An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Márta 31, 1906.
An tAirgead.
“A sgéal féin sgéal gach éinne agus
sgéal Mháire an t-airgead.” Dála
Mháire, 'sé an t-airgead ár sgéal-ne
an turas so. Teastuigheann airgead
ó lucht cosanta na Gaedhilge. Ní
féidir an obair do chongbháil ar
siubhal gan é. Muna dtagann an
t-airgead isteach na laetheannta so,
caithfear stad de'n obair. Caithfear
“páipéar bóthair” do thabhairt do gach
timthire. Caithfear éirghe as an
Oireachtas. Caithfear cur suas do'n
“Irisleabhar.” Caithfear deireadh do
chur leis an saothar agus leis an siamsa,
leis an ngluaiseacht agus leis an ngleo
atá ag corruighe cuisleann na
hÉireann le deich mbliadhnaibh anuas.
Badh mhór an sgéal é dá gcaithfidhe a
leithéid sin do dhéanamh; badh é an
donas badh mhó é dar bhain d'Éirinn
ó thús an tsaoghail.
Níl aon amhras nach gcuideochaidh
an pobal linn má iarramuid congnamh
air i gceart, agus má phléidhimíd ár
gcúis mar badh chóir. Tá súil againn
go bhfuil sé sin dá dhéanamh ag na
Craobhachaibh an aimsir seo. Tá a
fhios againn go bhfuil sé dhá dhéanamh
ag cuid aca.
Focal eile. Tá cead ag gach
Craoibh trian dá mbailigheann sí do
chongbháil cois bhaile. Ní mór linn
lán-trian do gach Craoibh i nÉirinn.
Acht tá súil againn nach gcongbheochaidh
aon Chraobh ná aon Choiste Ceanntair
níos mó 'ná an trian. Tá gabhadh leis
an airgead go léir ins na dúithchíbh
Gaedhealacha, agus is ar na dúithchíbh
Gaedhealacha chaithfeas an Coiste
Gnótha, tig linn a rádh, gach pighinn de.