Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgaipimís na Leabhra
Title
Sgaipimís na Leabhra
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Feabhra 10, 1906. Sgaipimís na Leabhra. Is minic sinn 'gá áiteamh ar Chonn- rathóiríbh nach bhfuil aon bhealach chomh maith chum na Gaedhilge do bhuanughadh ins na ceanntaraibh Gaedhealacha le leabhraibh agus páipéaraibh Gaedhilge do sgaipeadh ar fud na gceanntar soin. Dá bhféadfaidhe léightheoirí do dhéanamh dá bhfuil de chainnteoiríbh sa tír, bheadh an Ghaedhilg as conn- tabhairt. Is dócha nach féidir léigh- theoirí do dhéanamh de na sean-chainn- teoiríbh cé is móite de dhuine fánach. Acht b'fhurusta léightheoirí do dhéanamh de na daoinibh óga, acht breith ortha i n-am. Tá eolas againn féin ar cheanntar Gaedhealach — is dócha gurab é an paráiste is Gaedhealaighe i nÉirinn é — agus is beag teach sa pharáiste sin nach bhfuil cailín nó buachaill ann a léigheas agus a sgríobhas Gaedhilg. Léightear an CLAIDHEAMH SOLUIS ann cois teineadh tráthnóna; léightear gach leabhar Gaedhilge dá dtagann amach; ní hé sin é amháin, acht tá leabhra ag teacht chugainn ó'n bparáiste féin. Ní caillfear an Ghaedhilg sa bparáiste sin go bráth. Níl an oiread baoghail uirthi is atá ar an mBéarla i Lonndain. Dá dtréigfeadh Éire fré chéile an Ghaedhilg, leanfadh muinntir an phar- áiste sin di. An méid do rinneadh i Ros Muc is féidir é dhéanamh i n-aon pharáiste eile a bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt ann. Níl againn le déanamh acht AN CLAIDHEAMH SOLUIS agus leabhra taith- neamhacha Gaedhilge do sgaipeadh thall is i bhfus. Mar adubhairt an “Bheirt Fhear” le déidheannaighe, níl aon síol chomh maith le síol na leabhar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services