Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéala ó'n gCraoibhín

Title
Sgéala ó'n gCraoibhín
Author(s)
An Craoibhín,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéala ó'n gCraoibhín



Seo mar a chuireann an Craoibhín
geal-Aoibhinn síos ar a imtheachtaibh
san Domhan Thiar ó d'fhág sé Nua-
Eabhrac go rochtain go San Francisco
dhó: —



Eanair 5. — D'fhág mé Eabhrac Nuadh oidhche
Diardaoin, Eanair 4, agus do ráinig mé Pitts-
burg, Pa., tar éis dá uair dhéag d'aistear.
Do chuir mé fáilte phuiblidhe roimh na daoinibh
do tháinig le m'fheicsint san tráthnóna, agus
fuair mé, imeasg ruda eile, dileagradh ó
Chumann éigin ar a dtugadh “Mic Phádraig.”
Tá timcheall trí chéad aca so san gcathair, agus
níl aon duine ins an gcumann nach bhfuil
Pádraig air mar ainm. Ní chreidim go bhfuil
aon bhaile mór eile i nAmerica a bhfuil a leith-
éid sin de chumann ann, agus is dóigh liom go
n-árduigheann a leithéid sin de chuideacht an
meas atá ag na daoinibh orra féin go mór.



Eanair 6. — An lá ar n-a bhárach, do thugadar
amach mé i rian-chárr do bhroinn uachtarán na
líne orm, le mo thabhairt ar fud na cathrach i
n-éinfeacht le sgór, nó mar sin, de na daoinibh
is measamhla imeasg na nÉireannach. Do
labhair mé san oidhche i láthair níos mó 'ná dhá
mhíle daoine ins an halla budh mheasa ar
labhair mé ann fós. Do bhí na daoine 'na
suidhe ar bhinnseachaibh ar aon chothrom liom
féin, agus ní raibh mise árduighthe go ceart os a
gcionn. An binnse do b'fhuide amach uaim,
dar liom-sa, do bhí sé leath-chéad slat uaim.
Do labhair mé — nó, b'fhearr a rádh, do liúigh,
do bhéic, do ghéim, do sgread mé — ar feadh
níos mó 'ná dhá uair, agus annsin, nuair bhí mo
ghuth bocht briste thar fóir, mar shaoil mé,
d'fhág mé an chathair agus chuaidh mé ar bord an
traen go Chicago i n-uair an mheadhon-oidhche.



Eanair 7. — Ráinig mé Chicago an lá ar n-a
bhárach, agus mé claoidhte cráidhte. Acht tógadh
mo chroidhe ionnam nuair chonnaic mé an sluagh
do bhí romham san tráthnóna ins an Auditorium
— an halla is mó san gcathair, lán. Bhí i bhfad
níos mó 'ná trí míle duine ann, agus ní raibh aon
duine aca nár íoc ó sé sginnleacaibh go dtí
dhá sgillinn ar son teachta isteach. Bhí an tÁrd-
easbog Mac Uí Choigligh ins an gcathaoir, agus
nuair bhí m'óráid féin críochnuighthe, d'éirigh
Mac Uí Dhuinn, maor na cathrach, agus d'iarr sé
ar na daoinibh congnamh do thabhairt dam. Do
cruinnigheadh i gceathramhadh uair (nó do
gealladh dam) 3,800 dollar. Ní raibh mo ghuth
chomh briste agus bhí eagla orm é a bheith tar éis
na hoidhche roimhe sin i bPittsburg.



Eanair 8. — Chaith mé an lá ag caint leis na
teachtairibh do tháinig ó na páipearaibh ag
iarraidh fios do bhaint asam i dtaoibh an
Chonnartha i nÉirinn, agus thógadar dealbh-gréine
dhíom fá dhó nó fá trí.



Eanair 9. — Chuaidh mé go Milwaukee i Státa
Wisconsin, cathair a bhfuil níos mó 'ná leath
de na daoinibh atá ann 'na nGearmánaigh.
Tháinig Uachtarán an Státa, Lochlannach ó'n
Ioruaidh, agus an tÁrd-easbog Mermer, as
Helbhetia, go dtí an cruinniughadh san tráth-
nóna, 'n áit a raibh suas le hocht gcéad
daoinibh.



Eanair 10. — Tháinig mé ar ais ó Mil-
waukee agus labhair mé san tráthnóna ar feadh
uaire agus ceathramha i láthair an Twentieth
Century Club, Chicago, cumann a bhfuil na
daoine is measamhla agus is liotardha sa gcathair
ann. Bronnadar cláirseach mhór déanta d'iol-
bhláthaibh orm.



Eanair 11. — Chuaidh mé go dinéir ag an
Union League Club, an club is fearr (deir
siad) dá bhfuil san iarthar. Barraidheach
ainm an te do thug an dinéir dham. Daoine
móra ar fad do bhí i láthair, agus thug gach aon
aca óráid uaidh, tar éis am dinéir, ar nós na
nAmericánach. Is dóigh nach raibh mo chaint
féin gan éifeacht, óir do gheall an Loingseach,
uachtarán ar cheann de na bancannaibh is mó
d'á bhfuil san tír seo, cúig chéad dollar dham
tar éis an dinéir.



Eanair 12. — Chuaidh mé go hOllsgoil
Chicago san tráthnóna agus thug mé caint uaim i
láthair ocht gcéad de na mic-léighin agus de'n
lucht-oideachais. Bheith níos mó daoine ann
acht go bhfuair Uachtarán na hOll-sgoile
(Harpur a ainm) bás lá nó dhó roimhe sin.
Chaith mé an oidhche chéadna le Mac Uí Néill, do
bhí 'na Uachtarán ar Chonstáblaibh Chicago.
Bhí cuid de lucht rinnce, lucht bheidhlín, lucht
píobaí agus daoine eile 'na thimchioll. Shaoil mé
gur san mbaile arís do bhí mé!



Eanair 13. — Do thug mé an dara leictúir
uaim ar shean-sgéaltaibh na hÉireann san Oll-
sgoil, ó 11-15 ar maidin go dtí 12-45. Agus
is ar éigin do bhí mé réidh leis nuair


L. 06


fuaduigheadh mé go dtí luinnse nó dinéir
ag an Sherman House do thug an Cumann
Carthanais Éireannach dam. Bhí suas le deich
ndaoine is trí fichid ag an mbord. Bhí mórán
cainte againn agus óráideacha. Nuair bhí mé réidh
leis an dinéar b'éigin dam dul ar bord an
traen le dul go Cleveland, Ohio, aistear naoi
n-uair uaim.



Eanair 14. — Ráinig mé Cleveland ar maidin
agus thug mé óráid uaim san tráthnóna i láthair
ocht gcéad daoine ins an amharclann. Bhí an
t-easbog 'n-a uachtarán agus nuair iarradh airgead
orra thugadar sé chéad dollar do'n chúis.



Eanair 15. — Chaith mé an lá ag agallamh leis
na daoinibh do tháinig ar mo thóir, agus níor ghann
iad. D'ith mé dinéar san tráthnóna leis an
Athar Mac hÉil, atá gaolach le sean-Árd-
Easbog Thuama, agus le seisear nó le móir-
sheisear sagart eile.



Eanair 16. — Chuaidh mé ar cuairt go dtí an
t-easbog ar maidin. Gearmánach is eadh é
acht thuig sé cúis na hÉireann go cruinn, agus
thug sé leith-chéad dollar dham. As sin chuaidh
mé ar bord an traen le dul go hOberlin,
aistear fada. Ráinig mé Oberlin, Ohio, san
tráthnóna, agus labhair mé le seacht gcéad de
mhacaibh-léighinn agus de lucht-oideachais an
choláiste agus chuir mé fúm an oidhche sin i dtigh
uachtaráin an choláiste do bhí an charthannach.



Eanair 17. — Ráinig mé Columbus, príomh-
bhaile Ohio, tar éis aistir fhada ar an traen.
Bhí cruinniughadh breágh agam san amharclann,
níor mó ná míle daoine. Thug Uachtarán
Choláiste an Státa aoidheacht dam an oidhche
sin. Éireannach do bhí ann. Mac Tomáis a
ainm.



Eanair 18. — Thug Mac Tomáis dinéar i
n-onóir dham, agus bhí an t-Easbog agus seisear nó
mór-sheisear do príomh-chathruightheóiribh an
bhaile mhóir i láthair. Chaith mé cuid de'n
tráthnóna le Mac Uí Chearbhshúil atá 'n-a Ard-
Rúnaidhe do'n A.O.H. i nAmerica. Chuaidh mé
san oidhche ar an traen go hIndianopolis,
príomh-chathair Indiana.



Eanair 20. — Ó'n 2 go dtí a 5.30 san tráth-
nóna do bhí mé ag fleidh do tugadh i n-onóir
dham san tigh-ósta. Annsin chuaidh mé amach ar
cuairt go Whitcomb Riley, príomh-fhile an
Státa so. Chuir seisean pósae mór de rósaibh
chugam, agus thug mise dhó-san, mar mhalairt,
cláirseach mhór de bhláthannaibh cumhartha do
bhronnadh orm aréir. Dubhairt mé leis nach
raibh aon duine san gcathair d'fhéadfadh seinm
uirri acht é féin! Do labhair mé san oidhche
ar feadh uaire go leith ar shean-sgéaltaibh na
hÉireann, ag an Athenaeum Club. Na daone
budh mhó léighinn san gcathair idir fearaibh agus
mnáibh deagh-ghléasta do bhí i láthair. Thugadar
“reception” dam 'na dhiaidh sin agus rud le
n-ithe.



Eanair 23. — D'fhág mé Indianapolis i n-aghaidh
mo chos, óir bhí na Gaedhil is fearr ann d'ar
casadh orm fós, agus chuaidh mé aistear fada go
dtí Cincinnati, Ohio, baile a bhfuil 400,000
daoine ann, agus trí ceathramhna díobh 'na nGear-
mánaigh. Bhí cruinniughadh an-mhór againn san
tráthnóna timcheall dhá mhíle duine, agus bhí cuid
de na Gearmánaigh i láthair. Labhair mé ar
feadh dhá uair, agus níor dhearmad mé na Gear-
mánaigh do mholadh ar son a ndearnadar i
dtaoibh na Gaedhilge. Bhí bualadh mór bos nuair
labhair mé ar Kuno Meyer.



Eanair 22. — Fuair mé cuireadh le dul i
láthair an Chamber of Commerce agus rinne mé
cainnt (cuid de i nGearmáinis) leis na
daoinibh annsin. Chuaidh mé tar éis sin go
dtí an Oll-sgoil agus chaith me tamnall leo.
Tugadh “reception” dam ann. Annsin chuaidh
mé go dinéar do tugadh i m'onóir dham ag an
tigh-ósta, agus rinne mé cainnt eile. B'éigin
dam imtheacht ó'n dinéar le breith ar an traen
do bhí le mo thabhairt do Naomh Lughaidh, nó St.
Louis, asitear dá uair déag.



Eanair 23. — Ráinig mé St. Louis cathair
700,000 daoine, agus fuair mé go raibh an aer 45
grád níos fuaire ann ná mar bhí sé i Cin-
cinnati an lá roimhe sin. Thug mé cainnt uaim
ag an Odeon Theatre i láthair 2,500 daoine.
Bhí an tÁird-Easbog (an tÁrd-Easbog is óige
d'á bhfeacaidh mé riamh, óir níl sé chómh haosta
liom féin) i gceannas an chruinnighthe. Mac
Giolla-Fhionán (nó Glennon i mBéarla) a
ainm. Labhair mé ar feadh dhá uair.



Eanair 24. — D'ith mé dinéar leis an Áird-
Easbog, agus annsin thug mé cainnt uaim i
láthair an “Wednesday Club,” cumann ann
a bhfuil na mná-uaisle is léigheannta san
gcáthair. Bhí 400 aca ann. Labhair mé ar
sgéaluigheacht na hÉireann. Tugadh fleadh
mhór dam san tráthnóna, an fhleadh is mó do
tugadh dam fós. Bhí 94 daoine ann, agus bhí an-
chuid óráideachta tar éis an dinéir. Labhair
an Breitheamh clúdhamhail Ó Néill Riain agus
mórán eile go dtí a haon san oidhche.



Eanair 25. — Tugadh dam luinnse speisialta
'n áit ar casadh orm seisear nó móir-sheisear
de na daoinibh is mó saidhbhreas san gcáthair.
Gearmánaigh do bhí i mbeirt aca, acht dar
liom-sa do thuigeadar-san an chúis níos fearr
ná na hÉireannaigh féin. D'ith mé dinéar leis
an mBreitheamhain Ó Neill Riain, fear a bhfuil
meas mor air annso, agus 'na dhiaidh sin do
labhair mé ag Coláiste na mBráthar Chríost-
amhail ar fhilidheacht na nGaedheal. Bhí cúig nó
sé chéad daoine ann.



Eanair 26. — D'fhág mé St. Louis ar maidin.
Bhí mé ins an traen ar feadh an lae agus ráinig
mé Chicago san oidhche.



Eanair 27. — D'fhág mé Chicago agus chuaidh mé
go South Bend, Indiana. Labhair mé ar
feadh uaire go leith ag Coláiste Naoimh Muire,
agus arís an oidhche cheadna ag Coláiste Notre
Dame i láthair sé céad duine. Bhí mé
tuirseach cráidhte tar éis an dá leictiúr fada
ar mhuin a chéile.



Eanair 28. — Chaith mé an lá san Oll-sgoil
agus labhair mé ag cruinniughadh puiblidhe san
tráthnóna ar feadh uaire agus trí ceathramhna —
an cruinniughadh ba lugha do bhí agam fós.



Eanair 29. — D'fhill mé go Chicago.



Eanair 30. — D'fhág mé Chicago arís agus chuaidh
mé go Madison, Winsconsin. Labhair mé ann
sin i láthair 600 daoine ar shean-sgéaltaibh na
hÉireann agus chuaidh mé ar bord an traen go
Naoimh Poil ar an 2.15 san oidhche, agus an gloine
sé grád faoi zero.



Eanair 31. — Ráinig mé Naomh Pól, Minne-
sota, timhceall an mheadhon lae agus mé un'
trosgadh. Bhí cruinniughadh iongantach agam
san tráthnóna — 2,800 daoine, acht níor íocadar
ar dhul isteach ann. Bhí an tÁrd-Easbog
Ireland i láthair. Labhair mé ar feadh dhá uair.



Feabhra 1. — D'ith mé dinéar leis an Árd
Easbog, agus annsin chuaidh mé go Minneapolis-
Minnesota, agus labhair mé ag cruinniughadh an
mhór. Bhí 3,200 daoine ann ar a laghad, acht
tháinig na daoine isteach gan íoc, agus níor
iarradh aon aigerad orra annso, 'ná ag
Naomh Pol an oidhche roimhe sin. Do ghealladar
go gcruinneóchaidís ar fud na ndaoine, acht is
fearr éan ar láimh ná corr ar chairde.



Feabhra 2. — Tháinig mé ar ais go N. Pól, agus
labhair mé i láthair chruinnighthe mhóir daoine ar
sean-sgéaltaibh na hÉireann. Bhí an tÁrd-
easbog i láthair.



Feabhra 3. — Chuaidh mé ar bord an traen le
dul go Chicago.



Feabhra 4. — Ráinig mé Chicago ar maidin.



Feabhra 5. — Ag fágbháil sláin le mo cháirdibh
i Chicago.



Feabhra 6. — Ar bórd an traen le dul go
hOmaha. Aistear fada.



Feabhra 7. — Rángamar Omaha ar 11 ar
maidin.



Feabhra 8. — Luinse leis an Easbog Dochtúir
Ó Scanaill, Gaedhilgeoir maith ó Chorcaigh, agus
fíor-chara do'n chúis. Cruinniughadh áluinn san
amharclann san tráthnóna, 1,500 daoine ann.
Labhair an t-easbog i nGaedhilg, agus labhair mise
ar feadh dhá uair. Támuid annso go díreach
leath bhealaigh idir an t-oirthear agus an t-iarthar
— i gceart-lár America — agus tá súil agam an
áit seo fhágbháil amárach, agus dul go cáthair San
Proinsiais ar an gcosta.



Mise, fá dheifir,



Do chara,



An Craoibhín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services