Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duilleachán an Oireachtais - Móra dhuit, a thír ár ndúthchais!

Title
Duilleachán an Oireachtais - Móra dhuit, a thír ár ndúthchais!
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Cuimín Ó Cualáin
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Duilleachán an Oireachtais



Móra dhuit, a thír ár ndúthchais!



Móra dhuit, a thír ár ndúthchais!
Dia dod' sheoladh slán!
Mochean dod' bheannaibh borba!
Mochean dod' leathan-lochaibh!
Mochean dod' aibhnibh is dod' easaibh,
Dod' mhóintibh is dod' mhághaibh!
Is móra dhuit, a thír ár ndúthchais!
Go mairir-se go bráth!



Móra dhuit, a áitreabh éigse!
Dia dod' sheoladh slán!
Aoibhinn ceol do chláirseach,
Aoibhinn glór do shámh-chrot,
Aoibhinn do sgéalta is do dhréachta
Dá síor-ghabhail ag báird!
Is móra dhuit, a áitreabh éigse!
Go mairir-se go bráth!



Móra dhuit, a bhuime laochraidhe!
Dia dod' sheoladh slán!
Ag cosaint chlú is oinigh,
Ag cosaint chrú do chloinne,
Ag cosaint Chirt ar éigean Nirt,
Níor stríocais fós do námhaid!
Is móra dhuit, a bhuime laochraidhe!
Go mairir-se go bráth!



Móra dhuit, a thír ár ndúthchais!
Dia dod' sheoladh slán!
An fhaid 's is buan do bheanna,
An fhaid 's ghluaiseas d'aibhne,
An fhaid 's mhairfeas féar is fearann,
Ní stadfam ó do ghrádh!
Is móra dhuit, a thír ár ndúthchais!
Dia dod' sheoladh slán!



Cuimín Ó Cualáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services