Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht an tSamhraidh
Title
Teacht an tSamhraidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 14, 1906 Teacht an tSamhraidh. Tá an samhradh ag druidim linn go tapaidh. Siuhbail amach fá'n tuaith tráthnóna ar bith, agus chífir an méid sin. Tá gach rud ag fás agus ag borradh. Tá na héanlaithe ag casadh orainn ó na críochaibh imchiana. Tá teas agus mín- eachas san aer nach raibh ann le leath- bhliadhain. Tá an samhradh buailte linn. San ngeimhreadh bíonn Connradh na Gaedhilge ag obair sa mbaile cois teineadh, mar adéarfá. San samhradh buaileann sé amach fá'n tuaith, ag sgaipeadh soluis agus eolais agus ceoil. Bíonn Feiseanna agus Aeridheachta dá gcomóradh aige. Bíonn Sealga agus Turais ar bun aige. Bíonn ceol na fidile agus na bpíobaí le clos ag na cros-bhóithribh. Bítear ag rinnce agus ag gabháil fhuinn ins na gleanntánaibh uaigneacha agus ar na hárdánaibh ceann- ghlasa. Amach libh fá'n dúthaigh, a Ghaedh- eala! Dúisighidh an mac-alla le glór- aibh bhur mbéal! Bíodh a Feis nó a hAeridheacht nó a Seilg nó a Turas ag gach Craoibh. Ná fantar istigh i gcathair nó i mbaile mhór aon tráth- nóna Domhnaigh ó Bhealtaine go Samh- ain. Amach libh ar na cnocaibh nó ins na coilltibh! Tá an samhradh ag teacht!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services