Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaoth Aniar

Title
An Ghaoth Aniar
Author(s)
An Connachtach Céasta,
Pen Name
An Connachtach Céasta
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Ghaoth Aniar.



An ghaoth aniar
Bíonn sí fial
Is cuireann sí iasc i liontaibh.



Seo rann a dúisigheadh im' aigne um
nóin an lá fí dheireadh an tan do shín
teachtaire an phuist litir chugam agus
aghaidh iasachta uirthi. Ó Iarthar Aim-
eirce seoladh í agus ó chomhdhraoi is eadh
scaoileadh chugham í. D'aithnigheas soin
ar an gcumhdach is ar an láimhscríbhinn
agus d'oscluigheas í go prap imshníomhach.
I n-earball na litre bhí ainm an
Chraoibhín Aoibhinn, agus ós a cionn bhí
samhail Sain Frainciscó mar mhaise
uirthi. Ba dheas uait cuimhneamh orm-
sa, a Chraoibhín Aoibhinn, agus a bhfuil de
chúram ort i n-iarthar domhain le
tamall, arsa mé liom féin comh luath
is bhí an leitir léighte agam.



Is iomdha Gaedheal a ghluais thar
sáile ó'n chéad lá do bhuail Bréandan
cos ar Thuaisceart-Aimeirce. Céad
moladh le saothar Chonnartha na
Gaedhilge is follus do chách anois
gurab iad Bréandan is a lucht lean-
amhna ba bhun le Críostaidheacht an
Oileán Úir. Dhein Gaedhil a gcion
riamh ó shoin ar son a saoirse agus a feabh-
suighthe. B'olc an díoghal ar Éireann-
achaibh mór-cháile mara gcuirfidhe
fáilte rómpa nuair a théid go hAim-
eirce ar mhaithe le deagh-ghnó. Agus
cuirtear leis. Cuireadh fáilte roimh
an Athair Tiobóid Maitiú; ceaduigh-
eadh dó teacht i láthair Feise na Stát
agus thug Uachtarán na Stát fleadh mhór
do dháltaibh na Feise mar onóir do'n
Athair Tiobóid agus i gcuma is go dtioc-
fadh leo tráthnóna do chaitheamh i
bhfochair an mhanaigh dhílis ó Éirinn.
Ceaduigheadh do Chaireall Stiobhart
Páirneill teacht i láthair Feise na Stát
ní ba dhéidheanaighe, agus le fír-dhéidh-
eanaighe thug Uachtarán flaitheamhail na
Stát fleadh eile uaidh mar onóir do'n
Chraoibhín Aoibhinn. Is dícheallaighe an
Craoibhín ag obair ar son na hÉireann
ó scaoileadh ár dtír é thall 'ná mar
d'oibrigh éinne eile dar chuaidh ann
roimis, agus ní bréag a rádh gur mó
daoine ag fáiltiughadh roimis 'ná mar
d'fháiltigh roimh éinne eile aca.



Is eol do lucht léighte an CHLAIDHIMH
cionnus mar éirigh leis i nOirthear
Aimeirce. Ag dul i bhfeabhas siar dó.
Mhol páipéartha nuaidheachta an Oirthir
a shaothar, agus thug cuid aca airgead
uatha ar son na Gaedhilge. Soir siar
d'fháiltigh Árdeasbuig is easbuig is
cléir na gCaitloiceach roimis agus chabh-
ruigheadar leis go flaitheamhail. Mar
a chéile le lucht ealadhan agus lucht léighinn.
Is é an scéal is déidheanaighe againn
ó'n gCraoibhín ná go raibh sé chum
óráid do thabhairt uaidh i Lós Angelós
mar ar chaith an tAthair Eoghan Ua
Gramhnaigh deireadh a shaoghail agus mar a
raibh a chnámha i n-a luighe fé'n bhfód nó
gur aistrigheadh go hÉirinn iad. Ní
miste a rádh gur ar an gCraoibhín a bhí
an dubhrón is an truime chroidhe ar
shroichint na cathrach iargcúlta soin dó
mar gur mór go léir an cion do bhí
ag an mbeirt ar a chéile tráth, cé nár
bhaineadar leis an gcreideamh céadna.
Acht ní cuirtear spéis i gcúirsaíbh
chreidimh i gConnradh na Gaedhilge, agus
ní luadhfainn-se annso an cheist mara
mbeadh go luadhtar go minic i mball-
aibh eile é. Tar éis a bhfuil tuitthe
amach ní hiongnadh páipéartha Aim-
eirce 'ghá rádh ós árd má tá easaontas
idir Catloicigh agus Sasanaigh i nÉirinn
nach iad na Catloicigh is bun leis acht
gramraisc éadmhar éithigh i dTuais-
ceart Éireann agus i gColáiste na
Tríonóide gur cuma leo cia bheidh ar
lár an fhaid is bheidh féin i n-uachtar. Tá
an saoghal soin féin ag dul i ndísc
anois míle moladh le lucht cosanta
na Gaedhilge.



Mar adubhart i dtosach bhí samhail
Sain Franciscó mar mhaise ar an
litir fuaireas ó'n Craoibhín Aoibhinn
i gcomhair na Féile. Is áluinn go léir
an chathair í do réir na samhla soin.
Ta tighthe bhreaghtha le feicsint thall is
i bhfus agus cuid aca dhá roinn déag is
breis ar aoirde; brat áluinn Aim-
eirce ar crochadh ós a gcionn; agus an
fhairrge ghorm-ghlas ag cantan ag a
n-imeallaibh, agus comharthaí saidhbhris agus
gnótha le feicsint ar gach leith. Ní
fuláir nó gur breagh an tsráid í
Sráid an Mhargaidh. A leithéid de
leithead tá innti, agus an fhaid soir amach
go fairrge mar a bhfuil long mhór ar
snámh. Acht níl san luing seo i gcom-
órtas le deilbh na cathrach acht mar
bheadh cailleach bhreac nó cánóg. Badh
dhóigh le duine ar chrot na sráide seo
go bhfuil aer úr tréan folláin na
fairrge le feicsint ag gluaiseacht ó
mhuir aníos agus ag scuabadh suarachais agus
Galldachais roimis amhail is da mbadh
gleo na gcon é agus sionnaigh is frann-
caigh, is míola dá gcinéal ag scein-
neadh uaidh. Is ró-léir ná mairfeadh
Seoinín ná suarachán ná othrach eile i
n-aer dá shaghas. Dá bhrígh sin níl a
leithéidí le feicsint san gcathair ráth-
mhair saidhbhir sin; níl aon ionad ann
dóibh; níl aon ghnó ann díobh. Níl aon
gnó ann d'éinne acht do dhuine fear-
amhail neamhspleádhach, agus táid soin ann
go tiugh. Táid saidhbhir raidhseamhail
leis. An síntiús flaitheamhail do thug
Froinnsias fial Ua Súilleabháin uaidh,
deimhnigheann sé go bhfuilid. Tug an
deagh-Ghaedheal so suas le dhá chéad go
leith púnt airgid, nó tuarastal lae
mar adubhairt sé féin, ar son na
Gaedhilge. Ní chuirfidh so iongnadh
ar éinne dá lucht aithne. Deinid
Gaedhil eile amhlaidh.



Go dtí so b'iad na daoine ba
dhóchaighe chun tuarastal lae do thabh-
airt uatha ar mhaithe leis an nGaedhilg
'ná na daoine bhíodh ag dian-obair de
ló is d'oidhche ar a son. Iad so nár
thug uair an chluig riamh ag obair ar
son na teangan badh mhithid dóibh tos-
nughadh agus tuarastal lae, nó cuid éigin
de, do chur i gCiste na Teangan
feasta. Thaisbeáin Froinnsias Ua
Súilleabháin do lucht saidhbhris cad is
cóir dóibh a dhéanamh ós so amach.
Thaisbéain Árdeasbuig is easbuig is
cléir Aimeirce dá mbráithribh cad is
cóir dóibh a dhéanamh annso. Thais-
beáin páipéartha nuaidheachta Aimeirce
do lucht an bpáipéar annso cad is oir-
eamhnaighe dhóibh a dhéanamh. Mar
adubhradh:



An ghaoth aniar
Bíonn sí fial
Is cuireann sí iasc i líontaibh.



Acht mar soin féin ní fuláir do gach
dream i nÉirinn a gcion do dhéanamh
dar dteangan dúthchais ós so amach.
Ní bhíonn an ghaoth aniar ag sír-
séideadh.



An Connachtach Céasta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services