Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Íde Mháire

Title
Guth na mBárd - Íde Mháire
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Íde Mháire.



Tá cuaichín tagaithe i nÉirinn
I bhfearantas Déiseach Mumhan,
Stuairín geanamnach gléigeal
Do scagadh a tréan-fhuil úir
Gur dhual í fairsing á scéidhe amach
Ar mhachaire i spéirling dlúith;
Go mbuanuighe Athair an Éin-Mhic
An peatadh beag glé seo dhúinn!



Le háthbhaois racham i n-éinfheacht
Go Caladh na Méith-Bhreac suas,
Is fáiltí raidfeam 'n-a gcéadthaibh
I rannaibh 's i ndréachtaibh suadh
Do bháibín cheana na Gaedhealtacht
Do tharraing chughainn féin ar cuaird,
'S thar páistíbh flatha na Féinne
Go mairidh mo laogh go buan!



Is faghaim tréith cheannuis an Naonbhair
Do chanadh cois taobh na habhann,
Go raghadh fé aiteas le féirín
I dteangain na nGaedheal dom'
ghamhain;
Is gaidhim séan, rath agus réimheas
I dtaithneamh Mhic Dé le fonn,
Do Mhaighread mhaith is do Shéamus,
Go mairid araon a ngreann.



AN FÉIRÍN



Croidhe na Dáimhe an plannda búidh,
Naoidhe na háilne is rogha na Mumhan;
Míle fáilte 'on gceanntair rumhat,
A Íde Mháire Clanndiolúin.



Tórna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services