Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cill Choinnigh

Title
Cill Choinnigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Aibreán 28, 1906



Cill Choinnigh.



Ba mhór an obair lae d'Éirinn obair
Luain na Cásga i gCill Choinnigh.
Tionnsgladh muileann olna ann.



Bhí tráth ann agus bhí na céadta de
mhuinntir Chill Choinnigh ag maireachtáil
ar thoradh a saothair ag cárdáil, ag
sníomhadh, agus ag fighe olna. D'imthigh an
lá soin. Stadadh de'n saothar. D'fhan
na rotha gan casadh. Thuit na sean-
mhuilinn ó n-a chéile. D'imthigh an lucht
saothair thar sáile nó fuaireadar bás
i dteach na mbocht. Acht tháinig
atharrughadh eile ar an saoghal. Cuir-
eadh Connradh na Gaedhilge ar bun.
Tháinig corrughadh i gcuisleannaibh na
hÉireann. Shroich an corrughadh soin
Cill Choinnigh. Thosuigh Gaedhil na
háite ag smaoineadh. Smaoineadar
tamall. Annsoin thosuigheadar ag
obair. D'oibrigheadar ar a ndícheall
ar feadh bliadhna nó mar sin. Mar
thoradh ar an smaoineadh agus ar an obair
thionnsgladar an muileann nua Luan
Cásga.



Tá na rotha ag casadh arís. Tá tos-
uighthe ar an saothar arís. Tá neart
le déanamh ag fearaibh óga, agus ag cail-
íníbh óga i gCill Choinnigh arís, agus neart
airgid le fágháil aca.



Céard is cionn-tsiocair leis na
rotha do chur ar casadh arís, leis an
saothar do chur ar bun arís, le dóchas
agus misneach do mhúsgailt i gcroidhe
muinntire Chill Choinnigh arís?



Connradh na Gaedhilge!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services