Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - Íde Mháire
Title
Guth na mBárd - Íde Mháire
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd. Íde Mháire. Tá cuaichín tagaithe i nÉirinn I bhfearantas Déiseach Mumhan, Stuairín geanamnach gléigeal Do scagadh a tréan-fhuil úir Gur dhual í fairsing á scéidhe amach Ar mhachaire i spéirling dlúith; Go mbuanuighe Athair an Éin-Mhic An peatadh beag glé seo dhúinn! Le háthbhaois racham i n-éinfheacht Go Caladh na Méith-Bhreac suas, Is fáiltí raidfeam 'n-a gcéadthaibh I rannaibh 's i ndréachtaibh suadh Do bháibín cheana na Gaedhealtacht Do tharraing chughainn féin ar cuaird, 'S thar páistíbh flatha na Féinne Go mairidh mo laogh go buan! Is faghaim tréith cheannuis an Naonbhair Do chanadh cois taobh na habhann, Go raghadh fé aiteas le féirín I dteangain na nGaedheal dom' ghamhain; Is gaidhim séan, rath agus réimheas I dtaithneamh Mhic Dé le fonn, Do Mhaighread mhaith is do Shéamus, Go mairid araon a ngreann. AN FÉIRÍN Croidhe na Dáimhe an plannda búidh, Naoidhe na háilne is rogha na Mumhan; Míle fáilte 'on gceanntair rumhat, A Íde Mháire Clanndiolúin. Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services