Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaoth Aniar
Title
An Ghaoth Aniar
Author(s)
An Connachtach Céasta,
Pen Name
An Connachtach Céasta
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Ghaoth Aniar. An ghaoth aniar Bíonn sí fial Is cuireann sí iasc i liontaibh. Seo rann a dúisigheadh im' aigne um nóin an lá fí dheireadh an tan do shín teachtaire an phuist litir chugam agus aghaidh iasachta uirthi. Ó Iarthar Aim- eirce seoladh í agus ó chomhdhraoi is eadh scaoileadh chugham í. D'aithnigheas soin ar an gcumhdach is ar an láimhscríbhinn agus d'oscluigheas í go prap imshníomhach. I n-earball na litre bhí ainm an Chraoibhín Aoibhinn, agus ós a cionn bhí samhail Sain Frainciscó mar mhaise uirthi. Ba dheas uait cuimhneamh orm- sa, a Chraoibhín Aoibhinn, agus a bhfuil de chúram ort i n-iarthar domhain le tamall, arsa mé liom féin comh luath is bhí an leitir léighte agam. Is iomdha Gaedheal a ghluais thar sáile ó'n chéad lá do bhuail Bréandan cos ar Thuaisceart-Aimeirce. Céad moladh le saothar Chonnartha na Gaedhilge is follus do chách anois gurab iad Bréandan is a lucht lean- amhna ba bhun le Críostaidheacht an Oileán Úir. Dhein Gaedhil a gcion riamh ó shoin ar son a saoirse agus a feabh- suighthe. B'olc an díoghal ar Éireann- achaibh mór-cháile mara gcuirfidhe fáilte rómpa nuair a théid go hAim- eirce ar mhaithe le deagh-ghnó. Agus cuirtear leis. Cuireadh fáilte roimh an Athair Tiobóid Maitiú; ceaduigh- eadh dó teacht i láthair Feise na Stát agus thug Uachtarán na Stát fleadh mhór do dháltaibh na Feise mar onóir do'n Athair Tiobóid agus i gcuma is go dtioc- fadh leo tráthnóna do chaitheamh i bhfochair an mhanaigh dhílis ó Éirinn. Ceaduigheadh do Chaireall Stiobhart Páirneill teacht i láthair Feise na Stát ní ba dhéidheanaighe, agus le fír-dhéidh- eanaighe thug Uachtarán flaitheamhail na Stát fleadh eile uaidh mar onóir do'n Chraoibhín Aoibhinn. Is dícheallaighe an Craoibhín ag obair ar son na hÉireann ó scaoileadh ár dtír é thall 'ná mar d'oibrigh éinne eile dar chuaidh ann roimis, agus ní bréag a rádh gur mó daoine ag fáiltiughadh roimis 'ná mar d'fháiltigh roimh éinne eile aca. Is eol do lucht léighte an CHLAIDHIMH cionnus mar éirigh leis i nOirthear Aimeirce. Ag dul i bhfeabhas siar dó. Mhol páipéartha nuaidheachta an Oirthir a shaothar, agus thug cuid aca airgead uatha ar son na Gaedhilge. Soir siar d'fháiltigh Árdeasbuig is easbuig is cléir na gCaitloiceach roimis agus chabh- ruigheadar leis go flaitheamhail. Mar a chéile le lucht ealadhan agus lucht léighinn. Is é an scéal is déidheanaighe againn ó'n gCraoibhín ná go raibh sé chum óráid do thabhairt uaidh i Lós Angelós mar ar chaith an tAthair Eoghan Ua Gramhnaigh deireadh a shaoghail agus mar a raibh a chnámha i n-a luighe fé'n bhfód nó gur aistrigheadh go hÉirinn iad. Ní miste a rádh gur ar an gCraoibhín a bhí an dubhrón is an truime chroidhe ar shroichint na cathrach iargcúlta soin dó mar gur mór go léir an cion do bhí ag an mbeirt ar a chéile tráth, cé nár bhaineadar leis an gcreideamh céadna. Acht ní cuirtear spéis i gcúirsaíbh chreidimh i gConnradh na Gaedhilge, agus ní luadhfainn-se annso an cheist mara mbeadh go luadhtar go minic i mball- aibh eile é. Tar éis a bhfuil tuitthe amach ní hiongnadh páipéartha Aim- eirce 'ghá rádh ós árd má tá easaontas idir Catloicigh agus Sasanaigh i nÉirinn nach iad na Catloicigh is bun leis acht gramraisc éadmhar éithigh i dTuais- ceart Éireann agus i gColáiste na Tríonóide gur cuma leo cia bheidh ar lár an fhaid is bheidh féin i n-uachtar. Tá an saoghal soin féin ag dul i ndísc anois míle moladh le lucht cosanta na Gaedhilge. Mar adubhart i dtosach bhí samhail Sain Franciscó mar mhaise ar an litir fuaireas ó'n Craoibhín Aoibhinn i gcomhair na Féile. Is áluinn go léir an chathair í do réir na samhla soin. Ta tighthe bhreaghtha le feicsint thall is i bhfus agus cuid aca dhá roinn déag is breis ar aoirde; brat áluinn Aim- eirce ar crochadh ós a gcionn; agus an fhairrge ghorm-ghlas ag cantan ag a n-imeallaibh, agus comharthaí saidhbhris agus gnótha le feicsint ar gach leith. Ní fuláir nó gur breagh an tsráid í Sráid an Mhargaidh. A leithéid de leithead tá innti, agus an fhaid soir amach go fairrge mar a bhfuil long mhór ar snámh. Acht níl san luing seo i gcom- órtas le deilbh na cathrach acht mar bheadh cailleach bhreac nó cánóg. Badh dhóigh le duine ar chrot na sráide seo go bhfuil aer úr tréan folláin na fairrge le feicsint ag gluaiseacht ó mhuir aníos agus ag scuabadh suarachais agus Galldachais roimis amhail is da mbadh gleo na gcon é agus sionnaigh is frann- caigh, is míola dá gcinéal ag scein- neadh uaidh. Is ró-léir ná mairfeadh Seoinín ná suarachán ná othrach eile i n-aer dá shaghas. Dá bhrígh sin níl a leithéidí le feicsint san gcathair ráth- mhair saidhbhir sin; níl aon ionad ann dóibh; níl aon ghnó ann díobh. Níl aon gnó ann d'éinne acht do dhuine fear- amhail neamhspleádhach, agus táid soin ann go tiugh. Táid saidhbhir raidhseamhail leis. An síntiús flaitheamhail do thug Froinnsias fial Ua Súilleabháin uaidh, deimhnigheann sé go bhfuilid. Tug an deagh-Ghaedheal so suas le dhá chéad go leith púnt airgid, nó tuarastal lae mar adubhairt sé féin, ar son na Gaedhilge. Ní chuirfidh so iongnadh ar éinne dá lucht aithne. Deinid Gaedhil eile amhlaidh. Go dtí so b'iad na daoine ba dhóchaighe chun tuarastal lae do thabh- airt uatha ar mhaithe leis an nGaedhilg 'ná na daoine bhíodh ag dian-obair de ló is d'oidhche ar a son. Iad so nár thug uair an chluig riamh ag obair ar son na teangan badh mhithid dóibh tos- nughadh agus tuarastal lae, nó cuid éigin de, do chur i gCiste na Teangan feasta. Thaisbeáin Froinnsias Ua Súilleabháin do lucht saidhbhris cad is cóir dóibh a dhéanamh ós so amach. Thaisbéain Árdeasbuig is easbuig is cléir Aimeirce dá mbráithribh cad is cóir dóibh a dhéanamh annso. Thais- beáin páipéartha nuaidheachta Aimeirce do lucht an bpáipéar annso cad is oir- eamhnaighe dhóibh a dhéanamh. Mar adubhradh: An ghaoth aniar Bíonn sí fial Is cuireann sí iasc i líontaibh. Acht mar soin féin ní fuláir do gach dream i nÉirinn a gcion do dhéanamh dar dteangan dúthchais ós so amach. Ní bhíonn an ghaoth aniar ag sír- séideadh. An Connachtach Céasta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services