Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéala ó'n gCraoibhín
Title
Sgéala ó'n gCraoibhín
Author(s)
An Craoibhín,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéala ó'n gCraoibhín Seo mar a chuireann an Craoibhín geal-Aoibhinn síos ar a imtheachtaibh san Domhan Thiar ó d'fhág sé Nua- Eabhrac go rochtain go San Francisco dhó: — Eanair 5. — D'fhág mé Eabhrac Nuadh oidhche Diardaoin, Eanair 4, agus do ráinig mé Pitts- burg, Pa., tar éis dá uair dhéag d'aistear. Do chuir mé fáilte phuiblidhe roimh na daoinibh do tháinig le m'fheicsint san tráthnóna, agus fuair mé, imeasg ruda eile, dileagradh ó Chumann éigin ar a dtugadh “Mic Phádraig.” Tá timcheall trí chéad aca so san gcathair, agus níl aon duine ins an gcumann nach bhfuil Pádraig air mar ainm. Ní chreidim go bhfuil aon bhaile mór eile i nAmerica a bhfuil a leith- éid sin de chumann ann, agus is dóigh liom go n-árduigheann a leithéid sin de chuideacht an meas atá ag na daoinibh orra féin go mór. Eanair 6. — An lá ar n-a bhárach, do thugadar amach mé i rian-chárr do bhroinn uachtarán na líne orm, le mo thabhairt ar fud na cathrach i n-éinfeacht le sgór, nó mar sin, de na daoinibh is measamhla imeasg na nÉireannach. Do labhair mé san oidhche i láthair níos mó 'ná dhá mhíle daoine ins an halla budh mheasa ar labhair mé ann fós. Do bhí na daoine 'na suidhe ar bhinnseachaibh ar aon chothrom liom féin, agus ní raibh mise árduighthe go ceart os a gcionn. An binnse do b'fhuide amach uaim, dar liom-sa, do bhí sé leath-chéad slat uaim. Do labhair mé — nó, b'fhearr a rádh, do liúigh, do bhéic, do ghéim, do sgread mé — ar feadh níos mó 'ná dhá uair, agus annsin, nuair bhí mo ghuth bocht briste thar fóir, mar shaoil mé, d'fhág mé an chathair agus chuaidh mé ar bord an traen go Chicago i n-uair an mheadhon-oidhche. Eanair 7. — Ráinig mé Chicago an lá ar n-a bhárach, agus mé claoidhte cráidhte. Acht tógadh mo chroidhe ionnam nuair chonnaic mé an sluagh do bhí romham san tráthnóna ins an Auditorium — an halla is mó san gcathair, lán. Bhí i bhfad níos mó 'ná trí míle duine ann, agus ní raibh aon duine aca nár íoc ó sé sginnleacaibh go dtí dhá sgillinn ar son teachta isteach. Bhí an tÁrd- easbog Mac Uí Choigligh ins an gcathaoir, agus nuair bhí m'óráid féin críochnuighthe, d'éirigh Mac Uí Dhuinn, maor na cathrach, agus d'iarr sé ar na daoinibh congnamh do thabhairt dam. Do cruinnigheadh i gceathramhadh uair (nó do gealladh dam) 3,800 dollar. Ní raibh mo ghuth chomh briste agus bhí eagla orm é a bheith tar éis na hoidhche roimhe sin i bPittsburg. Eanair 8. — Chaith mé an lá ag caint leis na teachtairibh do tháinig ó na páipearaibh ag iarraidh fios do bhaint asam i dtaoibh an Chonnartha i nÉirinn, agus thógadar dealbh-gréine dhíom fá dhó nó fá trí. Eanair 9. — Chuaidh mé go Milwaukee i Státa Wisconsin, cathair a bhfuil níos mó 'ná leath de na daoinibh atá ann 'na nGearmánaigh. Tháinig Uachtarán an Státa, Lochlannach ó'n Ioruaidh, agus an tÁrd-easbog Mermer, as Helbhetia, go dtí an cruinniughadh san tráth- nóna, 'n áit a raibh suas le hocht gcéad daoinibh. Eanair 10. — Tháinig mé ar ais ó Mil- waukee agus labhair mé san tráthnóna ar feadh uaire agus ceathramha i láthair an Twentieth Century Club, Chicago, cumann a bhfuil na daoine is measamhla agus is liotardha sa gcathair ann. Bronnadar cláirseach mhór déanta d'iol- bhláthaibh orm. Eanair 11. — Chuaidh mé go dinéir ag an Union League Club, an club is fearr (deir siad) dá bhfuil san iarthar. Barraidheach ainm an te do thug an dinéir dham. Daoine móra ar fad do bhí i láthair, agus thug gach aon aca óráid uaidh, tar éis am dinéir, ar nós na nAmericánach. Is dóigh nach raibh mo chaint féin gan éifeacht, óir do gheall an Loingseach, uachtarán ar cheann de na bancannaibh is mó d'á bhfuil san tír seo, cúig chéad dollar dham tar éis an dinéir. Eanair 12. — Chuaidh mé go hOllsgoil Chicago san tráthnóna agus thug mé caint uaim i láthair ocht gcéad de na mic-léighin agus de'n lucht-oideachais. Bheith níos mó daoine ann acht go bhfuair Uachtarán na hOll-sgoile (Harpur a ainm) bás lá nó dhó roimhe sin. Chaith mé an oidhche chéadna le Mac Uí Néill, do bhí 'na Uachtarán ar Chonstáblaibh Chicago. Bhí cuid de lucht rinnce, lucht bheidhlín, lucht píobaí agus daoine eile 'na thimchioll. Shaoil mé gur san mbaile arís do bhí mé! Eanair 13. — Do thug mé an dara leictúir uaim ar shean-sgéaltaibh na hÉireann san Oll- sgoil, ó 11-15 ar maidin go dtí 12-45. Agus is ar éigin do bhí mé réidh leis nuair
fuaduigheadh mé go dtí luinnse nó dinéir ag an Sherman House do thug an Cumann Carthanais Éireannach dam. Bhí suas le deich ndaoine is trí fichid ag an mbord. Bhí mórán cainte againn agus óráideacha. Nuair bhí mé réidh leis an dinéar b'éigin dam dul ar bord an traen le dul go Cleveland, Ohio, aistear naoi n-uair uaim. Eanair 14. — Ráinig mé Cleveland ar maidin agus thug mé óráid uaim san tráthnóna i láthair ocht gcéad daoine ins an amharclann. Bhí an t-easbog 'n-a uachtarán agus nuair iarradh airgead orra thugadar sé chéad dollar do'n chúis. Eanair 15. — Chaith mé an lá ag agallamh leis na daoinibh do tháinig ar mo thóir, agus níor ghann iad. D'ith mé dinéar san tráthnóna leis an Athar Mac hÉil, atá gaolach le sean-Árd- Easbog Thuama, agus le seisear nó le móir- sheisear sagart eile. Eanair 16. — Chuaidh mé ar cuairt go dtí an t-easbog ar maidin. Gearmánach is eadh é acht thuig sé cúis na hÉireann go cruinn, agus thug sé leith-chéad dollar dham. As sin chuaidh mé ar bord an traen le dul go hOberlin, aistear fada. Ráinig mé Oberlin, Ohio, san tráthnóna, agus labhair mé le seacht gcéad de mhacaibh-léighinn agus de lucht-oideachais an choláiste agus chuir mé fúm an oidhche sin i dtigh uachtaráin an choláiste do bhí an charthannach. Eanair 17. — Ráinig mé Columbus, príomh- bhaile Ohio, tar éis aistir fhada ar an traen. Bhí cruinniughadh breágh agam san amharclann, níor mó ná míle daoine. Thug Uachtarán Choláiste an Státa aoidheacht dam an oidhche sin. Éireannach do bhí ann. Mac Tomáis a ainm. Eanair 18. — Thug Mac Tomáis dinéar i n-onóir dham, agus bhí an t-Easbog agus seisear nó mór-sheisear do príomh-chathruightheóiribh an bhaile mhóir i láthair. Chaith mé cuid de'n tráthnóna le Mac Uí Chearbhshúil atá 'n-a Ard- Rúnaidhe do'n A.O.H. i nAmerica. Chuaidh mé san oidhche ar an traen go hIndianopolis, príomh-chathair Indiana. Eanair 20. — Ó'n 2 go dtí a 5.30 san tráth- nóna do bhí mé ag fleidh do tugadh i n-onóir dham san tigh-ósta. Annsin chuaidh mé amach ar cuairt go Whitcomb Riley, príomh-fhile an Státa so. Chuir seisean pósae mór de rósaibh chugam, agus thug mise dhó-san, mar mhalairt, cláirseach mhór de bhláthannaibh cumhartha do bhronnadh orm aréir. Dubhairt mé leis nach raibh aon duine san gcathair d'fhéadfadh seinm uirri acht é féin! Do labhair mé san oidhche ar feadh uaire go leith ar shean-sgéaltaibh na hÉireann, ag an Athenaeum Club. Na daone budh mhó léighinn san gcathair idir fearaibh agus mnáibh deagh-ghléasta do bhí i láthair. Thugadar “reception” dam 'na dhiaidh sin agus rud le n-ithe. Eanair 23. — D'fhág mé Indianapolis i n-aghaidh mo chos, óir bhí na Gaedhil is fearr ann d'ar casadh orm fós, agus chuaidh mé aistear fada go dtí Cincinnati, Ohio, baile a bhfuil 400,000 daoine ann, agus trí ceathramhna díobh 'na nGear- mánaigh. Bhí cruinniughadh an-mhór againn san tráthnóna timcheall dhá mhíle duine, agus bhí cuid de na Gearmánaigh i láthair. Labhair mé ar feadh dhá uair, agus níor dhearmad mé na Gear- mánaigh do mholadh ar son a ndearnadar i dtaoibh na Gaedhilge. Bhí bualadh mór bos nuair labhair mé ar Kuno Meyer. Eanair 22. — Fuair mé cuireadh le dul i láthair an Chamber of Commerce agus rinne mé cainnt (cuid de i nGearmáinis) leis na daoinibh annsin. Chuaidh mé tar éis sin go dtí an Oll-sgoil agus chaith me tamnall leo. Tugadh “reception” dam ann. Annsin chuaidh mé go dinéar do tugadh i m'onóir dham ag an tigh-ósta, agus rinne mé cainnt eile. B'éigin dam imtheacht ó'n dinéar le breith ar an traen do bhí le mo thabhairt do Naomh Lughaidh, nó St. Louis, asitear dá uair déag. Eanair 23. — Ráinig mé St. Louis cathair 700,000 daoine, agus fuair mé go raibh an aer 45 grád níos fuaire ann ná mar bhí sé i Cin- cinnati an lá roimhe sin. Thug mé cainnt uaim ag an Odeon Theatre i láthair 2,500 daoine. Bhí an tÁird-Easbog (an tÁrd-Easbog is óige d'á bhfeacaidh mé riamh, óir níl sé chómh haosta liom féin) i gceannas an chruinnighthe. Mac Giolla-Fhionán (nó Glennon i mBéarla) a ainm. Labhair mé ar feadh dhá uair. Eanair 24. — D'ith mé dinéar leis an Áird- Easbog, agus annsin thug mé cainnt uaim i láthair an “Wednesday Club,” cumann ann a bhfuil na mná-uaisle is léigheannta san gcáthair. Bhí 400 aca ann. Labhair mé ar sgéaluigheacht na hÉireann. Tugadh fleadh mhór dam san tráthnóna, an fhleadh is mó do tugadh dam fós. Bhí 94 daoine ann, agus bhí an- chuid óráideachta tar éis an dinéir. Labhair an Breitheamh clúdhamhail Ó Néill Riain agus mórán eile go dtí a haon san oidhche. Eanair 25. — Tugadh dam luinnse speisialta 'n áit ar casadh orm seisear nó móir-sheisear de na daoinibh is mó saidhbhreas san gcáthair. Gearmánaigh do bhí i mbeirt aca, acht dar liom-sa do thuigeadar-san an chúis níos fearr ná na hÉireannaigh féin. D'ith mé dinéar leis an mBreitheamhain Ó Neill Riain, fear a bhfuil meas mor air annso, agus 'na dhiaidh sin do labhair mé ag Coláiste na mBráthar Chríost- amhail ar fhilidheacht na nGaedheal. Bhí cúig nó sé chéad daoine ann. Eanair 26. — D'fhág mé St. Louis ar maidin. Bhí mé ins an traen ar feadh an lae agus ráinig mé Chicago san oidhche. Eanair 27. — D'fhág mé Chicago agus chuaidh mé go South Bend, Indiana. Labhair mé ar feadh uaire go leith ag Coláiste Naoimh Muire, agus arís an oidhche cheadna ag Coláiste Notre Dame i láthair sé céad duine. Bhí mé tuirseach cráidhte tar éis an dá leictiúr fada ar mhuin a chéile. Eanair 28. — Chaith mé an lá san Oll-sgoil agus labhair mé ag cruinniughadh puiblidhe san tráthnóna ar feadh uaire agus trí ceathramhna — an cruinniughadh ba lugha do bhí agam fós. Eanair 29. — D'fhill mé go Chicago. Eanair 30. — D'fhág mé Chicago arís agus chuaidh mé go Madison, Winsconsin. Labhair mé ann sin i láthair 600 daoine ar shean-sgéaltaibh na hÉireann agus chuaidh mé ar bord an traen go Naoimh Poil ar an 2.15 san oidhche, agus an gloine sé grád faoi zero. Eanair 31. — Ráinig mé Naomh Pól, Minne- sota, timhceall an mheadhon lae agus mé un' trosgadh. Bhí cruinniughadh iongantach agam san tráthnóna — 2,800 daoine, acht níor íocadar ar dhul isteach ann. Bhí an tÁrd-Easbog Ireland i láthair. Labhair mé ar feadh dhá uair. Feabhra 1. — D'ith mé dinéar leis an Árd Easbog, agus annsin chuaidh mé go Minneapolis- Minnesota, agus labhair mé ag cruinniughadh an mhór. Bhí 3,200 daoine ann ar a laghad, acht tháinig na daoine isteach gan íoc, agus níor iarradh aon aigerad orra annso, 'ná ag Naomh Pol an oidhche roimhe sin. Do ghealladar go gcruinneóchaidís ar fud na ndaoine, acht is fearr éan ar láimh ná corr ar chairde. Feabhra 2. — Tháinig mé ar ais go N. Pól, agus labhair mé i láthair chruinnighthe mhóir daoine ar sean-sgéaltaibh na hÉireann. Bhí an tÁrd- easbog i láthair. Feabhra 3. — Chuaidh mé ar bord an traen le dul go Chicago. Feabhra 4. — Ráinig mé Chicago ar maidin. Feabhra 5. — Ag fágbháil sláin le mo cháirdibh i Chicago. Feabhra 6. — Ar bórd an traen le dul go hOmaha. Aistear fada. Feabhra 7. — Rángamar Omaha ar 11 ar maidin. Feabhra 8. — Luinse leis an Easbog Dochtúir Ó Scanaill, Gaedhilgeoir maith ó Chorcaigh, agus fíor-chara do'n chúis. Cruinniughadh áluinn san amharclann san tráthnóna, 1,500 daoine ann. Labhair an t-easbog i nGaedhilg, agus labhair mise ar feadh dhá uair. Támuid annso go díreach leath bhealaigh idir an t-oirthear agus an t-iarthar — i gceart-lár America — agus tá súil agam an áit seo fhágbháil amárach, agus dul go cáthair San Proinsiais ar an gcosta. Mise, fá dheifir, Do chara, An Craoibhín.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services