Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Músglaidh, a Sgríbhneoirí!

Title
Músglaidh, a Sgríbhneoirí!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 07, 1906



Músglaidh, a Sgríbh-
neoirí!



Tá Seachtmhain na Gaeilge i leath-
taoibh. Má tá, tá Seachtmhain mhór-
bhríghe eile chugainn, .i. Seachtmhain an
Oireachtais. Béidh sí buailte linn fá
cheann ráithche eile.



Tá súil againn go bhfuil Gaedhil ag
soláthar i gcomhair na Seachtmhaine sin.
Go mór-mhór tá súil againn go bhfuil
ár sgríbhneoirí, idir sean agus óg díobh,
ag obair ar a ndícheall. Ní mór
ráithche chum aiste chiallmhar, nó sgéal
bríoghmhar, nó stair fhoghanta do
sgríobhadh agus do bheachtughadh, agus do
chríochnughadh amach i gceart. Is beag
ráithche féin chum cnuasach sean-fhocal
nó dorn sean-sgéalta, nó beart sean-
amhrán do bhailiughadh.



Tá na céadta de sgríbhneoiríbh cliste
againn anois. Deimhnigheann na Feis-
eanna an méid seo. Támuid ag
braith ar togha agus rogha na sgríbhneoirí
seo d'fheicsint ag iomaidheacht le chéile
ag an Oireachtas.



A fhile úd thíos i gCiarraidhe, dúisigh
as do chodladh agus bí ag canadh amhráin
dúinn! A sgéalaidhe óig thiar i
gConamara, glac do pheann i láimh, agus
bí ag ríomhadh sgéil! A sheanchaidhe ó
na Gleanntaibh nó ó na Rosaibh, bros-
tuigh ort: is fada sinn ag fuireach le
sgéalaibh uait!



Músglaidh, a sgríbhneoirí: tá an
tOireachtas chugainn!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services