Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seoda na Sean
Title
Seoda na Sean
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seoda na Sean 1. Giotaí ar n-a mbaint as Litridheacht na hÉireann. I. Ní féidir an teanga do dhíbirt gan an lucht dár teanga í do dhíbirt. — Seathrún Céitinn (circ. 1570-1650) Is “amhlaidh do bhí Éire 'n-a ríogh- acht ar leith léi féin, amhail domhan mbeag, agus na huaisle agus na hollamhain do bhí innti i n-allóid,” do “chumadar breitheamhnas, léigheas, filidheacht, agus ceol, agus riaghalacha cinnte riu, do bheith ar bun i nÉirinn.” — Id. “... An staraidhe chuireas roimhe tuarsgabháil foirne ar bioth dá mbí i gcrích do chur síos, dleaghair dó a dteist féin do thabhairt ortha, idir olc agus maith.” — Id. “Ní bhí dúithche san mbioth gan daosgar-shluagh .... gidheadh ní hioncháinte an chríoch go huile ar a son.” — Id. “Ní ar fhuath ná ar ghrádh druinge ar bioth seach a chéile, ná ar fhuráileamh aon duine, ná de shúil re sochar d'fhaghbháil uaidh, chuirim romham stair na hÉireann do sgríobhadh, acht de bhrígh gur mheasas ná bh'oircheas comh- onóraighe na hÉireann de chrích, agus comh- uaisle gach foirne dár áitigh í, do dhul i mbáthadh gan luadh ná iomrádh do bheith ortha.” — Id. “Dá dtugaidís [staraidhthe na nua- Ghall] ... a bhfíor-theist ar Éireann- achaibh, ní fheadar créad as nach cuir- fidís i gcoimhmheas re haon chineadh san Eoraip iad i dtrí neithibh, mar atá, i ngaisgeamhlacht, i léigheanntacht, agus i n-a mbeith daingean i san gcreid- eamh Catoiliceach.” — Id. “... Measaim gurab córa creid- eamhaint do sheanchus Éireann ioná do sheanchus aon chríche eile san Eoraip.” — Id. “Tugaid sgríbhne” leabhair do réir Dubhaltaigh Mhic Fhirbisigh: “do mhór- ughadh glóire Dé agus do dhéanamh iúil do chách i gcoitchinne.” — Dubhaltach Mac Firbisigh (circ. 1585-1670). “Ní aithnighid aicme Ghaedheal Banba, buime a macaomh, 'S ní aithnigheann Éire iad-san, — Téidhid re chéile as a gcruthaibh.” — Fearflatha Ó Gnímh (circ. 1562).
“Buaidh saor-Éire 'n-a Sacsain!” — Id. “A Thríonóid 'gá dtá an chumhacht An mbiaidh an dream so choidhche ar deoraidheacht, Ní is sia ó chathar-lios Chuinn Nó an mbiaidh an t-ath-aoibhneas againn?” — Id. “Do threasgair an saoghal is shéid an ghaoth mar smál, Alasdrom, Saesar, 's an mhéid sin a bhí 'n-a bpáirt; Tá an Teamhair 'n-a féar, is féach an Traoi mar tá, — Is na 'Sasanaigh féin do b'fhéidir go bhfuighidís bás!” — Fíle éigin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services