Filí Déidheanacha Chúig' Uladh.
(ar leanamhaint)
Bhí Séamus Mhac Cuarta dall, agus is é
an t-ainm atá ag na daoinibh in Óir-
ghiallaibh air “An Dall Mhac Cuarta.”
Deir Mac Uí Raghallaigh san leabhar
“Ughdair na Gaedhilge” gurbh' as Co.
Lughmhaidh do'n Dall, acht do réir na
sean-daoine rugadh é i bhFearnmhaigh i
gCo. Muineacháin.
Aithriseann na sean-sgéaltaí caidé
mar tharlaidh dó a bheith dall. Cha raibh
sé dall i dtús a shaoghail. Sgafaire
breagh éifeachtach a bhí ann ar ghnáth
leis a bheith ag dul ar chéilidhe gach uile
oidhche. Oidhche amháin cá hé chas air
acht maighdean spéireamhail chaoidhea-
mhail dathamhail, níos áilne 'ná aindir
ar bith chonnaic súile fir ariamh. Agus
thaitin sí go mór-mhór le Séamus óg, agus
thug sé a chroidhe di ar a' bponc.
Is dhuinne chas sí air oidhche agus oidhche
eile. I gceann tamaill d'innis
Séamus do shean-fhear an sgéal fá'n
mhaighdin a casadh air san oidhche. Dubh-
airt an sean-fhear leis í sheachaint ó
shoin amach, mar nár chailín saoghalta
a bhí innti act leanán sidhe.
Ghlac Séamus comhairle an tsean-fhir
agus sheachain sé í tamall.
Cibé 's ar bith oidhche áirithe nuair bhí
sé 'n-a chodladh san sgioból mar ba
ghnáth leis na buachaillíbh i n-aimsir
an tsamhraidh músladh é i n-uaig-
neas na hoidhche le glór chailín ag an
doras. D'iarr sí air an doras fhos-
gailt, mar bhí sé a cheithre uirthi cúpla
focal a labhairt leis. Dubhairt sé
léithi nach bhfosglóchadh sé an doras
acht í a labhairt taobh amuigh de'n
dorus agus go n-éistfeadh sé léithi aige
poll na heochrach. Acht nuair dhearc
sé amach ar an pholl shéidh sí a hanál
isteach agus dalladh é ar a' móimid. Dall
bocht gan foghnamh a bhí ann anois agus
bhíodh sé ag dul thart ag síor-smuain-
eadh agus ag rádh giotaí amhrán is ceol
leis féin.
Agus thárlaidh sé san bhfoghmhar
nuair a bhí a mhuinntir praidhinneach ag
tabhairt isteach an choirce go raibh na
bearnaí uilig fosgailte aca, agus cuireadh
Séamus i n-a shuidhe i mbearna agus bata
'n-a láimh aige ar dhóigh nach leigfeadh
sé an t-eallach dhul isteach san choirce.
Agus bhí sé ag gabháilt cheoil mar ba
ghnáth leis.
San choinfheasgar thainic an mhaigh-
dean chuige arís, agus d'fhiostruigh sí de
cia haca a b'fhearr leis, na focla nó
an glór.
D'fhreagair sé í gurbh' fhearr leis na
focal, agus phronn sí air cumhacht fhilidh-
eachta, agus is amhlaidh adeir na sean-
daoine go dtiocfadh leis an fhilidheacht
mhaith a chumadh. Sin a' sgéal mar
fuair mise é gan focal chuige nó uaidh.
Chan fhuilim cinnte ar an am ar
mhair “An Dall”, ann. Bhí sé beo san
mbliadhain 1712. D'éag a dhá dhearbh-
ráthair, Brian agus Ruaidhrí, i n-aoinfheacht
sa mbliadhain 1707 agus sgríobh sé
“marbhnaoi” nó dán fada brónach ar
a mbás. Deir sé ann:
“Seacht gcéad ar mhíle go beacht
Agus seacht mbliadhna dá
thionól
Ó theacht Chríosta do chabhair
cháich
Go bás mó dhís dearbhráthair.”
Agus bhí sé 'n-a shean-fhear an t-am sin,
óir deir sé:
“Ó mharbhais mo chroidhe, dod'
dheoin
Le bás na beirte-si, a Thríon-
óid
Muna bhfuil tréas damh
iarraidh ort
Chuir mise 'n-a ndiaidh gan
fuireach.
“Ná leig eisiomplair gan threor
I ndiaidh na díse-si críoch-bheo
Ar ghrádh do pháiste san gcrann
Cuir leo go párrthas an sean-
dall.”
Tchífear ó'n rann so rabh sé aosta,
agus gur cosamhail go bhfuair sé bás i
dtús na hochtmhadh aoise déag.
Bhí file eile darbh' ainm Ua Néill
'n-a chomhnuidhe ag Uíbh Méith Mara, is
dóigh liom, agus bhí sé bodhar, agus tugadh
“An Bodhrán Ua Néill” air.
Bhíodh an “Bódhrán” agus an “Dall”
ag dul i gconspóid le chéile i gcomh-
naidhe. Samhluigheann gur éirigh siad
neamh-charadach ar fad amach i
ndeireadh an sgéil, agus is cosamhail go
bhfuair an Dall an buaidh ar an
mBodhrán.
Dubhairt an Bodhrán:—
“Guidhim-sa Dia na bhFeart
Ó is air a n-éighim i ngach teann
Is a' Té bhain a' t-éisteacht
de'n mBodhar
Go mbainfeadh Sé an labhairt
de'n Dall.”
D'fhreagair an Dall é: —
“Is annamh a fhreagrann Mac Dé
Fear bodhar gan chéill gan rann,
Is ná tabhair tusa do mhallacht
d'aon
Nó tuitfidh tú féin 'n-a gheall.”
Tá agam níos mó 'ná cúig céad líne
is dá mhíle a chum Dall Mhac Cuarta.
Chan fhuil 'fhios agam cá bhfuair sé
bás nó cá bhfuil sé adhlaicthe.
(Tuilleadh)
Énrí Ó Muirgheasa.