Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rás ar Rotharaibh

Title
Rás ar Rotharaibh
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Bean Dubh a' Ghleanna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Rás ar Rotharaibh



“Is 'mdhó bealach fliuch salach agus bóithrín
cam
Atá 'dir mé 'gus an baile go bhfuil
an léightheoir' ann.”



Seadh, a léightheoir dhílis, tá tamall
maith anois ó bhí tusa 'gus mise ar
chuaird le n-a chéile thíos ar an lios ag
Cnoc a' Bhile. An cuimhin leat an
oidhche sheaca spéir-ghealaighe úd?



Anois díreach do bhíos féin ag
cuimhneamh uirthi nuair do chonnac an
ghealach ag taithneamh ar an gcuma
gcéadna, ar an sean-lios úd, mar bhí
sí an uair sin. Tá an sean-lios ann-
súd fós, go haonrach uaigneach mar is
gnáth leis. Níor chuir aon'ne aon chor
de, agus ní mórán do chuir aon speic air
acht mé féin anois is arís.



'Sé cheapas nár bh'fhearr dhuit rud
do dhéanfá 'ná bualadh amach liom ar
thurus eile an oidhche áluinn seo. An
bhfuil an ceart agam?



Tabhair leat do rothar, mar atá
aistear trí mhíle nó mar sin romhainn,
acht ó tá an uain chomh ciúin chomh geal
agus an casán ar thaobh an bhóthair, agus gan
acht cúpla árdán romhainn, ní mhothóch-
amuid an méid sin.



Bí trócaireach anois, agus ná himthigh
ró-mhear damh-sa, acht fan, “raghad-sa
romhat-sa” ar an gcasán, agus annsoin ní
féidir leat mé do bhualadh amach.



Ar aghaidh linn anois! lean-se mise
chum go ndéarfaidh mé leat stad.
Fág do bhéal dúnta mar is olc é aer
na hoidhche do'n ghuth, agus b'fhéidir go
mbeadh an ceochán ort tar éis na
hoidhche, agus ní bheadh soin ró-mhaith. Mar
sin féin is féidir leat gach rud do
thabhairt fá ndeara ar an slighe — na
croinn árda, mar a thagaid le chéile
os cionn an bhóthair, ag déanamh mar
bheadh “tigh gréine”; agus i n-áiteannaibh
eile mar a chaitheann siad a sgáil
treasna an chasáin chum cosc do chur
leat, badh dhóigh leat.



Annsoin, nuair a bheimíd geall leis
ag deireadh an aistir raghamuid thar
droichead na traenach, agus má bhíonn an
traen ag dul fé féin, dár ndóigh, ní
gábhadh dhuit aon eagla bheith ort go
gcuirfidh sé sgannradh ar do chapall.



An bhfuilir ag teacht?
Stad!
Cá bhfuilim' 'od' bhreith, an eadh?
Táir i ndeireadh na preibe i ndiaidh an
sgeimhle sin do fuairis uaim?



Ha! andaigh, ní haon iongnadh dhuit
sin, mar níor fhágas-sa aon dathach ins
na glúinibh agat, acht dá olcas mé
níor mhaith liom tú bhrostughadh i
gcoinnibh an árdáin seo, siubhalaimís
suas.



Anois, féach ar theach na scoile thuas
ar bharr an árdáin sin — seadh, sin í
teach na scoile i mBealach agus is go dtí
sin atámuid ag dul anois, agus má's mar
is gnáth a bheidh, is fiú dhuit an rás do
dheinis do dhéanamh chun teacht go dtí
an scoil sin, agus chum scéal na craoibhe
do bhailigheann innti do chlos ó thús go
deireadh.



Go réidh anois, agus tiocfamuid “aniar
a dtuaidh ortha mar do tháinig Tadhg
na Cuaiche ar Chorcaigh.” Éist!


L. 06


“Is buachaillín fíor-óg mé,
Go bhfóiridh orm Rí na nGrást.”



Go bhfóiridh Dia oraibh-se, a pháistí
óga, mar is fíor gur maith is eol díbh
an fonn soin do ghabháil, agus le congnamh
Ríogh na nGrást níl baoghal ar shean-
cheol na hÉireann an fhaid is tá mórán
d'bhur leithéide ar fuaid na tíre.



Féach, tá dhá ranng ann aca, seadh,
agus beirt mhúinteoir leis. Is dócha go
bhfuil aithne agat ar an mbuachaill óg
soin ag múineadh thíos ag bun, go
bhfuil an chéad agus an dara ranng aige?
Tá go deimhin, mar do casadh orainn i
gCnoc a Bhile roimhe seo é.



Is dócha go bhfuil aithne agat ar
an múinteoir eile ag barr, leis, go
bhfuil an tríomhadh rann aici? Tá,
mar do casadh orainn í sin leis ann.



Tá Tomás Ó Duibhir, an t-uachtarán,
aca anocht. Ní bhíonn sé ann chomh
minic is do bhíodh sé, — ní bhíonn sé, go
deimhin, mar tá a mhalairt de chúrám
air, óir le déidheannaighe do phós sé
(go mairir do chéile, a Thomáis, agus go
mairidh do chéile thú, agus go mairidh sibh
féin a chéile!). Cleachtadh eile ar an
amhrán anois, agus beidh ag dul a bhaile.
Ní bheidh aon scléip aca anocht tar éis
na hoibre, mar bíonn sgoraidheacht
aca istoidhche Dia Domhnaigh. Ní bheidh
aon chruinniughadh ag an gcoiste anocht,
chím, óir tá an solus múchta agus iad ag
fágaint slán aige n-a chéile ar an
mbthoar.



Ní fuláir nó tá báidh ag na
“púcaibh” linn, mar tá lios eile
annso, raghamuid suas air, agus an fhaid
atámuid ag siubhal inneosad duit
scéal na craoibhe seo.



Go dtí bliadhain an taca so ba ro-
bheag an Ghaedhilg ná an trácht uirthi
do chualaidh an tsean-scoil seo, acht ní
raibh an scéal le fanamhaint mar sin,
agus do cheap Éamonn Ó Duibhir agus chom-
pánaigh ná raibh. Gaedheal cliste is
eadh Éamonn. Ar feadh trí mbliadhan
go leith do shiubhail sé — chomh maith le
mórán eile — trí mhíle, dhá oidhche sa
tseachtmhain go dtí an ranng i gCnoc
a' Bhile.



Nuair do chonnaic sé cionnus bhí ag
rith leo annsoin, do spriocadh é, agus do
cheap sé an “solus do leathadh,” mar
deirid i mBéarla. Do labhair sé le
cúpla óig-fhear eile, agus 'sé críoch a
gcomhráidh gur cuireadh ar bun
“Craobh an Bhealaigh” go raibh tusa
agus mise aici anocht. Seadh, bhí an
chraobh ar bun, agus mórán scoláirí ag
teacht go dtí an ranng, acht cá raibh
an múinteoir le fágháil? Fuaireadh í
go háirithe le cabhair an leomhan-fhir
ghroidhe sin, an tAthair Mathúin: do
scaoil sé chúcha aníos an múinteoir
atá 'n-a pharóiste féin. Ó soin anuas
tá an chraobh ag dul ar aghaidh go
breagh, buidheachas mór le Dia. Tá
mórán de dhaltaibh dílse ann. Tá
Tomás Ua Duibhir mar Uachtarán aca,
Éamonn Ó Duibhir mar leas-uachtarán,
Pádraig Ó Birn mar Rúnaidhe, agus
Conchubhar Ó Dirighe mar Chisteoir; tá
mórán eile ar an gCoiste, agus go
deimhin níl na cailíní ar deireadh.



Ní raibh an chraobh ar bun acht dhá mhí
nuair do fuair na páistí do bhain léi
an dara duais ag Feis Chnuic a' Bhile
(buachaillí C. a' Bh. do fuair an chéad
duais).



Mí 'n-a dhiaidh sin bhí cuirm cheoil
aca féin, agus go deimhin níor mhiste
a rádh go raibh sí fíor-Ghaedhealach.
Fuaireadar congnamh ó bhuachaillíbh
Mhic Oisín ó Chnoc a' Bhile, agus, Ó! go
dearbhtha ba mhaith an díol ortha iad do
leigint amach.



Bhí cuirm cheoil eile aca um Nodlaig
seo ghabh tharainn agus b' shin é an spórt
ceart. Bhí dráma aca, acht i mBéarla
a bhí sé, mar níor bh'fhéidir leis an
gcuid is mó de sna daoinibh an
Ghaedhilg do thuigsint fós. An “Leadin'
Road to Donegal.” Sin í an ainm
do bhí air. Dob' é Conchubhar Ó Dirighe
do bhí mar “Thadhg” aca, agus dá bhfeic-
feá é ag filleadh a chos fé ar a'
mbórd badh dhóigh leat gur ag tailliúir-
eacht a chaith sé a shaoghal. B'olc an
ceann do “Mháire” é, ámh.



Ní fhéadfainn gan cuimhneamh ar an
staf a bhí i nÉamonn Ó Ciaráin
mar an duine uasal, agus ar Ph. Ó Birin
mar “Bhrian” agus Liam Mac Aodha mar
“Mhícheál.”



Bhí amhráin Ghaedhilge go leor againn
leis. Is binn-ghlórach an cailín óg i
Caitlín Armstrong, agus bhí Seaghan Ó
Ceatharnaigh le n-a pháiste agus “seo hín
seó” an-mhaith ar fad.



Beidh cuirm cheoil eile aca trí
seachtmhaine ó'n Domhnach so chugainn,
acht ní 'neosfad aon nídh mar gheall
uirthi duit, mar caithfir teacht liom ar
thurus eile go dtí í. Beidh an dráma
breágh soin “An Dochtúir” aca, an
oidhche sin. Beidh árd-oidhche aca, agus
againne ag féachaint ortha.



Féach anois cad is féidir le haon
duine amháin do dhéanamh go mbeidh a
chroidhe sa chúis!



A léightheoir dhílis, labhair leis na
fearaibh óga, agus abair leo a ndícheall
do dhéanamh ar an sprid cheart do
chuir i gcroidhe a gcompánach, atá
alla-bhog fós.



Acht féach! támuid ar an lios fad ó.



Nach áluinn an oidhche í, agus nach áluinn
an radharc do leathann os ár gcomhair.
Féach soir mar a bhfuil Caiseal Mumh-
an, agus an Charraig go mórdha os a chionn,
agus Sliabh na mBan len' ais. An
“Dibhil's Bit” ar an dtaobh thuaidh
dínn, agus Sléibhte móra na nGaillte ar
an dtaobh theas. Sráidín an Bhealaigh
síos fúinn agus tamall beag soir mar a
bhfuil Crosaire an Ghúlaigh — stad na
traeneach — mar a raibh na buachaillí
i gcoinnibh an Chraoibhín an meadhon
oidhche úd do bhí sé ag dul thart.
“Dubhairt bean liom go ndubhairt
bean léi” gur mhór an iongna nár
thuit an stad a muin mairc a chéile an
oidhche úd le liúiridh agus bualadh bas.



Ó! Fó! Fó! Fó! a haon a chlog,
sin í traen na leitreach ag fágaint an
staid!



Tabhair do bhóthar ort, a léightheoir
dhílis mo chroidhe. Beannacht Dé leat
agus beannacht na naomh leat. Beannacht
na nGaedheal leat, agus cuireann mar
aon leo beannacht uaithi féinig —



“Bean Dubh a' Ghleanna.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services