharrughadh eile ar an saoghal. Cuir- eadh Connradh na Gaedhilge ar bun. Tháinig corrughadh i gcuisleannaibh na hÉireann. Shroich an corrughadh soin Cill Choinnigh. Thosuigh Gaedhil na háite ag smaoineadh. Smaoineadar tamall. Annsoin thosuigheadar ag obair. D'oibrigheadar ar a ndícheall ar feadh bliadhna nó mar sin. Mar thoradh ar an smaoineadh agus ar an obair thionnsgladar an muileann nua Luan Cásga. Tá na rotha ag casadh arís. Tá tos- uighthe ar an saothar arís. Tá neart le déanamh ag fearaibh óga, agus ag cail- íníbh óga i gCill Choinnigh arís, agus neart airgid le fágháil aca. Céard is cionn-tsiocair leis na rotha do chur ar casadh arís, leis an saothar do chur ar bun arís, le dóchas agus misneach do mhúsgailt i gcroidhe muinntire Chill Choinnigh arís? Connradh na Gaedhilge!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services