Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smaoineadh

Title
Smaoineadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Aibreán 21, 1906



Smaoineadh.



Thugamar comhairle dár léightheoiríbh
an tseachtmhain seo ghabh tharainn, agus is
dóigh linn gur mhaith an chomhairle í.
Mholamar dóibh gan fanacht ar an
tsráid-bhaile nó ins an gcathair aon
tráthnóna Domhnaigh ar feadh an tsamh-
raidh. Ar mhullach an chnuic, nó i lár
na coille cnómhaire, nó ar dhruim an
chuain, — sin mar badh dhual do'n
Ghaedheal a shaoire do chaitheamh. Níorbh'
áille aon tréith de thréithibh uaisle an
tsean-Ghaedhil 'ná an grádh do bhí i n-a
chroidhe do chnocaibh agus do ghleanntaibh,
d'aibhnibh agus d'easaibh, do choilltibh agus do
chuantaibh a thíre dúthchais. Is baoghlach
gur beag Gaedheal de Gheadhealaibh na
haimsire seo a bhfuil grádh aige do
na rudaíbh seo ar féidir a chur i
gcomórtas leis an ngrádh do bhí ag
Fionn nó ag Colm Cille dóibh.



Tréith áluinn eile nach maireann i
nGaedhealaibh an lae indiu, an bháidh
do bhíodh ag an sean-Ghaedheal le hain-
mhidhthibh agus le héanlaith agus le “mion-
daoinibh éagsamhla na coille.” Badh
mhaith linn an grádh agus an bháidh sin do
mhúsgailt arís i gcroidhthibh Gaedheal.
Badh mhaith linn dá bhféadfaidhe a rádh
go dtuigeann Gaedhil óga na haim-
sire seo, go mór-mhór na Gaedhil óga
bhaineas leis an gConnradh so againne,
brígh agus éifeacht na bhfocal so do chan
an fhile Gallda, chomh maith is thuig-
eadar a sinnsir iad: —



Sin smaoineadh do tháinig isteach i
n-ár gcroidhe agus sinn go hárd ar
mhullach cnuic, lá i rith na Cásga so.
Ní dócha go dtógfar orainn é chur os
comhair ár léightheoirí.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services