Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Buaidh Phádraig

Title
Buaidh Phádraig
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Márta 24, 1906.



Buaidh Phádraig



Nuair las Pádraig teine na Cásga
ar Chnoc Sláinghe; d'fháistnigh draoi
áirithe dá raibh i bhfochair Laoghaire i
dTeamhraigh, muna múchtaoi an teine
an oidhche sin, nach múchfaidhe go bráth i
nÉirinn í, agus nach gcuirfidhe fá chois go
deo an fear d'fhaduigh í.



Níor múchadh an teine an oidhche sin,
agus níor múchadh fós í. Níor cuireadh
Pádraig fá chois i nÉirinn fós. Bhí
tráth ann, agus bhí an teine ag dul i
n-éag. Is fíor nach dtáinig meath ar
chreideamh Phádraig riamh. Acht tháinig
meath ar theangaidh Phádraig. Tháinig
meath ar na tréithibh a bhain do Ghaedh-
ealaibh i n-aimsir Phádraig. Tháinig
meath ar an saoghal áluinn Gaedhealach
do bhí i nÉirinn roimh theacht do
Phádraig agus do mhair ar feadh tuilleadh
agus míle bliadhain i n-a dhiaidh. Bhí clú
Phádraig féin ag dul ar gcúl i measg
Gaedheal. Bhí Pádraig agus saoghal
Phádraig dá gcur fá chois.



Acht tháinig atharrughadh eile le n-ár
linn féin. Tá clú Phádraig dá
sgaipeadh i measg Gaedheal arís. Tá
teanga Phádraig ag teacht i réim
arís. Tá saoghal Phádraig ag casadh
orainn arís.



Cia cheapfadh deich mbliadhna, ní
headh, acht cúig bliadhna ó shoin, go
mbeadh seanmóirí Gaedhilge dá
dtabhairt i nÁrd-Teampallaibh na
hÉireann idir Gaedhealach agus Gallda
díobh, san mbliadhan seo a 1906; go
mbeadh buidhne cóirighthe ag siubhal na
sráideann, ceol dá spreagadh aca agus
bratacha sgaoilte le gaoith aca, i
n-ómós do Lá Fhéile Phádraig; go
mbeadh cruinnighthe de Ghaedhealaibh in
gach áit fá'n domhan 'n-a bhfuil
Gaedhil le fágháil ag sollamhnughadh
na Féile sin, agus gurab í an teanga
bheadh le cloistin ar na cruinnighthibh
sin acht teanga Phádraig féin? Sin
mar atá, a cháirde! Teanga Phádraig
dá haithbheodhchaint 'n-ár measg; ainm
Phádraig fá mheas arís againn,
saoghal Phádraig ag casadh orainn.
A bhuidheachas soin le Dia!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services