Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh (ar leanamhaint)
Title
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Muirgheasa, Énrí,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh. (ar leanamhaint) Is é Peadar Ua Doirnín an dara file mór a bhí san cheanntar so go déidheannach. Rugadh san mbliadhain 1682 é agus fuair sé bás ins an mbliadhain 1769. Bhí an file seo ar tí a bheith goidte uainn ag na Muimhneachaibh. Dubhairt Seaghan Ua Dálaigh gurbh' as Cúige Mumhan dó, agus cuireadh an sgéal bréagach céadna i gcló go minic ó'n tráth sin. Cha leigim a leas a rádh nach bhfuil ann acht úr-sgéal. Is maith agus is aoibhinn dúinn go bhfuil cunntas breágh cruinn againn ar bheathaidh Uí Dhoirnín. Bhí ógánach stuamach darbh' ainm Mata Ua Graeme, 'n-a chomhnaidhe i Sráid Bhaile Mhic Buain agus spéis mhór aige ins an Ghaedhilg. Ins an mbliadhain 1834 chruinnigh sé go díochrach agus chuir sé le chéile i láimh- sgríbhinn atá agam-sa indiu, na béal- oidis uilig a bhí le fagháil ar Ua Doirnín fá'n tráth sin, agus b'fhurus cunntas 'fhágháil air annsin. Do réir an chunntais seo rugadh Peadar i mbaile bheag dhá mhíle ó'n tSráidbhaile i gCo. Lughbhaidh, agus ní i gCúige Mumhan atá Co. Lughbhaidh. Sgológ bheag bhí 'n-a athair. Phós sé inghean Albanaigh de Mhuinntir Ghrifin. Bhí fuil Gaedhil agus Gaill i gcuisleannaibh Pheadair, acht má bhí féin, is beag an gean nó an grádh a bhí ariamh aige ar na Gallaibh. Fuair sé oideachas maith, agus adeirtear gur chaith sé cúpla bliadhain san Mhumhain, mar ba mhór an t-ainm a bhí ar sgol- áiríbh na Mumhan ar fud na hÉireann fá'n am sin. B'fhéidir gurab amhlaidh thárlaidh an sgéal fá é bheith 'n-a Mhuimhneach. Nuair a tháinic sé ar ais thosuigh sé ag múineadh sgoile, agus lean sé do'n obair seo beagnach ar feadh a shaoghail. Acht do réir dlighe Sacsan an tráth sin, ba coir é múineadh a thabhairt do na Caitlicighibh, agus sin a' rud a bhí Peadar a dhéanamh. Bhí bitheamhnach 'n-a chomhnaidhe sa bhFiodh i gCo. Árda Macha a dtug siad air “Johnstonach na gCeann.” Is maith is cuimhin leis na daoinibh é go dtí indiu, agus char stad siad ag mallachtuighe air go fóill. Is í an obair bhí aige ó Dhomhnach go Domhnach ag tóraidheacht, ag gabháilt, agus ag dith-cheannadh tóiridhe, rapairí, agus duine eile ar bith de na Gaedhealaibh ar mhaith leis. Chuir sé an ruaig ar Pheadar Ua Doirnín go minic, agus b'éigin do Pheadar athrughadh ó áit go hait, acht chongbhuigh sé i gcomhnaidhe i bhfogus do'n tSráidbhaile. Bhí dúil ag Peadar go minic dhul chuige an Fhrainnc acht baintreabhach bhocht a bhí 'n-a mháthair, agus cha rabh dóigh aici acht ag fágháil cuidighthe ó Pheadar, agus d'fhan Peadar aici go bhfuair sí bás. Annsin b'fhéidir go rabh sé comh haosta sin nár bh'fhiú leis imtheacht as Éirinn, acht ar dhóigh ar bith char imthigh sé. I ndeireadh a lae bhí sé ag múineadh sgoile aige Fuirceáil i gCo. Árda Macha. Lá áirithe d'éirigh sé tuirseach agus trom, agus chuaidh sé a chodladh. Nuair fuair siad an máighisitir 'n-a chodladh thosuigh na buachaillí ag imirt, agus nuair a bhí a sáith imeartha aca d'fhéach siad an máighistir bocht a mhúsgailt, acht fuair siad go rabh sé marbh. Tá gleann doimhin imeasg na sleibhtí i n-aice Fhuirceála i gCo. Árda Macha agus abhainn bheag ag dul fríd. Ar bhruach na habhna tá sean- roilig uaigneach a bhfuil An Urnaidhe uirthi, agus sin an áit a bhfuil Peadar 'n-a chodladh. Níl aithne aige duine ar bith ar an uaigh, agus taobh amuigh de na Gaedhilgeoiribh is suarach an uimhir daoine a bhfuil aithne aca ar a ainm. Tá agam amhrán déag is trí fichid a chum sé, a bhfuil cúig céad is dá mhíle líne ionnta. Nuair fuair sé bás sgríobh Art Mac Cubhthaigh a “Fheartlaoi.” Chan fhuil an oiread feasa agam ar Art is atá agam ar Pheadar. Rugadh é san mbliadhain 1715, agus d'éag sé san mbliadhain 1773. Chaith sé an chuid is mó de n-a shaoghal i gCo. Lughbhaidh, agus deirthear ag Ua Cearnaigh go rabh sé 'n-a fhile ag cuid de mhuinntir Néill i gCo. Lughbhaidh. Chan cosamhail go rabh Síol Néill ann an t-am sin ar bh'fhéidir leobhtha file a chongbháil, agus níl trácht ar bith ortha san fhilidheacht d'fhág sé 'n-a dhiaidh. Is cinnte gur chaith sé mór-chuid de n-a shaoghal 'n-a ghárrdhadóir ag na daoinibh móra. Ba léar dó an t-am sin go rabh an Ghaedhilg ag dul ar gcúl, agus chuir sé dubhrón ar a chroidhe. Deir sé: “Tá mo chroidhe-se raobhtha 'n-a mhíle céad chuid Is gan balsam éigin níl fóir dom phéin, An Ghaedhilg uile a bheith dá tréig- bheáil Is caismirt Béarla i mbéal gach aoin.” Aon amhrán amháin a chum sé, a bhfuil “Úir Chille Chreagain” air, is é an t-amhrán is mó clú agus ainm ag na Gaedhilgeoiríbh i nÓirghiallaibh go dtí an lá indiu é, agus chonnaic mé iad go minic ag caoineadh nuair a bheadh siad ag éisteacht le “hÚir Chille Chreag- ain” dá ghabháilt. Má bhí Peadar Ua Doirnín bocht bhí Art Mhac Cubhthaigh níos boichte. Deirthear go bhfuair sé bás i n-each- lainn. Chualaidh mé amhrán i mBéarla agus bhí an dá líne seo ann: — “With mingled grief and pride I look on the white stables where Art Mac Cooey died.” Tá níos mó 'ná míle líne agam a sgríobh sé. Cha dteanaim trácht ar na filíbh eile bhí i nÓirghiallaibh taobh amuigh de'n triúr so. Acht bhí breis agus deich- neabhar is fiche aca ann, agus is iomdha amhrán is dán deas snasta blasta a chum siad, agus ná habradh Pádraig Ua Dálaigh, Peadar mac Fhionnlaoich nó duine ar bith eile go bhfuil ár sáith filidheachta againn go mbéidh na hamhráin seo againn. B'fhéidir nach bhfuil siad chomh réidh is comh binn le fhilidheacht na Mumhan. D'fhéadfaidhe sin, acht rud amháin atá ionnta, táid níos tíoramhla agus níos tír-ghrádhmhala 'ná aon fhilidheacht as áit ar bith eile i nÉirinn. Filí Óirghiall, cha rabh siad corrtha ariamh ag trácht is ag cumadh dán is amhrán ar Shíol Néill; is bhíodh siad ag síor-chaoineadh fá Éirinn bhoicht is fá'n leathtrom a bhí uirthi. “Och,” arsa ceann aca, agus a chroidhe ag briseadh 'n-a chliabh, “Och, a Dhia ghléigil, an bhfuighe Éire bhocht cabhair go bráth?” Ba mhór an chaill do'n chineál Gaedheal atá againn indiu gan na hamhráin seo a bheith aca. Agus mar atáid indiu táid ag dul thart, cuid aca, mar bheadh rudaí ar seoid gan sealbhadóir ar bith. Agus tá daoine ag glacadh leobhtha indiu gan chead gan cheart. Chonnaic sinn go dtearn na Muimhnigh iarraidh ar file a bhaint dúinn. Chan fhuil muinn- tir Chonnacht níos fearr. Go háirithe tá gearán mór agam ar an Chraoibhín; tá sé ag cur isteach filidheachta Chúig' Uladh i mámaibh 'n-a leabhraibh. Is cuma dhúinn go n-aidigheann (admhuigeann) sé corr-uair go bhfuair sé an giota so nó an giota úd as láimhsgríbhinn Ultaigh, — chan ceart dó iad a chur isteach ar chor ar bith faoi thiodal “Amhráin Ghrádha Chúige Chonnacht” nó “Amhráin Dhiadha Chúige Chonnacht.” Acht le cuidiughadh Dé éireochamuid i gCúig' Uladh go fóill, agus cha leigeann sinn do aon ar bith ár bhfilidheacht luachmhar a bhaint dúinn. Atámuid anois 'n-ár gcodladh, acht béidh lá eile ann. Na lochta céadna atá ar fhilidheacht na Mumhan tá siad ar fhilidheacht Chúige Uladh. Tá barraidheacht “Ais- lingí,” “Marbhnaoithe,” agus “Caointe” innti, agus táid na filí i gcomhnaidhe 'gcomhnaidhe ag tabhairt isteach déithe bréige na Gréige. Agus níl an oiread smuainte árd-intinneacha ina an fhilidheacht seo is atá i bhfilidheacht tíortha eile. Acht mar sin féin, is iomdha rud deas fíor-Ghaedhealach atá innti, agus is iongantach an domhan é go bhfuil sí comh maith, comh deas agus comh huasal agus an droch-shlighe a bhí ag na daoinibh bochta a chum í. Rud eile, cha dtioc- fadh linn stair agus saoghal na nGaedheal le trí chéad bliadhain anuas a thuig- bheál go cruinn is go ceart gan an fhilidheacht seo a léigheadh. Ar na hádhbharaibh seo is é mo bharamhail nach bhfuil ár sáith filidheachta againn go fóill. Énrí Ó Muirgheasa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services