Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cromaidh ar Obair!

Title
Cromaidh ar Obair!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Feabhra 24, 1906.



Cromaidh ar Obair!



Cromaidh ar obair, a Ghaedheala!
Tá Seachtmhain na Gaedhilge chugainn
arís — an tseachtmhain is mó saothar agus
is déine cath agus is tubáistighe buillí
de'n bhliadhain ar fad. Seachtmhain na
gcomh-shiubhal mórdhálach, na gcuirm
ceoil sultmhar agus na seanmóirí mbinn.
Seachtmhain na nGaedheal. Seachtmhain
an dóchais, agus an mhisnigh. Seachtmhain
na hoibre.



Níl duine ins an gConnradh nach
bhfuil a sgar féin de'n obair le
déanamh aige. Sinne i mBaile Átha
Cliath, tá obair fá leith ag gach duine
againn. Tá ar an Árd-Rúnaidhe an
gnó ar fad do stiúradh, agus is maith an
sás chuige é. Tá ar an gCisteoir an
t-airgead do ghlacadh nuair a thiocfas
sé isteach, agus é chur i dtaisge go dtí
go nglaodhtar air. Tá orainn féin,
.i. AN CLAIDHEAMH SOLUIS, ár
gcáirde d'fhógairt ar ár náimhdibh, agus
cúrsaí an chatha d'fhaisnéis do Ghaedh-
ealaibh. Mar sin do gach duine eile.



Sibh-se ar fud na tíre, tá bhur
gcion féin le déanamh agaibh mar an
gcéadna. Duine agaibh ag bailiughadh
airgid, duine eile ag riaradh chomh-
shiubhail na nGaedheal Lá Fhéile
Pádraig, duine eile ag soláthar
ceoil agus suilt i gcomhair an tráthnóna,
duine eile ag troid i mbearnain an
bhaoghail i n-aghaidh na námhad, .i. lucht
na dtábhairne.



Tá obair roimh gach duine againn.
Luighimís isteach leis an obair sin, i
n-ainm Dé!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services