Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duilleachán an Oireachtais - An Peann

Title
Duilleachán an Oireachtais - An Peann
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Duilleachán an Oireachtais



An Peann



An té dubhairt gur cumhachtaighe
peann 'ná claidheamh bhí ciall aige. Is
minic do mheath an claidheamh, acht
níor mheath an peann riamh.



Thabharfá a bhfeacaidh do shúil riamh
a bheith ar ghualainn Aodha Uí Néill ag
Béal Átha Buidhe agus claidheamh id' dhorn
agat. Ní thabharfainn pinginn ruadh
ar pheann sa luach, mar nách bhfuil ann
acht uirlis bodaigh, adeir cách, agus, dá
réir sin, is cumhachtaighe an claidheamh
ná an peann. Go réidh, adeir an
peann: dhúisigh gáir an chatha úd an
macalla le héirghe gréine agus shil
drúcht an tráthnóna anuas ar chorp-
aibh agus chaith Éire uaithi cuing a dhaoir-
seachta, mar bhí breac-sholus an lae
ag gabháil andeas, acht ní raibh ann
acht bréag-sholus, agus bhailigh an doirch-
eacht arís, mar nách raibh an peann ag
obair.



Stracann is pollann is gearrann
an claidheamh — brúigheann is bascann
is réabann an claidheamh; acht ní fhuil
ann acht fothram gan toradh is fuinn-
eamh gan chéill ar nós tairbh fiadháin
buile ag briseadh thré phobal le hadh-
arc is crúb go mbuailtear fá cheann-
rach é is tógthar chum na tuagha é.



Acht an peann — an rud beag suar-
ach le féachaint air — a bheireann 'n-a
ghob leis sonas na dtíortha is séan na
sluaighte, a ghríosuigheann chum macht-
naimh iad, a chosnuigheann ar an
namhaid iad, a stiúruigheann iad, a
léirigheann i gcaradas iad!



Bhuadhfaidhe ar an gclaidhmheach dá
thréine é agus dá fheabhas a cheart, acht
ní fhuil sé i gcumas éinne buadhacht-
aint ar an bpeann, mar is é bun-
préamh gach saoirseacht dá bhfuil ar
domhan é. Bíodh tioránaigh na cruinne
i gcoinnibh an phinn cisfidh an peann
ortha, mar is cosmhail a neart le
ciúineas is sostas na linnte lána.
Is amhlaidh mar do mhilleann is chaitheann
an linn port na habhann, cuimileann
sí dhe is tógann sí léi smut de, acht
má bhíonn cuid de'n phort ró-chruaidh
do'n linn, éaluigheann sí isteach fé
go bhfaghann ball lag bog ann,
rómharann sí thríd an mball soin agus fá
dheireadh tógann sí léi ar a druim an
port 's a chuid cloch is préamhacha is
déineann brúsgar is pluda dhe.



Mo chumann chugat, a phinn, do
dhruideann gach ualach as an tslighe,
dá thruime é, do thugann misneach
do'n bhfear lag is do'n bhaintreabhaigh,
do labharann go dán leis an mbuanna
is an fear croidhe-cloicheach, do throid-
eann leis an bhfear mborb is do
shileann nimh air do théidheann go smior
ann.



Leigeann an tioránach air gur beag
é a bheann ar an bpeann. Do b'fhearr
leis an claidheamh mar bíonn claidheamh
aige féin, acht ní maith leis an peann
'n-a choinnibh mar baintear na cosa
uaidh luath nó mall má bhíonn ciall is
acfuinn ag stiúrughadh an phinn.



Mo lán-chumainn tú, a phinn, do
chuireann smaointe i n-intinn dhaoine
is dóchas 'n-a gcroidhe, do bheireann
leat ar do ghob braon meala dod'
charaid is blaise fingéir dod' namhaid,
— cuirimís fáilte romhat mar is mó
tábhacht tú 'ná an claidheamh.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services