Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Buaidh Phádraig
Title
Buaidh Phádraig
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 24, 1906. Buaidh Phádraig Nuair las Pádraig teine na Cásga ar Chnoc Sláinghe; d'fháistnigh draoi áirithe dá raibh i bhfochair Laoghaire i dTeamhraigh, muna múchtaoi an teine an oidhche sin, nach múchfaidhe go bráth i nÉirinn í, agus nach gcuirfidhe fá chois go deo an fear d'fhaduigh í. Níor múchadh an teine an oidhche sin, agus níor múchadh fós í. Níor cuireadh Pádraig fá chois i nÉirinn fós. Bhí tráth ann, agus bhí an teine ag dul i n-éag. Is fíor nach dtáinig meath ar chreideamh Phádraig riamh. Acht tháinig meath ar theangaidh Phádraig. Tháinig meath ar na tréithibh a bhain do Ghaedh- ealaibh i n-aimsir Phádraig. Tháinig meath ar an saoghal áluinn Gaedhealach do bhí i nÉirinn roimh theacht do Phádraig agus do mhair ar feadh tuilleadh agus míle bliadhain i n-a dhiaidh. Bhí clú Phádraig féin ag dul ar gcúl i measg Gaedheal. Bhí Pádraig agus saoghal Phádraig dá gcur fá chois. Acht tháinig atharrughadh eile le n-ár linn féin. Tá clú Phádraig dá sgaipeadh i measg Gaedheal arís. Tá teanga Phádraig ag teacht i réim arís. Tá saoghal Phádraig ag casadh orainn arís. Cia cheapfadh deich mbliadhna, ní headh, acht cúig bliadhna ó shoin, go mbeadh seanmóirí Gaedhilge dá dtabhairt i nÁrd-Teampallaibh na hÉireann idir Gaedhealach agus Gallda díobh, san mbliadhan seo a 1906; go mbeadh buidhne cóirighthe ag siubhal na sráideann, ceol dá spreagadh aca agus bratacha sgaoilte le gaoith aca, i n-ómós do Lá Fhéile Phádraig; go mbeadh cruinnighthe de Ghaedhealaibh in gach áit fá'n domhan 'n-a bhfuil Gaedhil le fágháil ag sollamhnughadh na Féile sin, agus gurab í an teanga bheadh le cloistin ar na cruinnighthibh sin acht teanga Phádraig féin? Sin mar atá, a cháirde! Teanga Phádraig dá haithbheodhchaint 'n-ár measg; ainm Phádraig fá mheas arís againn, saoghal Phádraig ag casadh orainn. A bhuidheachas soin le Dia!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services