Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duilleachán an Oireachtais - An Peann
Title
Duilleachán an Oireachtais - An Peann
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Duilleachán an Oireachtais An Peann An té dubhairt gur cumhachtaighe peann 'ná claidheamh bhí ciall aige. Is minic do mheath an claidheamh, acht níor mheath an peann riamh. Thabharfá a bhfeacaidh do shúil riamh a bheith ar ghualainn Aodha Uí Néill ag Béal Átha Buidhe agus claidheamh id' dhorn agat. Ní thabharfainn pinginn ruadh ar pheann sa luach, mar nách bhfuil ann acht uirlis bodaigh, adeir cách, agus, dá réir sin, is cumhachtaighe an claidheamh ná an peann. Go réidh, adeir an peann: dhúisigh gáir an chatha úd an macalla le héirghe gréine agus shil drúcht an tráthnóna anuas ar chorp- aibh agus chaith Éire uaithi cuing a dhaoir- seachta, mar bhí breac-sholus an lae ag gabháil andeas, acht ní raibh ann acht bréag-sholus, agus bhailigh an doirch- eacht arís, mar nách raibh an peann ag obair. Stracann is pollann is gearrann an claidheamh — brúigheann is bascann is réabann an claidheamh; acht ní fhuil ann acht fothram gan toradh is fuinn- eamh gan chéill ar nós tairbh fiadháin buile ag briseadh thré phobal le hadh- arc is crúb go mbuailtear fá cheann- rach é is tógthar chum na tuagha é. Acht an peann — an rud beag suar- ach le féachaint air — a bheireann 'n-a ghob leis sonas na dtíortha is séan na sluaighte, a ghríosuigheann chum macht- naimh iad, a chosnuigheann ar an namhaid iad, a stiúruigheann iad, a léirigheann i gcaradas iad! Bhuadhfaidhe ar an gclaidhmheach dá thréine é agus dá fheabhas a cheart, acht ní fhuil sé i gcumas éinne buadhacht- aint ar an bpeann, mar is é bun- préamh gach saoirseacht dá bhfuil ar domhan é. Bíodh tioránaigh na cruinne i gcoinnibh an phinn cisfidh an peann ortha, mar is cosmhail a neart le ciúineas is sostas na linnte lána. Is amhlaidh mar do mhilleann is chaitheann an linn port na habhann, cuimileann sí dhe is tógann sí léi smut de, acht má bhíonn cuid de'n phort ró-chruaidh do'n linn, éaluigheann sí isteach fé go bhfaghann ball lag bog ann, rómharann sí thríd an mball soin agus fá dheireadh tógann sí léi ar a druim an port 's a chuid cloch is préamhacha is déineann brúsgar is pluda dhe. Mo chumann chugat, a phinn, do dhruideann gach ualach as an tslighe, dá thruime é, do thugann misneach do'n bhfear lag is do'n bhaintreabhaigh, do labharann go dán leis an mbuanna is an fear croidhe-cloicheach, do throid- eann leis an bhfear mborb is do shileann nimh air do théidheann go smior ann. Leigeann an tioránach air gur beag é a bheann ar an bpeann. Do b'fhearr leis an claidheamh mar bíonn claidheamh aige féin, acht ní maith leis an peann 'n-a choinnibh mar baintear na cosa uaidh luath nó mall má bhíonn ciall is acfuinn ag stiúrughadh an phinn. Mo lán-chumainn tú, a phinn, do chuireann smaointe i n-intinn dhaoine is dóchas 'n-a gcroidhe, do bheireann leat ar do ghob braon meala dod' charaid is blaise fingéir dod' namhaid, — cuirimís fáilte romhat mar is mó tábhacht tú 'ná an claidheamh. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services