Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duilleachán an Oireachtais - Móra dhuit, a thír ár ndúthchais!
Title
Duilleachán an Oireachtais - Móra dhuit, a thír ár ndúthchais!
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Cuimín Ó Cualáin
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Duilleachán an Oireachtais Móra dhuit, a thír ár ndúthchais! Móra dhuit, a thír ár ndúthchais! Dia dod' sheoladh slán! Mochean dod' bheannaibh borba! Mochean dod' leathan-lochaibh! Mochean dod' aibhnibh is dod' easaibh, Dod' mhóintibh is dod' mhághaibh! Is móra dhuit, a thír ár ndúthchais! Go mairir-se go bráth! Móra dhuit, a áitreabh éigse! Dia dod' sheoladh slán! Aoibhinn ceol do chláirseach, Aoibhinn glór do shámh-chrot, Aoibhinn do sgéalta is do dhréachta Dá síor-ghabhail ag báird! Is móra dhuit, a áitreabh éigse! Go mairir-se go bráth! Móra dhuit, a bhuime laochraidhe! Dia dod' sheoladh slán! Ag cosaint chlú is oinigh, Ag cosaint chrú do chloinne, Ag cosaint Chirt ar éigean Nirt, Níor stríocais fós do námhaid! Is móra dhuit, a bhuime laochraidhe! Go mairir-se go bráth! Móra dhuit, a thír ár ndúthchais! Dia dod' sheoladh slán! An fhaid 's is buan do bheanna, An fhaid 's ghluaiseas d'aibhne, An fhaid 's mhairfeas féar is fearann, Ní stadfam ó do ghrádh! Is móra dhuit, a thír ár ndúthchais! Dia dod' sheoladh slán! Cuimín Ó Cualáin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services