Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cromaidh ar Obair!
Title
Cromaidh ar Obair!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Feabhra 24, 1906. Cromaidh ar Obair! Cromaidh ar obair, a Ghaedheala! Tá Seachtmhain na Gaedhilge chugainn arís — an tseachtmhain is mó saothar agus is déine cath agus is tubáistighe buillí de'n bhliadhain ar fad. Seachtmhain na gcomh-shiubhal mórdhálach, na gcuirm ceoil sultmhar agus na seanmóirí mbinn. Seachtmhain na nGaedheal. Seachtmhain an dóchais, agus an mhisnigh. Seachtmhain na hoibre. Níl duine ins an gConnradh nach bhfuil a sgar féin de'n obair le déanamh aige. Sinne i mBaile Átha Cliath, tá obair fá leith ag gach duine againn. Tá ar an Árd-Rúnaidhe an gnó ar fad do stiúradh, agus is maith an sás chuige é. Tá ar an gCisteoir an t-airgead do ghlacadh nuair a thiocfas sé isteach, agus é chur i dtaisge go dtí go nglaodhtar air. Tá orainn féin, .i. AN CLAIDHEAMH SOLUIS, ár gcáirde d'fhógairt ar ár náimhdibh, agus cúrsaí an chatha d'fhaisnéis do Ghaedh- ealaibh. Mar sin do gach duine eile. Sibh-se ar fud na tíre, tá bhur gcion féin le déanamh agaibh mar an gcéadna. Duine agaibh ag bailiughadh airgid, duine eile ag riaradh chomh- shiubhail na nGaedheal Lá Fhéile Pádraig, duine eile ag soláthar ceoil agus suilt i gcomhair an tráthnóna, duine eile ag troid i mbearnain an bhaoghail i n-aghaidh na námhad, .i. lucht na dtábhairne. Tá obair roimh gach duine againn. Luighimís isteach leis an obair sin, i n-ainm Dé!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services