Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAirgead
Title
An tAirgead
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 31, 1906. An tAirgead. “A sgéal féin sgéal gach éinne agus sgéal Mháire an t-airgead.” Dála Mháire, 'sé an t-airgead ár sgéal-ne an turas so. Teastuigheann airgead ó lucht cosanta na Gaedhilge. Ní féidir an obair do chongbháil ar siubhal gan é. Muna dtagann an t-airgead isteach na laetheannta so, caithfear stad de'n obair. Caithfear “páipéar bóthair” do thabhairt do gach timthire. Caithfear éirghe as an Oireachtas. Caithfear cur suas do'n “Irisleabhar.” Caithfear deireadh do chur leis an saothar agus leis an siamsa, leis an ngluaiseacht agus leis an ngleo atá ag corruighe cuisleann na hÉireann le deich mbliadhnaibh anuas. Badh mhór an sgéal é dá gcaithfidhe a leithéid sin do dhéanamh; badh é an donas badh mhó é dar bhain d'Éirinn ó thús an tsaoghail. Níl aon amhras nach gcuideochaidh an pobal linn má iarramuid congnamh air i gceart, agus má phléidhimíd ár gcúis mar badh chóir. Tá súil againn go bhfuil sé sin dá dhéanamh ag na Craobhachaibh an aimsir seo. Tá a fhios againn go bhfuil sé dhá dhéanamh ag cuid aca. Focal eile. Tá cead ag gach Craoibh trian dá mbailigheann sí do chongbháil cois bhaile. Ní mór linn lán-trian do gach Craoibh i nÉirinn. Acht tá súil againn nach gcongbheochaidh aon Chraobh ná aon Choiste Ceanntair níos mó 'ná an trian. Tá gabhadh leis an airgead go léir ins na dúithchíbh Gaedhealacha, agus is ar na dúithchíbh Gaedhealacha chaithfeas an Coiste Gnótha, tig linn a rádh, gach pighinn de.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services