Filí Déidheanacha Chúig'
Uladh.
Chonnaic mé ins na páipéaraibh
nuaidheachta gur léigh Pádraig Ua
Dálaigh páipéar os comhair cruinnighthe
de'n Árd-Chraoibh an oidhche fá dheireadh
agus go dtearn sé trácht oidhche ar an
cheist “Bhfuil ar ndóthain filidheachta
againn?”
Chan fhuil 'fhios agam caidé an
freagra thug sé do'n cheist sin, acht is
cosamhail gur dhubhairt sé go raibh ar
ndóthain againn.
Agus is cuimhin liom gur sgríobh
Peadar Mhac Fhionnlaoich tamall breagh
ó shoin san CHLAIDHEAMH nó ait inn-
sean eile, agus gur dhubhairt sé an rud
céadna.
B'fhéidir go bhfuil an ceart aca,
acht má tá, cha n-aontuighim leobhtha ar
fad.
Táid uilig ag teanamh dearmaid ar
Chúig' Uladh, agus rud níos measa 'ná sin
tá Cúig' Uladh ag teanamh dearmaid
air féin.
An fhilidheacht atá againn ins na
nua-leabhraibh thug Connradh na Gaedh-
ilge dhúinn is as Cúige Mumhan agus as
Cúige Chonnacht í uilig.
Táid ag teacht amach leabhar i
ndiaidh leabhair, agus mórán tráchta ortha
agus daoine dá moladh is dá gcomhthromadh
le chéile amhail is dá mbeadh gan aon
fhilidheacht eile i nÉirinn acht iad.
Agus glór Cúig' Uladh char chluineadh
é go fóill.
B'fhéidir go bhfuil daoine ann ag
fiafruighe an bhfuil glór filidheachta ag
Chúig' Uladh ar chor 's ar bith. Maise
tá, agus is glór é de na glórthaibh is fearr
agus is uaisle i nÉirinn. Acht tá sé 'n-a
thost anois. Faraor géar, chuaidh na
Gaedhil ar dhruim i gCúig' Uladh agus an
Ghaedhilg leobhtha. I ndiaidh imtheachta
Aoidh Uí Néill as Éirinn thainic na
hAlbanaigh isteach cosamhail le hál
lócuiste agus chaill Éire mór-chuid
d'Ultaibh.
Acht i n-aindheoin na nAlbanach
d'fhan an Ghaedhilg beo imeasg na
sléibhtí i gConndae Árda Macha, i
gConndae Lughmhaidh agus i gConndae an
Dúin agus imeasg na gcnoc, i gConndae
Muineacháin agus i gConndae Chabháin agus i
gcorr-áit i gConndae na Mídhe.
Agus bhí an dúthaigh nó an ceanntar
Gaedhealach so cosamhail le oileán ins
an bhfairrge.
Bhí na sean-Ghaill agus a gcuid
Béarla ar an dtaoibh dheas, bhí
na nua-Ghaill agus canamhain eile
Béarla cruaidh aca ar an dtaoibh thuaidh
agus ar an dtaoibh thiar agus bhí an fhairrge ar
an dtaoibh thoir, 'sí sin an fhairrge a rabh
Muir Meann uirthi fad ó.
Na Gaedhil san cheanntar so mhair
siad faoi bhochtanas faoi easbhaidh agus
pianfháis go leor, agus cha rabh baint aca
le Gaedhilgeoiríbh as áiteachaibh eile
Is amhlaidh sin nach bhfuil mórán
feasa indiu ar a gcuid fhilidheachta nó
ar a bhfilí le fágháil i n-ionad ar
bith eile i nÉirinn.
Acht tá, i nDún na nGall. Is iomdha
ceoil agus amhrán Gaedhilge as Óirghiall-
aibh atá ag muinntir Dhúin na nGall
go dtí an lá indiu. Ba ghnáth le
muinntir Óirghiall dul síos ar thuras
chuig' “An Oileáin” mar adéaradh
siad. 'Sé sin an t-oileán beag atá i
Loch Dearg atá i gCo. Dhúin na nGall.
Is maith bhí an casán sin buailte aca.
Rachadh siad síos cosnochtuighthe, agus gan
lón ar bith aca, agus is duinne cha bheadh
práidhinn ortha ag teacht ar ais.
Dhéanfadh siad céilidhe aige daoinibh
muinnteardha Thíre Chonaill, d'aithris-
eadh siad sgéaltaí, agus do ghabhadh siad
ceoltaí agus d'fhág siad cuid de na
ceoltaí 'n-a ndiaidh. Sin a' dóigh do
réir mo bharamhla tharlaid cuid d'
fhilidheacht Óirghiall le fágháil i gCo.
Dhúin na nGall.
Acht taobh amuigh de sin, bhí Óirghialla
agus na dúithchí 'n-a thimcheall 'n-a thír
Ghaedhilge léithi féin. Agus tír
eolasach agus ealadhnta bhí innti. Bhí
mórán filí innti agus bhí a lán sgríbh-
neoirí innti fós, agus sgríobhadh síos gach
aon amhrán is dán a chum na filí is
d'athsgríobhadh arís is arís iad. Is
iongantach an oiread láimhsgríbhinn a
bhí ann muna mbeadh an sgrios a
rinneadh ortha aige lucht aineolach an
Bhéarla.
Is cosamhail go raibh corr-dhuine ann
le maoin an tsaoghail aige a chuir
mór-spéis ins an Ghaedhilg agus a cheann-
uigh na láimhsgríbhinní údaidh nó a thug
cúitiughadh do na sgríbhneoiríbh ortha.
Rud eile, cha dtáinic stad nó osadh
ar an sgríbhneoireacht so beagnach go
dtí indiu. Chonnaic mé láimhsgríbhne
a rinneadh san tseachtmhadh aois déag,
ins an ochtmhadh aois déag, agus in gach
aon deich mbliadhna san naomhadh aois
déag. An ceann deireannach a
chonnaic mise, sgríobhadh í i gCo. an
Chabháin san mbliadhain 1900 aige sean-
fhear a bhí ag sgríbhneoireacht anois is
arís le trí fichid bliadhain.
Is amhlaidh tharlaidh go rabh an
oiread sin litridheachta Gaedhilge aca
san cheanntar so. Mhair cumhacht na
nGaedheal níos faide i gCúig' Uladh
ná i n-áit ar bith eile i nÉirinn. Agus
chomh fada is bhí síol Néill faoi réim i
gCúig' Uladh chothuigh siad na báird agus
na filí go díreach ar nós a bhí i nÉirinn
ó aimsir Phádraig agus i bhfad roimhe sin.
Mar adeir Art Mhac Cubhthaigh:
“Bhéarfadh siad fasgadh do gach draoi
gan gleó
Is chuirfeadh éideadh fá Nodlaig ar na
h-ollamh bheadh ag géilleadh dóibh.”
Nuair chuaidh cumhacht agus éifeacht chloinne
Néill síos d'fhan na filí 'n-a ndiaidh. Ba
doiligh dhóibh slighe bheatha eile d'fhágháil
agus chuaidh féin thart imeasg na ndaoine
bochta ag síor-chaoineadh fá na taois-
eachaibh agus na firmóra calma a bhí caillte
agus ag gearán nach rabh speis i bhfilidh-
eacht i litridheacht, nó i léigheann eile
aige na bodachaibh saidhbhre a bhí anois
san tír, go rabh
“Aois téada, éigse, agus ollamh gan
áird.”
'Sé Peadar Ua Doirnín a sgríobh
“Gearán na mbárd fan fhéile”
agus dubhairt sé
“A Éire mo chroidhe, cá ndeachaidh na
saoithe
Do sgabfadh go fíor an fhéile?”
Acht rinne na daoine bochta a ndích-
eall ar chuidiughadh leo agus ba doiligh
cuidiughadh leo go minic, óir bhí siad
fiadhain-intinneach, agus ar bheagán céille,
cosamhail leis na bhfilíbh i Mumhain, i
gConnachtaibh, agus i n-áiteachaibh eile
b'fhéidir.
Acht bhí an tsean-urraim ag na
Gaedhilgeoiríbh ar léigheann agus ar
dhaoinibh ealadhna agus bhí fáilte is céad
aca roimh an fhile bhocht i gcomhnaidhe.
An triúr filí is mó clú agus réim bhí
san ceanntar so budh iad Séamus
Mhac Cuarta, Peadar Ua Doirnín, agus
Art Mhac Cubhthaigh.
Chan fhuil Gaedhilgeoir beo i nÓirgh-
iallaibh indiu nach bhfuil cuimhne aige ar
an triúr so, agus deir siad nach rabh a
léithide ariamh i nÉirinn. Is iomdha
sgéal atá aca ortha fosta, acht sin is
uilig is doiligh cunntas cruinn d'fhágháil
ortha.
(Ní críoch)
Énrí Ua Muirgheasa.