Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Rás ar Rotharaibh
Title
Rás ar Rotharaibh
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Bean Dubh a' Ghleanna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Rás ar Rotharaibh “Is 'mdhó bealach fliuch salach agus bóithrín cam Atá 'dir mé 'gus an baile go bhfuil an léightheoir' ann.” Seadh, a léightheoir dhílis, tá tamall maith anois ó bhí tusa 'gus mise ar chuaird le n-a chéile thíos ar an lios ag Cnoc a' Bhile. An cuimhin leat an oidhche sheaca spéir-ghealaighe úd? Anois díreach do bhíos féin ag cuimhneamh uirthi nuair do chonnac an ghealach ag taithneamh ar an gcuma gcéadna, ar an sean-lios úd, mar bhí sí an uair sin. Tá an sean-lios ann- súd fós, go haonrach uaigneach mar is gnáth leis. Níor chuir aon'ne aon chor de, agus ní mórán do chuir aon speic air acht mé féin anois is arís. 'Sé cheapas nár bh'fhearr dhuit rud do dhéanfá 'ná bualadh amach liom ar thurus eile an oidhche áluinn seo. An bhfuil an ceart agam? Tabhair leat do rothar, mar atá aistear trí mhíle nó mar sin romhainn, acht ó tá an uain chomh ciúin chomh geal agus an casán ar thaobh an bhóthair, agus gan acht cúpla árdán romhainn, ní mhothóch- amuid an méid sin. Bí trócaireach anois, agus ná himthigh ró-mhear damh-sa, acht fan, “raghad-sa romhat-sa” ar an gcasán, agus annsoin ní féidir leat mé do bhualadh amach. Ar aghaidh linn anois! lean-se mise chum go ndéarfaidh mé leat stad. Fág do bhéal dúnta mar is olc é aer na hoidhche do'n ghuth, agus b'fhéidir go mbeadh an ceochán ort tar éis na hoidhche, agus ní bheadh soin ró-mhaith. Mar sin féin is féidir leat gach rud do thabhairt fá ndeara ar an slighe — na croinn árda, mar a thagaid le chéile os cionn an bhóthair, ag déanamh mar bheadh “tigh gréine”; agus i n-áiteannaibh eile mar a chaitheann siad a sgáil treasna an chasáin chum cosc do chur leat, badh dhóigh leat. Annsoin, nuair a bheimíd geall leis ag deireadh an aistir raghamuid thar droichead na traenach, agus má bhíonn an traen ag dul fé féin, dár ndóigh, ní gábhadh dhuit aon eagla bheith ort go gcuirfidh sé sgannradh ar do chapall. An bhfuilir ag teacht? Stad! Cá bhfuilim' 'od' bhreith, an eadh? Táir i ndeireadh na preibe i ndiaidh an sgeimhle sin do fuairis uaim? Ha! andaigh, ní haon iongnadh dhuit sin, mar níor fhágas-sa aon dathach ins na glúinibh agat, acht dá olcas mé níor mhaith liom tú bhrostughadh i gcoinnibh an árdáin seo, siubhalaimís suas. Anois, féach ar theach na scoile thuas ar bharr an árdáin sin — seadh, sin í teach na scoile i mBealach agus is go dtí sin atámuid ag dul anois, agus má's mar is gnáth a bheidh, is fiú dhuit an rás do dheinis do dhéanamh chun teacht go dtí an scoil sin, agus chum scéal na craoibhe do bhailigheann innti do chlos ó thús go deireadh. Go réidh anois, agus tiocfamuid “aniar a dtuaidh ortha mar do tháinig Tadhg na Cuaiche ar Chorcaigh.” Éist!
“Is buachaillín fíor-óg mé, Go bhfóiridh orm Rí na nGrást.” Go bhfóiridh Dia oraibh-se, a pháistí óga, mar is fíor gur maith is eol díbh an fonn soin do ghabháil, agus le congnamh Ríogh na nGrást níl baoghal ar shean- cheol na hÉireann an fhaid is tá mórán d'bhur leithéide ar fuaid na tíre. Féach, tá dhá ranng ann aca, seadh, agus beirt mhúinteoir leis. Is dócha go bhfuil aithne agat ar an mbuachaill óg soin ag múineadh thíos ag bun, go bhfuil an chéad agus an dara ranng aige? Tá go deimhin, mar do casadh orainn i gCnoc a Bhile roimhe seo é. Is dócha go bhfuil aithne agat ar an múinteoir eile ag barr, leis, go bhfuil an tríomhadh rann aici? Tá, mar do casadh orainn í sin leis ann. Tá Tomás Ó Duibhir, an t-uachtarán, aca anocht. Ní bhíonn sé ann chomh minic is do bhíodh sé, — ní bhíonn sé, go deimhin, mar tá a mhalairt de chúrám air, óir le déidheannaighe do phós sé (go mairir do chéile, a Thomáis, agus go mairidh do chéile thú, agus go mairidh sibh féin a chéile!). Cleachtadh eile ar an amhrán anois, agus beidh ag dul a bhaile. Ní bheidh aon scléip aca anocht tar éis na hoibre, mar bíonn sgoraidheacht aca istoidhche Dia Domhnaigh. Ní bheidh aon chruinniughadh ag an gcoiste anocht, chím, óir tá an solus múchta agus iad ag fágaint slán aige n-a chéile ar an mbthoar. Ní fuláir nó tá báidh ag na “púcaibh” linn, mar tá lios eile annso, raghamuid suas air, agus an fhaid atámuid ag siubhal inneosad duit scéal na craoibhe seo. Go dtí bliadhain an taca so ba ro- bheag an Ghaedhilg ná an trácht uirthi do chualaidh an tsean-scoil seo, acht ní raibh an scéal le fanamhaint mar sin, agus do cheap Éamonn Ó Duibhir agus chom- pánaigh ná raibh. Gaedheal cliste is eadh Éamonn. Ar feadh trí mbliadhan go leith do shiubhail sé — chomh maith le mórán eile — trí mhíle, dhá oidhche sa tseachtmhain go dtí an ranng i gCnoc a' Bhile. Nuair do chonnaic sé cionnus bhí ag rith leo annsoin, do spriocadh é, agus do cheap sé an “solus do leathadh,” mar deirid i mBéarla. Do labhair sé le cúpla óig-fhear eile, agus 'sé críoch a gcomhráidh gur cuireadh ar bun “Craobh an Bhealaigh” go raibh tusa agus mise aici anocht. Seadh, bhí an chraobh ar bun, agus mórán scoláirí ag teacht go dtí an ranng, acht cá raibh an múinteoir le fágháil? Fuaireadh í go háirithe le cabhair an leomhan-fhir ghroidhe sin, an tAthair Mathúin: do scaoil sé chúcha aníos an múinteoir atá 'n-a pharóiste féin. Ó soin anuas tá an chraobh ag dul ar aghaidh go breagh, buidheachas mór le Dia. Tá mórán de dhaltaibh dílse ann. Tá Tomás Ua Duibhir mar Uachtarán aca, Éamonn Ó Duibhir mar leas-uachtarán, Pádraig Ó Birn mar Rúnaidhe, agus Conchubhar Ó Dirighe mar Chisteoir; tá mórán eile ar an gCoiste, agus go deimhin níl na cailíní ar deireadh. Ní raibh an chraobh ar bun acht dhá mhí nuair do fuair na páistí do bhain léi an dara duais ag Feis Chnuic a' Bhile (buachaillí C. a' Bh. do fuair an chéad duais). Mí 'n-a dhiaidh sin bhí cuirm cheoil aca féin, agus go deimhin níor mhiste a rádh go raibh sí fíor-Ghaedhealach. Fuaireadar congnamh ó bhuachaillíbh Mhic Oisín ó Chnoc a' Bhile, agus, Ó! go dearbhtha ba mhaith an díol ortha iad do leigint amach. Bhí cuirm cheoil eile aca um Nodlaig seo ghabh tharainn agus b' shin é an spórt ceart. Bhí dráma aca, acht i mBéarla a bhí sé, mar níor bh'fhéidir leis an gcuid is mó de sna daoinibh an Ghaedhilg do thuigsint fós. An “Leadin' Road to Donegal.” Sin í an ainm do bhí air. Dob' é Conchubhar Ó Dirighe do bhí mar “Thadhg” aca, agus dá bhfeic- feá é ag filleadh a chos fé ar a' mbórd badh dhóigh leat gur ag tailliúir- eacht a chaith sé a shaoghal. B'olc an ceann do “Mháire” é, ámh. Ní fhéadfainn gan cuimhneamh ar an staf a bhí i nÉamonn Ó Ciaráin mar an duine uasal, agus ar Ph. Ó Birin mar “Bhrian” agus Liam Mac Aodha mar “Mhícheál.” Bhí amhráin Ghaedhilge go leor againn leis. Is binn-ghlórach an cailín óg i Caitlín Armstrong, agus bhí Seaghan Ó Ceatharnaigh le n-a pháiste agus “seo hín seó” an-mhaith ar fad. Beidh cuirm cheoil eile aca trí seachtmhaine ó'n Domhnach so chugainn, acht ní 'neosfad aon nídh mar gheall uirthi duit, mar caithfir teacht liom ar thurus eile go dtí í. Beidh an dráma breágh soin “An Dochtúir” aca, an oidhche sin. Beidh árd-oidhche aca, agus againne ag féachaint ortha. Féach anois cad is féidir le haon duine amháin do dhéanamh go mbeidh a chroidhe sa chúis! A léightheoir dhílis, labhair leis na fearaibh óga, agus abair leo a ndícheall do dhéanamh ar an sprid cheart do chuir i gcroidhe a gcompánach, atá alla-bhog fós. Acht féach! támuid ar an lios fad ó. Nach áluinn an oidhche í, agus nach áluinn an radharc do leathann os ár gcomhair. Féach soir mar a bhfuil Caiseal Mumh- an, agus an Charraig go mórdha os a chionn, agus Sliabh na mBan len' ais. An “Dibhil's Bit” ar an dtaobh thuaidh dínn, agus Sléibhte móra na nGaillte ar an dtaobh theas. Sráidín an Bhealaigh síos fúinn agus tamall beag soir mar a bhfuil Crosaire an Ghúlaigh — stad na traeneach — mar a raibh na buachaillí i gcoinnibh an Chraoibhín an meadhon oidhche úd do bhí sé ag dul thart. “Dubhairt bean liom go ndubhairt bean léi” gur mhór an iongna nár thuit an stad a muin mairc a chéile an oidhche úd le liúiridh agus bualadh bas. Ó! Fó! Fó! Fó! a haon a chlog, sin í traen na leitreach ag fágaint an staid! Tabhair do bhóthar ort, a léightheoir dhílis mo chroidhe. Beannacht Dé leat agus beannacht na naomh leat. Beannacht na nGaedheal leat, agus cuireann mar aon leo beannacht uaithi féinig — “Bean Dubh a' Ghleanna.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services