Filí Déidheanacha Chúig' Uladh.
(ar leanamhaint)
Is é Peadar Ua Doirnín an dara
file mór a bhí san cheanntar so go
déidheannach.
Rugadh san mbliadhain 1682 é agus
fuair sé bás ins an mbliadhain 1769.
Bhí an file seo ar tí a bheith goidte
uainn ag na Muimhneachaibh. Dubhairt
Seaghan Ua Dálaigh gurbh' as Cúige
Mumhan dó, agus cuireadh an sgéal
bréagach céadna i gcló go minic ó'n
tráth sin. Cha leigim a leas a rádh
nach bhfuil ann acht úr-sgéal. Is maith
agus is aoibhinn dúinn go bhfuil cunntas
breágh cruinn againn ar bheathaidh Uí
Dhoirnín.
Bhí ógánach stuamach darbh' ainm
Mata Ua Graeme, 'n-a chomhnaidhe i
Sráid Bhaile Mhic Buain agus spéis mhór
aige ins an Ghaedhilg. Ins an
mbliadhain 1834 chruinnigh sé go
díochrach agus chuir sé le chéile i láimh-
sgríbhinn atá agam-sa indiu, na béal-
oidis uilig a bhí le fagháil ar Ua
Doirnín fá'n tráth sin, agus b'fhurus
cunntas 'fhágháil air annsin.
Do réir an chunntais seo rugadh
Peadar i mbaile bheag dhá mhíle ó'n
tSráidbhaile i gCo. Lughbhaidh, agus ní i
gCúige Mumhan atá Co. Lughbhaidh.
Sgológ bheag bhí 'n-a athair. Phós
sé inghean Albanaigh de Mhuinntir
Ghrifin. Bhí fuil Gaedhil agus Gaill i
gcuisleannaibh Pheadair, acht má bhí
féin, is beag an gean nó an grádh a
bhí ariamh aige ar na Gallaibh. Fuair
sé oideachas maith, agus adeirtear gur
chaith sé cúpla bliadhain san Mhumhain,
mar ba mhór an t-ainm a bhí ar sgol-
áiríbh na Mumhan ar fud na hÉireann
fá'n am sin. B'fhéidir gurab amhlaidh
thárlaidh an sgéal fá é bheith 'n-a
Mhuimhneach.
Nuair a tháinic sé ar ais thosuigh sé
ag múineadh sgoile, agus lean sé do'n
obair seo beagnach ar feadh a shaoghail.
Acht do réir dlighe Sacsan an tráth
sin, ba coir é múineadh a thabhairt do
na Caitlicighibh, agus sin a' rud a bhí
Peadar a dhéanamh.
Bhí bitheamhnach 'n-a chomhnaidhe sa
bhFiodh i gCo. Árda Macha a dtug siad
air “Johnstonach na gCeann.” Is
maith is cuimhin leis na daoinibh é go
dtí indiu, agus char stad siad ag
mallachtuighe air go fóill.
Is í an obair bhí aige ó Dhomhnach go
Domhnach ag tóraidheacht, ag gabháilt,
agus ag dith-cheannadh tóiridhe, rapairí, agus
duine eile ar bith de na Gaedhealaibh
ar mhaith leis. Chuir sé an ruaig ar
Pheadar Ua Doirnín go minic, agus
b'éigin do Pheadar athrughadh ó áit go
hait, acht chongbhuigh sé i gcomhnaidhe
i bhfogus do'n tSráidbhaile.
Bhí dúil ag Peadar go minic dhul
chuige an Fhrainnc acht baintreabhach
bhocht a bhí 'n-a mháthair, agus cha rabh dóigh
aici acht ag fágháil cuidighthe ó Pheadar,
agus d'fhan Peadar aici go bhfuair sí
bás. Annsin b'fhéidir go rabh sé comh
haosta sin nár bh'fhiú leis imtheacht as
Éirinn, acht ar dhóigh ar bith char imthigh
sé. I ndeireadh a lae bhí sé ag
múineadh sgoile aige Fuirceáil i gCo.
Árda Macha.
Lá áirithe d'éirigh sé tuirseach agus
trom, agus chuaidh sé a chodladh. Nuair
fuair siad an máighisitir 'n-a chodladh
thosuigh na buachaillí ag imirt, agus nuair
a bhí a sáith imeartha aca d'fhéach siad
an máighistir bocht a mhúsgailt, acht
fuair siad go rabh sé marbh.
Tá gleann doimhin imeasg na
sleibhtí i n-aice Fhuirceála i gCo.
Árda Macha agus abhainn bheag ag dul
fríd. Ar bhruach na habhna tá sean-
roilig uaigneach a bhfuil An Urnaidhe
uirthi, agus sin an áit a bhfuil Peadar
'n-a chodladh. Níl aithne aige duine
ar bith ar an uaigh, agus taobh amuigh de na
Gaedhilgeoiribh is suarach an uimhir
daoine a bhfuil aithne aca ar a ainm.
Tá agam amhrán déag is trí fichid a
chum sé, a bhfuil cúig céad is dá mhíle
líne ionnta.
Nuair fuair sé bás sgríobh Art Mac
Cubhthaigh a “Fheartlaoi.” Chan fhuil
an oiread feasa agam ar Art is atá
agam ar Pheadar. Rugadh é san
mbliadhain 1715, agus d'éag sé san
mbliadhain 1773. Chaith sé an chuid is
mó de n-a shaoghal i gCo. Lughbhaidh, agus
deirthear ag Ua Cearnaigh go rabh sé
'n-a fhile ag cuid de mhuinntir Néill
i gCo. Lughbhaidh. Chan cosamhail go
rabh Síol Néill ann an t-am sin ar
bh'fhéidir leobhtha file a chongbháil, agus níl
trácht ar bith ortha san fhilidheacht
d'fhág sé 'n-a dhiaidh.
Is cinnte gur chaith sé mór-chuid de
n-a shaoghal 'n-a ghárrdhadóir ag na
daoinibh móra.
Ba léar dó an t-am sin go rabh an
Ghaedhilg ag dul ar gcúl, agus chuir sé
dubhrón ar a chroidhe. Deir sé:
“Tá mo chroidhe-se raobhtha 'n-a mhíle
céad chuid
Is gan balsam éigin níl fóir dom
phéin,
An Ghaedhilg uile a bheith dá tréig-
bheáil
Is caismirt Béarla i mbéal gach
aoin.”
Aon amhrán amháin a chum sé, a bhfuil
“Úir Chille Chreagain” air, is é an
t-amhrán is mó clú agus ainm ag na
Gaedhilgeoiríbh i nÓirghiallaibh go dtí
an lá indiu é, agus chonnaic mé iad go
minic ag caoineadh nuair a bheadh siad
ag éisteacht le “hÚir Chille Chreag-
ain” dá ghabháilt.
Má bhí Peadar Ua Doirnín bocht bhí
Art Mhac Cubhthaigh níos boichte.
Deirthear go bhfuair sé bás i n-each-
lainn.
Chualaidh mé amhrán i mBéarla agus bhí
an dá líne seo ann: —
“With mingled grief and pride
I look on the white stables where
Art Mac Cooey died.”
Tá níos mó 'ná míle líne agam a
sgríobh sé.
Cha dteanaim trácht ar na filíbh
eile bhí i nÓirghiallaibh taobh amuigh
de'n triúr so. Acht bhí breis agus deich-
neabhar is fiche aca ann, agus is iomdha
amhrán is dán deas snasta blasta a
chum siad, agus ná habradh Pádraig Ua
Dálaigh, Peadar mac Fhionnlaoich nó
duine ar bith eile go bhfuil ár sáith
filidheachta againn go mbéidh na
hamhráin seo againn.
B'fhéidir nach bhfuil siad chomh réidh
is comh binn le fhilidheacht na Mumhan.
D'fhéadfaidhe sin, acht rud amháin atá
ionnta, táid níos tíoramhla agus níos
tír-ghrádhmhala 'ná aon fhilidheacht as áit
ar bith eile i nÉirinn.
Filí Óirghiall, cha rabh siad corrtha
ariamh ag trácht is ag cumadh dán is
amhrán ar Shíol Néill; is bhíodh siad ag
síor-chaoineadh fá Éirinn bhoicht is fá'n
leathtrom a bhí uirthi.
“Och,” arsa ceann aca, agus a chroidhe
ag briseadh 'n-a chliabh,
“Och, a Dhia ghléigil, an bhfuighe
Éire bhocht cabhair go bráth?”
Ba mhór an chaill do'n chineál Gaedheal
atá againn indiu gan na hamhráin seo
a bheith aca.
Agus mar atáid indiu táid ag dul
thart, cuid aca, mar bheadh rudaí ar
seoid gan sealbhadóir ar bith. Agus
tá daoine ag glacadh leobhtha indiu
gan chead gan cheart. Chonnaic sinn
go dtearn na Muimhnigh iarraidh ar
file a bhaint dúinn. Chan fhuil muinn-
tir Chonnacht níos fearr. Go háirithe tá
gearán mór agam ar an Chraoibhín;
tá sé ag cur isteach filidheachta Chúig'
Uladh i mámaibh 'n-a leabhraibh. Is cuma
dhúinn go n-aidigheann (admhuigeann)
sé corr-uair go bhfuair sé an giota
so nó an giota úd as láimhsgríbhinn
Ultaigh, — chan ceart dó iad a chur
isteach ar chor ar bith faoi thiodal
“Amhráin Ghrádha Chúige Chonnacht” nó
“Amhráin Dhiadha Chúige Chonnacht.”
Acht le cuidiughadh Dé éireochamuid
i gCúig' Uladh go fóill, agus cha leigeann
sinn do aon ar bith ár bhfilidheacht
luachmhar a bhaint dúinn.
Atámuid anois 'n-ár gcodladh, acht
béidh lá eile ann.
Na lochta céadna atá ar fhilidheacht
na Mumhan tá siad ar fhilidheacht
Chúige Uladh. Tá barraidheacht “Ais-
lingí,” “Marbhnaoithe,” agus “Caointe”
innti, agus táid na filí i gcomhnaidhe
'gcomhnaidhe ag tabhairt isteach déithe
bréige na Gréige. Agus níl an
oiread smuainte árd-intinneacha ina
an fhilidheacht seo is atá i bhfilidheacht
tíortha eile.
Acht mar sin féin, is iomdha rud
deas fíor-Ghaedhealach atá innti, agus is
iongantach an domhan é go bhfuil sí
comh maith, comh deas agus comh huasal agus
an droch-shlighe a bhí ag na daoinibh
bochta a chum í. Rud eile, cha dtioc-
fadh linn stair agus saoghal na nGaedheal
le trí chéad bliadhain anuas a thuig-
bheál go cruinn is go ceart gan an
fhilidheacht seo a léigheadh. Ar na
hádhbharaibh seo is é mo bharamhail nach
bhfuil ár sáith filidheachta againn go
fóill.
Énrí Ó Muirgheasa.