Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh (ar leanamhaint)
Title
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Muirgheasa, Énrí,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh. (ar leanamhaint) Bhí Séamus Mhac Cuarta dall, agus is é an t-ainm atá ag na daoinibh in Óir- ghiallaibh air “An Dall Mhac Cuarta.” Deir Mac Uí Raghallaigh san leabhar “Ughdair na Gaedhilge” gurbh' as Co. Lughmhaidh do'n Dall, acht do réir na sean-daoine rugadh é i bhFearnmhaigh i gCo. Muineacháin. Aithriseann na sean-sgéaltaí caidé mar tharlaidh dó a bheith dall. Cha raibh sé dall i dtús a shaoghail. Sgafaire breagh éifeachtach a bhí ann ar ghnáth leis a bheith ag dul ar chéilidhe gach uile oidhche. Oidhche amháin cá hé chas air acht maighdean spéireamhail chaoidhea- mhail dathamhail, níos áilne 'ná aindir ar bith chonnaic súile fir ariamh. Agus thaitin sí go mór-mhór le Séamus óg, agus thug sé a chroidhe di ar a' bponc. Is dhuinne chas sí air oidhche agus oidhche eile. I gceann tamaill d'innis Séamus do shean-fhear an sgéal fá'n mhaighdin a casadh air san oidhche. Dubh- airt an sean-fhear leis í sheachaint ó shoin amach, mar nár chailín saoghalta a bhí innti act leanán sidhe. Ghlac Séamus comhairle an tsean-fhir agus sheachain sé í tamall. Cibé 's ar bith oidhche áirithe nuair bhí sé 'n-a chodladh san sgioból mar ba ghnáth leis na buachaillíbh i n-aimsir an tsamhraidh músladh é i n-uaig- neas na hoidhche le glór chailín ag an doras. D'iarr sí air an doras fhos- gailt, mar bhí sé a cheithre uirthi cúpla focal a labhairt leis. Dubhairt sé léithi nach bhfosglóchadh sé an doras acht í a labhairt taobh amuigh de'n dorus agus go n-éistfeadh sé léithi aige poll na heochrach. Acht nuair dhearc sé amach ar an pholl shéidh sí a hanál isteach agus dalladh é ar a' móimid. Dall bocht gan foghnamh a bhí ann anois agus bhíodh sé ag dul thart ag síor-smuain- eadh agus ag rádh giotaí amhrán is ceol leis féin. Agus thárlaidh sé san bhfoghmhar nuair a bhí a mhuinntir praidhinneach ag tabhairt isteach an choirce go raibh na bearnaí uilig fosgailte aca, agus cuireadh Séamus i n-a shuidhe i mbearna agus bata 'n-a láimh aige ar dhóigh nach leigfeadh sé an t-eallach dhul isteach san choirce. Agus bhí sé ag gabháilt cheoil mar ba ghnáth leis. San choinfheasgar thainic an mhaigh- dean chuige arís, agus d'fhiostruigh sí de cia haca a b'fhearr leis, na focla nó an glór. D'fhreagair sé í gurbh' fhearr leis na focal, agus phronn sí air cumhacht fhilidh- eachta, agus is amhlaidh adeir na sean- daoine go dtiocfadh leis an fhilidheacht mhaith a chumadh. Sin a' sgéal mar fuair mise é gan focal chuige nó uaidh. Chan fhuilim cinnte ar an am ar mhair “An Dall”, ann. Bhí sé beo san mbliadhain 1712. D'éag a dhá dhearbh- ráthair, Brian agus Ruaidhrí, i n-aoinfheacht sa mbliadhain 1707 agus sgríobh sé “marbhnaoi” nó dán fada brónach ar a mbás. Deir sé ann: “Seacht gcéad ar mhíle go beacht Agus seacht mbliadhna dá thionól Ó theacht Chríosta do chabhair cháich Go bás mó dhís dearbhráthair.” Agus bhí sé 'n-a shean-fhear an t-am sin, óir deir sé: “Ó mharbhais mo chroidhe, dod' dheoin Le bás na beirte-si, a Thríon- óid Muna bhfuil tréas damh iarraidh ort Chuir mise 'n-a ndiaidh gan fuireach. “Ná leig eisiomplair gan threor I ndiaidh na díse-si críoch-bheo Ar ghrádh do pháiste san gcrann Cuir leo go párrthas an sean- dall.” Tchífear ó'n rann so rabh sé aosta, agus gur cosamhail go bhfuair sé bás i dtús na hochtmhadh aoise déag. Bhí file eile darbh' ainm Ua Néill 'n-a chomhnuidhe ag Uíbh Méith Mara, is dóigh liom, agus bhí sé bodhar, agus tugadh “An Bodhrán Ua Néill” air. Bhíodh an “Bódhrán” agus an “Dall” ag dul i gconspóid le chéile i gcomh- naidhe. Samhluigheann gur éirigh siad neamh-charadach ar fad amach i ndeireadh an sgéil, agus is cosamhail go bhfuair an Dall an buaidh ar an mBodhrán. Dubhairt an Bodhrán:— “Guidhim-sa Dia na bhFeart Ó is air a n-éighim i ngach teann Is a' Té bhain a' t-éisteacht de'n mBodhar Go mbainfeadh Sé an labhairt de'n Dall.” D'fhreagair an Dall é: — “Is annamh a fhreagrann Mac Dé Fear bodhar gan chéill gan rann, Is ná tabhair tusa do mhallacht d'aon Nó tuitfidh tú féin 'n-a gheall.” Tá agam níos mó 'ná cúig céad líne is dá mhíle a chum Dall Mhac Cuarta. Chan fhuil 'fhios agam cá bhfuair sé bás nó cá bhfuil sé adhlaicthe. (Tuilleadh) Énrí Ó Muirgheasa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services