Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smaoineadh
Title
Smaoineadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Aibreán 21, 1906 Smaoineadh. Thugamar comhairle dár léightheoiríbh an tseachtmhain seo ghabh tharainn, agus is dóigh linn gur mhaith an chomhairle í. Mholamar dóibh gan fanacht ar an tsráid-bhaile nó ins an gcathair aon tráthnóna Domhnaigh ar feadh an tsamh- raidh. Ar mhullach an chnuic, nó i lár na coille cnómhaire, nó ar dhruim an chuain, — sin mar badh dhual do'n Ghaedheal a shaoire do chaitheamh. Níorbh' áille aon tréith de thréithibh uaisle an tsean-Ghaedhil 'ná an grádh do bhí i n-a chroidhe do chnocaibh agus do ghleanntaibh, d'aibhnibh agus d'easaibh, do choilltibh agus do chuantaibh a thíre dúthchais. Is baoghlach gur beag Gaedheal de Gheadhealaibh na haimsire seo a bhfuil grádh aige do na rudaíbh seo ar féidir a chur i gcomórtas leis an ngrádh do bhí ag Fionn nó ag Colm Cille dóibh. Tréith áluinn eile nach maireann i nGaedhealaibh an lae indiu, an bháidh do bhíodh ag an sean-Ghaedheal le hain- mhidhthibh agus le héanlaith agus le “mion- daoinibh éagsamhla na coille.” Badh mhaith linn an grádh agus an bháidh sin do mhúsgailt arís i gcroidhthibh Gaedheal. Badh mhaith linn dá bhféadfaidhe a rádh go dtuigeann Gaedhil óga na haim- sire seo, go mór-mhór na Gaedhil óga bhaineas leis an gConnradh so againne, brígh agus éifeacht na bhfocal so do chan an fhile Gallda, chomh maith is thuig- eadar a sinnsir iad: — Sin smaoineadh do tháinig isteach i n-ár gcroidhe agus sinn go hárd ar mhullach cnuic, lá i rith na Cásga so. Ní dócha go dtógfar orainn é chur os comhair ár léightheoirí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services