Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh
Title
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh
Author(s)
Ua Muirgheasa, Énrí,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Filí Déidheanacha Chúig' Uladh. Chonnaic mé ins na páipéaraibh nuaidheachta gur léigh Pádraig Ua Dálaigh páipéar os comhair cruinnighthe de'n Árd-Chraoibh an oidhche fá dheireadh agus go dtearn sé trácht oidhche ar an cheist “Bhfuil ar ndóthain filidheachta againn?” Chan fhuil 'fhios agam caidé an freagra thug sé do'n cheist sin, acht is cosamhail gur dhubhairt sé go raibh ar ndóthain againn. Agus is cuimhin liom gur sgríobh Peadar Mhac Fhionnlaoich tamall breagh ó shoin san CHLAIDHEAMH nó ait inn- sean eile, agus gur dhubhairt sé an rud céadna. B'fhéidir go bhfuil an ceart aca, acht má tá, cha n-aontuighim leobhtha ar fad. Táid uilig ag teanamh dearmaid ar
Chúig' Uladh, agus rud níos measa 'ná sin tá Cúig' Uladh ag teanamh dearmaid air féin. An fhilidheacht atá againn ins na nua-leabhraibh thug Connradh na Gaedh- ilge dhúinn is as Cúige Mumhan agus as Cúige Chonnacht í uilig. Táid ag teacht amach leabhar i ndiaidh leabhair, agus mórán tráchta ortha agus daoine dá moladh is dá gcomhthromadh le chéile amhail is dá mbeadh gan aon fhilidheacht eile i nÉirinn acht iad. Agus glór Cúig' Uladh char chluineadh é go fóill. B'fhéidir go bhfuil daoine ann ag fiafruighe an bhfuil glór filidheachta ag Chúig' Uladh ar chor 's ar bith. Maise tá, agus is glór é de na glórthaibh is fearr agus is uaisle i nÉirinn. Acht tá sé 'n-a thost anois. Faraor géar, chuaidh na Gaedhil ar dhruim i gCúig' Uladh agus an Ghaedhilg leobhtha. I ndiaidh imtheachta Aoidh Uí Néill as Éirinn thainic na hAlbanaigh isteach cosamhail le hál lócuiste agus chaill Éire mór-chuid d'Ultaibh. Acht i n-aindheoin na nAlbanach d'fhan an Ghaedhilg beo imeasg na sléibhtí i gConndae Árda Macha, i gConndae Lughmhaidh agus i gConndae an Dúin agus imeasg na gcnoc, i gConndae Muineacháin agus i gConndae Chabháin agus i gcorr-áit i gConndae na Mídhe. Agus bhí an dúthaigh nó an ceanntar Gaedhealach so cosamhail le oileán ins an bhfairrge. Bhí na sean-Ghaill agus a gcuid Béarla ar an dtaoibh dheas, bhí na nua-Ghaill agus canamhain eile Béarla cruaidh aca ar an dtaoibh thuaidh agus ar an dtaoibh thiar agus bhí an fhairrge ar an dtaoibh thoir, 'sí sin an fhairrge a rabh Muir Meann uirthi fad ó. Na Gaedhil san cheanntar so mhair siad faoi bhochtanas faoi easbhaidh agus pianfháis go leor, agus cha rabh baint aca le Gaedhilgeoiríbh as áiteachaibh eile Is amhlaidh sin nach bhfuil mórán feasa indiu ar a gcuid fhilidheachta nó ar a bhfilí le fágháil i n-ionad ar bith eile i nÉirinn. Acht tá, i nDún na nGall. Is iomdha ceoil agus amhrán Gaedhilge as Óirghiall- aibh atá ag muinntir Dhúin na nGall go dtí an lá indiu. Ba ghnáth le muinntir Óirghiall dul síos ar thuras chuig' “An Oileáin” mar adéaradh siad. 'Sé sin an t-oileán beag atá i Loch Dearg atá i gCo. Dhúin na nGall. Is maith bhí an casán sin buailte aca. Rachadh siad síos cosnochtuighthe, agus gan lón ar bith aca, agus is duinne cha bheadh práidhinn ortha ag teacht ar ais. Dhéanfadh siad céilidhe aige daoinibh muinnteardha Thíre Chonaill, d'aithris- eadh siad sgéaltaí, agus do ghabhadh siad ceoltaí agus d'fhág siad cuid de na ceoltaí 'n-a ndiaidh. Sin a' dóigh do réir mo bharamhla tharlaid cuid d' fhilidheacht Óirghiall le fágháil i gCo. Dhúin na nGall. Acht taobh amuigh de sin, bhí Óirghialla agus na dúithchí 'n-a thimcheall 'n-a thír Ghaedhilge léithi féin. Agus tír eolasach agus ealadhnta bhí innti. Bhí mórán filí innti agus bhí a lán sgríbh- neoirí innti fós, agus sgríobhadh síos gach aon amhrán is dán a chum na filí is d'athsgríobhadh arís is arís iad. Is iongantach an oiread láimhsgríbhinn a bhí ann muna mbeadh an sgrios a rinneadh ortha aige lucht aineolach an Bhéarla. Is cosamhail go raibh corr-dhuine ann le maoin an tsaoghail aige a chuir mór-spéis ins an Ghaedhilg agus a cheann- uigh na láimhsgríbhinní údaidh nó a thug cúitiughadh do na sgríbhneoiríbh ortha. Rud eile, cha dtáinic stad nó osadh ar an sgríbhneoireacht so beagnach go dtí indiu. Chonnaic mé láimhsgríbhne a rinneadh san tseachtmhadh aois déag, ins an ochtmhadh aois déag, agus in gach aon deich mbliadhna san naomhadh aois déag. An ceann deireannach a chonnaic mise, sgríobhadh í i gCo. an Chabháin san mbliadhain 1900 aige sean- fhear a bhí ag sgríbhneoireacht anois is arís le trí fichid bliadhain. Is amhlaidh tharlaidh go rabh an oiread sin litridheachta Gaedhilge aca san cheanntar so. Mhair cumhacht na nGaedheal níos faide i gCúig' Uladh ná i n-áit ar bith eile i nÉirinn. Agus chomh fada is bhí síol Néill faoi réim i gCúig' Uladh chothuigh siad na báird agus na filí go díreach ar nós a bhí i nÉirinn ó aimsir Phádraig agus i bhfad roimhe sin. Mar adeir Art Mhac Cubhthaigh: “Bhéarfadh siad fasgadh do gach draoi gan gleó Is chuirfeadh éideadh fá Nodlaig ar na h-ollamh bheadh ag géilleadh dóibh.” Nuair chuaidh cumhacht agus éifeacht chloinne Néill síos d'fhan na filí 'n-a ndiaidh. Ba doiligh dhóibh slighe bheatha eile d'fhágháil agus chuaidh féin thart imeasg na ndaoine bochta ag síor-chaoineadh fá na taois- eachaibh agus na firmóra calma a bhí caillte agus ag gearán nach rabh speis i bhfilidh- eacht i litridheacht, nó i léigheann eile aige na bodachaibh saidhbhre a bhí anois san tír, go rabh “Aois téada, éigse, agus ollamh gan áird.” 'Sé Peadar Ua Doirnín a sgríobh “Gearán na mbárd fan fhéile” agus dubhairt sé “A Éire mo chroidhe, cá ndeachaidh na saoithe Do sgabfadh go fíor an fhéile?” Acht rinne na daoine bochta a ndích- eall ar chuidiughadh leo agus ba doiligh cuidiughadh leo go minic, óir bhí siad fiadhain-intinneach, agus ar bheagán céille, cosamhail leis na bhfilíbh i Mumhain, i gConnachtaibh, agus i n-áiteachaibh eile b'fhéidir. Acht bhí an tsean-urraim ag na Gaedhilgeoiríbh ar léigheann agus ar dhaoinibh ealadhna agus bhí fáilte is céad aca roimh an fhile bhocht i gcomhnaidhe. An triúr filí is mó clú agus réim bhí san ceanntar so budh iad Séamus Mhac Cuarta, Peadar Ua Doirnín, agus Art Mhac Cubhthaigh. Chan fhuil Gaedhilgeoir beo i nÓirgh- iallaibh indiu nach bhfuil cuimhne aige ar an triúr so, agus deir siad nach rabh a léithide ariamh i nÉirinn. Is iomdha sgéal atá aca ortha fosta, acht sin is uilig is doiligh cunntas cruinn d'fhágháil ortha. (Ní críoch) Énrí Ua Muirgheasa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services