Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Músglaidh, a Sgríbhneoirí!
Title
Músglaidh, a Sgríbhneoirí!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 07, 1906 Músglaidh, a Sgríbh- neoirí! Tá Seachtmhain na Gaeilge i leath- taoibh. Má tá, tá Seachtmhain mhór- bhríghe eile chugainn, .i. Seachtmhain an Oireachtais. Béidh sí buailte linn fá cheann ráithche eile. Tá súil againn go bhfuil Gaedhil ag soláthar i gcomhair na Seachtmhaine sin. Go mór-mhór tá súil againn go bhfuil ár sgríbhneoirí, idir sean agus óg díobh, ag obair ar a ndícheall. Ní mór ráithche chum aiste chiallmhar, nó sgéal bríoghmhar, nó stair fhoghanta do sgríobhadh agus do bheachtughadh, agus do chríochnughadh amach i gceart. Is beag ráithche féin chum cnuasach sean-fhocal nó dorn sean-sgéalta, nó beart sean- amhrán do bhailiughadh. Tá na céadta de sgríbhneoiríbh cliste againn anois. Deimhnigheann na Feis- eanna an méid seo. Támuid ag braith ar togha agus rogha na sgríbhneoirí seo d'fheicsint ag iomaidheacht le chéile ag an Oireachtas. A fhile úd thíos i gCiarraidhe, dúisigh as do chodladh agus bí ag canadh amhráin dúinn! A sgéalaidhe óig thiar i gConamara, glac do pheann i láimh, agus bí ag ríomhadh sgéil! A sheanchaidhe ó na Gleanntaibh nó ó na Rosaibh, bros- tuigh ort: is fada sinn ag fuireach le sgéalaibh uait! Músglaidh, a sgríbhneoirí: tá an tOireachtas chugainn!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services