Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht an tSamhraidh

Title
Teacht an tSamhraidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 14, 1906



Teacht an tSamhraidh.



Tá an samhradh ag druidim linn go
tapaidh. Siuhbail amach fá'n tuaith
tráthnóna ar bith, agus chífir an méid sin.
Tá gach rud ag fás agus ag borradh. Tá
na héanlaithe ag casadh orainn ó na
críochaibh imchiana. Tá teas agus mín-
eachas san aer nach raibh ann le leath-
bhliadhain. Tá an samhradh buailte
linn.



San ngeimhreadh bíonn Connradh na
Gaedhilge ag obair sa mbaile cois
teineadh, mar adéarfá. San samhradh
buaileann sé amach fá'n tuaith, ag
sgaipeadh soluis agus eolais agus ceoil.
Bíonn Feiseanna agus Aeridheachta dá
gcomóradh aige. Bíonn Sealga agus
Turais ar bun aige. Bíonn ceol na
fidile agus na bpíobaí le clos ag na
cros-bhóithribh. Bítear ag rinnce agus ag
gabháil fhuinn ins na gleanntánaibh
uaigneacha agus ar na hárdánaibh ceann-
ghlasa.



Amach libh fá'n dúthaigh, a Ghaedh-
eala! Dúisighidh an mac-alla le glór-
aibh bhur mbéal! Bíodh a Feis nó a
hAeridheacht nó a Seilg nó a Turas
ag gach Craoibh. Ná fantar istigh i
gcathair nó i mbaile mhór aon tráth-
nóna Domhnaigh ó Bhealtaine go Samh-
ain. Amach libh ar na cnocaibh nó ins
na coilltibh! Tá an samhradh ag
teacht!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services